Ní mór do mhúinteoirí cláraithe nár rinneadh grinnfhiosrúchán orthu riamh roimhe tríd an gComhairle Mhúinteoireachta iarratas a dhéanamh ar ghrinnfhiosrúchán mar chuid dá bpróiseas um athnuachan ar chlárúchán. Maidir leis na múinteoirí uile a rinneadh grinnfhiosrúchán orthu roimhe tríd an gComhairle Mhúinteoireachta, beidh litir le toradh grinnfhiosrúcháin GCVU ón gComhairle Mhúinteoireachta (roimh 29 Aibreán 2016) eisithe dóibh nó Nochtadh ón mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (i ndiaidh 29 Aibreán 2016).
Faoi théarmaí an Achta um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (Leanaí agus Daoine Soghonta) 2012-2016, (“na hAchtanna NVB”), ní mór do gach duine atá fostaithe i bpoist ina bhfuil rochtain rialta acu ar leanaí agus daoine soghonta a bheith grinnfhiosraithe ag an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin. Faoi Alt 21 de na hAchtanna NVB, is cion é d’fhostóir múinteoir a fhostú sa chás nach bhfuil iarratas ar ghrinnfhiosrúchán curtha faoi bhráid an Bhiúró ag an múinteoir faoin 31 Nollaig 2017. Tá an Chomhairle Mhúinteoireachta ag cuidiú le grinnfhiosrúchán cúlghabhálach ar mhúinteoirí, a dhéanfar mar chuid den phróiseas um athnuachan ar chlárúchán múinteoirí i gcomhréir le hAlt 33 de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001-2015.