Tá an Chomhairle Mhúinteoireachta ag cur fáilte roimh iarratais ó mhúinteoirí cláraithe chun a gcuid oibre a chur ar taispeáint ag FÉILTE 2015. Beidh FÉILTE ar siúl Dé Sathairn, an 3 Deireadh Fómhair 2015 san RDS, Baile Átha Cliath. Is ócáid í FÉILTE, an Fhéile Oideachais um Barrfheabhas Foghlama agus Teagaisc, ag a ndéantar an mhúinteoireacht a cheiliúradh agus obair múinteoirí a bhíonn ag stiúradh tionscadail foghlama nuálacha a chur ar taispeáint. Tugtar deis ar an lá do mhúinteoirí a gcuid scéalta nuálaíochta a roinnt lena chéile agus a scaipeadh ar an bpobal. Ar an dóigh seo, tacaíonn siad lena chéile agus le tuismitheoirí chun feabhas a chur ar a gcleachtas gairmiúil féin, ar mhaithe le daltaí agus mic léinn.
Seo a leanas na Critéir Roghnúcháin le líon agus raon na dtaispeántas a bheidh ag FÉILTE a chinneadh:
- Beidh ar a laghad beirt mhúinteoirí i gceannas ar gach taispeántas agus ní bheidh níos mó ná triúr i gceannas.
- Léireofar leis an taispeántas fianaise ar nuálaíocht, comhtháthú agus feabhas lena mbeidh raon chomh leathan agus is féidir de pháirtithe leasmhara i gceist - múinteoirí, daltaí, tuismitheoirí, scoileanna sa cheantar, scoileanna as earnálacha eile, daoine ón phobal forleathan etc. Beidh cuireadh chuig FÉILTE ag daoine ón phobal, agus mar sin ba chóir go ndéanfaidh tionscadail FÉILTE na forbairtí den scoth atá á mbaint amach lá i ndiaidh lae sa mhúinteoireacht a chur chun cinn go soiléir do chách, chomh maith leis an mbaint atá ag múinteoireacht mhaith le gach rud a dhéanann muid.
- Rachfar i ngleic le múinteoirí agus lucht an phobail trí dheiseanna a chur ar fáil sna sárthaispeántais chun ceisteanna a chur agus freagraí a thabhairt, chomh maith le seisiúin idirghníomhacha etc.
- In 2015, beidh suim faoi leith ag FÉILTE i dtaispeántais lena léireofar an bealach ina bhfuiltear ag tabhairt aghaidh ar réimsí folláine agus oideachais uileghabhálaigh i scoileanna.
- Tá FÉILTE go mór i bhfách leis an tionchar a bhíonn ag taighde ar mhúinteoireacht agus ar fhoghlaim sa seomra ranga a chur ar taispeáint trí cheardlanna, léirithe agus míreanna vox pop.
- Má bhíonn smaoineamh nua ag aon mhúinteoir agus má bhíonn siad ag cuardach múinteoirí eile chun dul i mbun oibre leo, is féidir leo a moladh a chur isteach mar chuid den ghairm seo. Ag brath ar an leibhéal éilimh agus suime, d’fhéadfadh FÉILTE spás a chruthú ag an ócáid ina bhféadfadh múinteoirí, faoi réir chritéir 1 thuas, cur i láthair a dhéanamh chun daoine eile a fháil le comhoibriú leo. Léirigh go soiléir sa bhosca ‘Cur síos ar an obair’ gurb é sin atá i gceist agat le d’iarratas.
- Ba chóir go bhféachfaidh taispeántais ag FÉILTE le hatmaisféar na hócáide a fheabhsú mar chuid de cheiliúradh na sár-mhúinteoireachta.
Féachfaidh FÉILTE lena chinntiú go mbeidh cothromaíocht ann ó thaobh na tíreolaíochta agus na hearnála de i measc na dtionscadal a roghnófar as áiteanna ar fud na hÉireann agus ar fud na hearnálacha oideachais.
Déanfaidh coiste roghnúcháin measúnú ar na tograí a chuirfear isteach faoin dáta deiridh. Tabhair faoi deara na n-éireofar le gach togra a sheolfar isteach. Má bhíonn aon cheisteanna agat i ndáil leis an bhfoirm seo a chomhlánú, déan teagmháil le feilte2015@greenlightevents.ie
Is é an 5 Márta 2015 an spriocdháta d’aighneachtaí.
Tabhairfaoi deara gur iarratas é seo ar sheastán taispeántais. Má mheasann tú go rachadh ceardlann 45 nóiméad chun tairbhe do dothionscadal, ní mór é sin a léiriú ar an bhfoirm iarratais.
Beidh bord tristéil agus éadach boird, 3 chathaoir, clár do phóstaeir agus cumhacht curtha ar fáil i ngach seastán taispeántais. Déanfar gach aighneacht (lena n-áirítear iarratais ar cheardlanna) a athbhreithniú ag coiste roghnúcháin
Is féidir leat d’iarratas a dhéanamh tríd an bhfoirm seo a chomhlánú