Tá an Chomhairle Mhúinteoireachta ag lorg iarratas don poist seo thíos.
Oifigigh Chléireachais (OCanna)
Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta an comhlacht caighdeáin ghairmiúla don mhúinteoireacht in Éirinn. Is é an phríomhaidhm atá aici ná gairm na múinteoireachta a chur chun cinn agus a railáil. Faoi láthair, tá os cionn 96,000 múinteoir bunscoile, iarbhunscoile agus breisoideachais cláraithe leis an gComhairle. Tá oifigí na Comhairle lonnaithe i gCampas Gnó Maigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara.
Bíonn ról ríthábhachtach ag Oifigigh Chléireachais (OCanna) le raon seribhísí a chur a fáil thar ceann na Comhairle. Tá OCanna fostaithe i líon d'fho-rannóga laistigh de phríomhstruchtúr na heagraíochta - Clárú; Oideachas agus Ionduchtú Tosaigh Múinteoirí; Foghlaim Múinteoirí agus Taighde do Mhúinteoirí; Caighdeáin Ghairmiúla (Feidhmiúlacht chun Múineadh) agus Seirbhísí Corparáideacha.
Tá cuireadh á thabhairt anois ag an gComhairle Mhúinteoireachta d'iarratais a dhéanamh ar Oifigigh Chléireachais. Beidh an OC freagrach go hiondúil d'Oifigeach Feidhmiúcháin nó d'Ardoifigeach Feidhmiúcháin.
Scála Tuarastail: €22,879 - €38,341 (LS12) [amhail ar an 31 Lúnasa 2017 bunaithe ar Ráta Pá Ranníocaíochta Pinsin]
Saoire Bhliantúil: 22 lá ar dtús. Tá fleisc-am ar fáil freisin.
Le haghaidh tuilleadh eolais ar iarratas a dhéanamh téigh chuig:
Is é an data deiridh le hiarratais a fháil ná an 31 Deireadh Fómhair.
Próiseas Iarratais agus Eolas Breise
Bá chóir d'iarratasóirí a bhfuil spéis acu foirm chomhlánaithe a chur isteach chuig recruitment@teachingcouncil.ie. Cliceáil anseo le foirm iarratais a íoslódáil. Tabhair faoi deara le do thoil: Ní dhéanfar ach iarratais amháin a chuirtear isteach ar an bhfoirm iarratais oifigiúil a mheas.
Cliiceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais agus le haghaidh sonraíocht iomlán an phoist, lena n-áirítear na bunriachtanais.