An Múinteoir Cláraithe, (an duine a bhfuil gearán á dhéanamh faoi nó fúithi)

Cad atá le déanamh má dhéantar gearán fút

Cliceáil anseo le rochtain a dhéanamh ar an Leabhrán Eolais -

Cad atá le déanamh má dhéantar gearán fút

Sa leabhrán seo deirtear leat cad atá le déanamh má dhéantar gearán fút. Tá gluais curtha isteach againn chun cuidiú leat na téarmaí tábhachtachta a thuiscint.

 

Cén fáth a ndéanann an Chomhairle Mhúinteoireachta gearáin faoi mhúinteoirí a fhiosrú?

Mar an rialtóir do ghairm na múinteoireachta tá dualgas orainn ó thaobh dlí gearáin a fhiosrú faoi mhúinteoirí atá cláraithe linn. Tá sé seo leagtha amach i gCuid 5 d’Achtanna na Comhairle Múinteoireachta, 2001-2015.

Cé atá in ann gearán a dhéanamh faoi mhúinteoir cláraithe?

Is féidir le duine ar bith, lena n-áirítear baill den phobal, fostóirí agus múinteoirí eile, gearán a dhéanamh faoi mhúinteoir atá cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta ag baint úsáide as an bhfoirm gearán seo. Chomh maith leis sin, is féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta í féin gearán a dhéanamh faoi mhúinteoir cláraithe

Is féidir le múinteoirí agus baill den phobal a sheiceáil an bhfuil múinteoir cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta trí chuardach a dhéanamh ar an gClár.

An féidir gearán a chur isteach gan ainm a thabhairt?

Ní féidir. Le bheith in ann féachaint ar ghearáin, éilítear inár reachtaíocht nach mór dóibh a bheith curtha ar fáil i scríbhinn agus a bheith sínithe.

An gcuirfear in iúl dom maidir le gearán fúm?

Cuirfimid in iúl duit é má fhaighimid gearán fút. Seolfaimid chugat cóip den ghearán, aon doiciméid atá iniata leis, agus aon eolas breise a fhaighimid faoin ngearán le linn phróiseas an ghearáin. Beidh deis agat ráiteas a chur ar fáil i scríbhinn maidir leis an ngearán, agus maidir leis an eolas agus na doiciméid uile a fhaighimid le linn phróiseas an ghearáin

An gá gearán a ardú leis an scoil sular féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta féachaint air?

De ghnáth ní féidir linn gearán a fhiosrú ach amháín má baineadh triail as (nó má tugadh chun críche) nósanna imeachta araíonachta na scoile (arna mbunú faoi alt 24 den Acht Oideachais, 1998)*. An eiseacht leis seo ná ma bhíonn cúiseanna maithe agus leordhóthanacha ann. Áireofar mar chúíseanna maithe agus leordhóthanacha áit a bhfuil leanaí nó daoine fásta soghonta i mbaol díobhála, nó áit a bhféadfaidís a bheith i mbaol díobhála. Déanfaidh ár gCoiste Imscrúdaithe cinneadh an bhfuil cúiseanna maithe agus leordhóthanacha ann le tús a chur leis an imscrúdú láithreach bonn.

* In Alt 28 den Acht Oideachais 1998, éilítear ar an Aire Oideachais agus Scileanna nós imeachta gearán agus nósanna imeachta eile a bhunú do scoláirí agus do thuismitheoirí. Déantar tagairt dó i reachtaíocht na Comhairle Múinteoireachta maidir le feidhmiúlacht chun múineadh. Ach, go dtí seo, níl an t-alt seo curtha i bhfeidhm ag an Aire. Nuair a chuireann an tAire alt 28 i bhfeidhm, de ghnáth ní bheimid in ann gearán a fhiosrú go dtí go mbaintear triail as nósanna imeachta gearán na scoile (arna bhunú faoi alt 28 den Acht Oideachais 1998). An eisceacht air seo ná má chinneann an Coiste Imscrúdaithe go bhfuil cúiseanna maithe agus leordhóthanacha ann le fiosrú a dhéanamh.

.

An gcuirfear in iúl do mo scoil nó fostóir maidir leis an ngearán?

B’fhéidir go lorgódh an Coiste Imscrúdaithe eolas ó do scoil nó ó d’fhostóir mar chuid d’fhiosrú agus d’imscrúdú an ghearáin. Dá bhrí sin, is é is dóichí go mbeidh d’fhostóir an mhúinteora ar an eolas faoi do ghearán.

Chomh maith leis sin, cuirfidh ár gCoiste Imscrúdaithe, a luaithe agus is féidir, in iúl do d’fhostóir más rud é go bhfuil ábhar imní ann go bhfuil nó go bhféadfadh leanaí nó daoine fásta soghonta i mbaol go ndéanfaí díobháil orthu.

Ag an deireadh nuair a dhéanann an Coiste Imscrúdaithe cinneadh maidir leis an ngearán, cuirfear cóip de chinneadh an Choiste Imscrúdaithe ar fáil do d’fhostóir.

Má chinneann an Coiste Imscrúdaithe an gearán a chur ar aghaidh chuig an gCoiste Araíonachta le haghaidh fiosrúcháin, cuirfimid in iúl do d’fhostóir faoi thoradh an fhiosrúcháin.

Cad iad na cineálacha gearán a dhéanann an Chomhairle Mhúinteoireachta a fhiosrú?

Ní féidir linn ach féachaint ar gearáin a bhaineann le múinteoirí cláraithe.

Is féidir linn gearáin a fhiosrú faoi na nithe seo a leanas:

  1. mí-iompar gairmiúil
  2. drochfheidhmíocht ghairmiúil
  3. ag tabhairt faoi iompar atá in aghaidh an Chóid Iompair Ghairmiúil do Mhúinteoirí
  4. gan a bheith ábalta teagasc a dhéanamh ó thaobh na sláinte de
  5. ciontú cúirte de bharr cionta áirithe
  6. mura gcomhlíontar nó má sháraítear foráil d’Achtanna na Comhairle Múinteoireachta 2001-2015, den Acht Oideachais, 1998, den Acht um Leas Oideachais, 2000, den Acht um Boird Oideachais agus Oiliúna, 2013, agus aon rialacháin, rialacha nó orduithe atá déanta faoi na hAchtanna sin
  7. mura gcomhlíontar gealltanas nó mura dtugtar aghaidh ar ghníomh atá sonraithe i dtoiliú atá tugtha do phainéal de Choiste Araíonachta na Comhairle ag fiosrúchán
  8. clárú mícheart mar gheall ar dhearbhú nó mífhaisnéis atá bréagach nó calaoiseach.

Is féidir teacht ar chúiseanna le gearán a dhéanamh in Alt 42 d’Achtanna na Comhairle Múinteoireachta, 2001-2015. (béarla)

Chomh maith leis sin, is féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta í féin gearán a dhéanamh leis an gCoiste Imscrúdaithe i gcásanna áirithe a eascraíonn as na nithe seo a leanas:

  1. eolas atá i nochtadh grinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána a fuair an Chomhairle thar ceann fhostóirí na scoile nó fostóirí féideartha
  2. eolas atá i bhfógra araíonachta ó thír thar lear
  3. eolas a tháinig faoi bhráid na Comhairle cibé acu trí na meáin nó ar bhealach eile.

Bhí dáta thosach feidhme Chuid 5 (Feidhmiúlacht chun Múineadh) na nAchtanna na Comhairle Múinteoireachta, 2001-2015 ar an 25 Iúil 2016. De gnáth ní féidir linn gearáin a fhiosrú ach amháín áít ar tharla na heachtraí a ndearnadh gearán fúthu ar an nó tar éis an 25 Iúil 2016. Le haghaidh gearán maidir le mí-iompar gairmiúil agus le heachtraí a tharla roimh an 25 Iúil 2016, ní féidir leis an gCoiste Imscrúdaithe cinneadh a dhéanamh le leanúínt ar aghaidh ach amháin áit a gcreideann sí:

a) Gurb iompar é an t-iompar a ndearnadh gearán faoi, má chruthaítear é, ina mbeadh cion coiriúil i gceist nuair a tharla sé, agus

b) Gurb é an cineál iompair é go mbeadh ábhar imní bona fide réasúnta ann go bhféadfadh dúshaothrú nó mí-úsáid a dhéanamh ar leanbh nó ar dhuine soghonta go fisiciúil, go gnéasach nó go mothúchánach.

Ní mór gearán tromchúiseach a bheith i gceist leis an ngearán ionas gur féidir lenár gCoiste Imscrúdaithe é a chur ar aghaidh chuig ár gCoiste Araíonachta.

Cad nach féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta a dhéanamh maidir le gearán?

Ní féidir linn:

  1. gearáin a fhiosrú faoi dhuine ar bith nach múinteoir cláraithe é nó í
  2. cúiteamh a íoc leat nó cuidiú leat éileamh a dhéanamh le haghaidh cúitimh
  3. iarraidh ar an scoil nó ar fhostóir an mhúinteora do ghearán a fhiosrú
  4. iarraidh ar fhostóir an mhúinteora labhairt leis an múinteoir
  5. iallach a chur ar an múinteoir leithscéal a ghabháil leat
  6. comhairle dlí nó ghairmiúil a chur ort nó ionadaíocht dlí nó ghairmiúil a dhéanamh duit
  7. iallach a chur ar mhúinteoir rud éigin a dhéanamh duit
  8. aon saincheisteanna atá agat le scoil nó le heagraíocht a réiteach
  9. féachaint ar do ghearáin sula mbaintear triail as (nó sula dtugtar chun críche) nósanna imeachta araíonachta na scoile (arna mbunú faoi alt 24 den Acht Oideachais, 1998) ach amháin má chreideann an Coiste Imscrúdaithe go bhfuil cúiseanna maithe agus leordhóthanacha ann.

An féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta gearán a fhiosrú maidir le rud éigin a tharla lasmuigh d’Éirinn?

Is féidir. Is féidir linn gearáin a fhiosrú faoi eachtraí áirithe a tharla lasmuigh d’Éirinn ar chúiseanna lena n-áirítear mí-iompar gairmiúil, drochfheidhmíocht ghairmiúil agus ciontuithe de bharr cionta áirithe.

An bhféadfadh an gearán a bheith bainteach le hiompar a tharla lasmuigh de mo thréimhse gairme múinteoireachta?

D’fhéadfadh. Is féidir linn breathnú ar ghearáin a bhaineann le hábhair ar leith a bhaineann le hiompar lasmuigh de thréimhse gairme an mhúinteora chláraithe ar nós ciontuithe le haghaidh cionta áirithe, agus áit a bhfuil an t-iompar chomh tromchúiseach sin go dtarraingeofaí míchlú ar an ngairm.

An féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta gearán a fhiosrú maidir le rud éigin a tharla lasmuigh den scoil, le linn mo thréimhse gairme múinteoireachta ?

Is féidir. D’fhéadfadh gearán a rinneadh fút a bheith bainteach le gníomhaíocht ghairmiúil ar bith a bhaineann leis an scoil, nó le haon ghníomhaíocht nó ról ar thug tú faoi mar mhúinteoir cláraithe.

Cad ba chóir dom a dhéanamh nuair a chuirtear in iúl dom faoi ghearán fúm?

B’fhéidir go mbeidh tú ag iarraidh comhairle dlí a fháil nó cuidiú a fháil ó chomhghleacaí, ionadaí ceardchumainn nó ionadaí eile. Ní féidir linn comhairle a chur ort maidir leis an ngearán agus ní íocfaimid cúiteamh leat ar chostas aon ionadaíochta. Baineann sé seo leatsa.

Níor chóir duit an gearán a phlé leis an duine a rinne an gearán. Más rud é gur scoláire nó iarscoláire atá i gceist, níor chóir duit an gearán a phlé leis an scoláire, ná lena t(h)uismitheoirí ná lena c(h)aomhnóirí.

Conas a chuirtear isteach ar mo chlárú de bharr gearáin?

De ghnáth, ní athraíonn do chlárú nuair a fhaighimid gearán fút. Ach, d’fhéadfadh sé athrú má chruthaítear an gearán ag fiosrúchán. Tabhair faoi deara na nithe seo a leanas:

a)      Más gá lena leithéid cúinsí agus más ar mhaithe le leas an phobail a leithéid a dhéanamh, is féidir linn iarraidh ar an Ard-Chúirt do chlárú a chur ar fionraí faoi alt 47 d’Achtanna na Comhairle Múinteoireachta 2001-2015 ar feadh tréimhse ama. De ghnáth tharlódh sé seo go dtí go bhfuilimid críochnaithe ag fiosrú an ghearáin

Is féidir linn an t-iarratas seo d’alt 47 a dhéanamh má cheapaimid gur ar mhaithe leis an bpobal é seo a dhéanamh. Is annamh a dhéantar na hiarratais seo agus ní tharlaíonn siad de ghnáth ach amháin má bhíonn cúis imní mhór ann ó thaobh shábháilteacht an phobail. B’fhéidir go gcuirfear tú ar an eolas agus go dtabharfar cuireadh duit freastal ar chruinniú sula ndéantar cinneadh iarratas a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt.

Má dhéanaimid iarratas chuig an Ard-Chúirt agus má fhaighimid ordú Ard-Chúirte, cuirfimid in iúl duit é láithreach. Ag brath ar théarmaí an ordaithe b’fhéidir go mbeidh ort stopadh ag obair go hiomlán ar bhealach ar leith nó i ról ar leith ar feadh tréimhse ama sonraithe. Cuirfidh an Ard-Chúirt in aon ordú treoir cibé an leanfar ar aghaidh agus tú a íoc nuair atá an t-ordú i bhfeidhm.

b)      Má fhaighimid gearán fút:

  • ní bheidh cead agat tarraingt siar go deonach ó Chlár na Múinteoirí go dtí go bhfuilimid críochnaithe ag féachaint ar an ngearán, agus
  • ní bhainfear tú den Chlár toisc nach ndearna tú iarratas le hathnuachan a dhéanamh ar an gclárú go dtí go bhfuilimid críochnaithe ag féachaint ar an ngearán.

Maidir le próiseas an ghearáin

Nuair a fhaighimid gearán, téann sé chuig Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta ar dtús agus chuig an bhfoireann chuí. Déanfaidh an Stiúrthóir athbhreithniú ar an ngearán agus is féidir leis/léi na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  1. an gearán a dhiúltú mura bhfuil sé i scríbhinn, sínithe, agus in éineacht leis na doiciméid agus leis an eolas ábhartha
  2. an gearán a dhiúltú freisin má cheapann an Stiúrthóir gur gearán neamhthábhachtach nó míréasúnta atá ann, nó ceann a rinneadh go mímhacánta  nó trí mhí-úsáid a bhaint as an bpróiseas, nó
  3. an gearán a chur ar aghaidh chuig an gCoiste Imscrúdaithe, a bhreathnóidh isteach sa ghearán.

Má dhiúltaíonn an Stiúrthóir an gearán, is féidir leis an ngearánach achomharc a dhéanamh ar chinneadh an Stiúrthóra chuig an gCoiste Imscrúdaithe.

Conas a dhéanann an Coiste Imscrúdaithe an gearán a fhiosrú?

Seolfaidh an Coiste Imscrúdaithe cóipeanna den ghearán agus na doiciméid uile a fhaigheann sé a bhaineann leis an ngearán chugat. B’fhéidir go n-iarrfaidh an coiste ort freagra a thabhairt ar an ngearán i scríbhinn.

B’fhéidir go n-iarrfaidh an Coiste Imscrúdaithe ar an duine a rinne an gearán níos mó eolais a sheoladh isteach nó b’fhéidir go n-iarrfaidh sé ar d’fhostóir nó ar an scoil nó aon duine eile iomchuí eolas a sheoladh isteach.

B’fhéidir go lorgóidh an Coiste Imscrúdaithe sainchomhairle nó cuidiú freisin

Má thugtar le fios sa ghearán nach mbeifeá ábalta múineadh ó thaobh na sláinte de, b’fhéidir go n-iarrfaidh an Coiste Imscrúdaithe ort tabhairt faoi scrúdú dochtúra.

Is iad cruinnithe príobháideacha a bhíonn ar siúl ag an gCoiste Imscrúdaithe. Ní bheidh tú i dteideal freastal ar na cruinnithe. Ba chóir caitheamh le gach comhfhreagras agus doiciméad a eisítear chugat agus an gearán á iniúchadh ag an gCoiste Imscrúdaithe mar chomhfhreagras agus doiciméid atá go hiomlán príobháideach agus faoi rún

An mbeadh aon chúiseanna ann nach ndéanfadh an Coiste Imscrúdaithe mo ghearán a fhiosrú?

Ní dhéanfaidh an Coiste Imscrúdaithe do ghearán a fhiosrú más rud é:

  1. nach bhfuil tú cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta
  2. go gcreideann an Coiste Imscrúdaithe nach mbaineann do ghearán le d’fheidhmiúlacht chun múineadh
  3. nár baineadh triail as (nó nár tugadh chun críche) nósanna imeachta araíonachta do scoile (arna mbunú faoi alt 24 den Acht Oideachais, 1998) ach amháin má bhíonn cúiseanna maithe agus leordhóthanacha ann
  4. gur tharla na nithe a ndearnadh gearán fúthu roimh an insert commencement date. Sna cásanna seo, d’fhéadfadh an Coiste Imscrúdaithe an gearán a fhiosrú i gcúinsí áirithe mar atá leagtha amach sna cineálacha gearáin thuas.

Má dhéanann an Coiste Imscrúdaithe cinneadh gan an gearán a fhiosrú, tagann próiseas an ghearáin chun deiridh. Ní féidir achomharc a dhéanamh ar chinneadh an Choiste Imscrúdaithe.

Cad a tharlaíonn tar éis don Choiste Imscrúdaithe an gearán a fhiosrú?

D’fhéadfadh an Coiste Imscrúdaithe ceachtar den dá rud seo a leanas a dhéanamh:

  • an gearán ar fad nó cuid de a chur ar aghaidh chuig an gCoiste Araíonachta le haghaidh fiosrúcháin

  • cinneadh a dhéanamh nach bhfuil gá le haon ghníomh eile a dhéanamh.

Má dhéanann an Coiste Imscrúdaithe cinneadh nach bhfuil gá le haon ghníomh eile a dhéanamh, tá deireadh le próiseas an ghearáin. Ní féidir achomharc a dhéanamh maidir le cinneadh an Choiste Imscrúdaithe. Ní mór gearán tromchúiseach a bheith i gceist leis an ngearán ionas gur féidir lenár gCoiste Imscrúdaithe é a chur ar aghaidh chuig ár gCoiste Araíonachta.

Cé chomh fada agus a ghlacfaidh sé ar an gComhairle Mhúinteoireachta an gearán a rinneadh fúm a fhiosrú?

Beidh gach gearán éagsúil ach tá sé mar aidhm againn go mbeadh cinneadh déanta ag an gCoiste Imscrúdaithe laistigh de idir sé mhí agus naoi mí ón dáta a fhaighimid gearán.

Má chinneann an Coiste do ghearán a chur ar aghaidh chuig an gCoiste Araíonachta le haghaidh fiosrúcháin, tá sé mar aidhm againn an fiosrúchán a bheith ann laistigh de shé mhí de dháta an atreoraithe seo.

D’fhéadfadh cúiseanna a bheith ann nach mbeadh smacht againn orthu agus d’fhéadfadh moill a bheith leis na gearáin a imscrúdú dá bharr. Mar shampla, d’fhéadfadh gearán a bheith mar ábhar imscrúdaithe An Gharda Síochána, agus d’fhéadfadh an Coiste Imscrúdaithe cinneadh a dhéanamh a imscrúdú féin a stopadh go dtí go dtagann imscrúdú an Gharda Síochána chun críche agus b’fhéidir go mbeadh roinnt mhaith ama i gceist leis seo. Coimeádfar tú suas chun dáta agus sinn ag féachaint isteach sa ghearán.

Maidir le próiseas an fhiosrúcháin

Cad is fiosrúchán ann?

I gcuid mhór cásanna, is é a bheidh i gceist le fiosrúchán ná éisteacht ó bhéal os comhair painéil den Choiste Araíonachta. Tá sé cosúil le héisteachta os comhair cúirte nó binse. Tugann na finnéithe fianaise faoi mhionn.

Mar sin féin, is féidir leat iarraidh go dtabharfaí faoin bhfiosrúchán trí scrúdú a dhéanamh ar na doiciméid agus aighneachtaí ábhartha i scríbhinn seachas é a bheith mar éisteacht ó bhéal. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh painéal an Choiste Araíonachta iarraidh ort aontú go mbeadh an fiosrúchán ar siúl trí scrúdú a dhéanamh ar na doiciméid agus aighneachtaí ábhartha i scríbhinn.

Déanfaidh painéal an Choiste Araíonachta cinneadh faoi cad é an cur chuige is oiriúnaí. Sa chuid is mó de na cásanna, is é éisteacht ó bhéal a bheidh ar siúl, go háirithe má bhíonn easaontas ann faoi na fíricí, nó má bhíonn siad faoi chaibidil.

Cá mbeidh an éisteacht ó bhéal ar siúl?

Beidh an chuid is mó éisteachtaí ar siúl in oifigí na Comhairle Múinteoireachta ag Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara. Anois is arís, d’fhéadfadh na héisteachtaí a bheith ar siúl in áiteanna eile. Roimh an éisteacht, scríobhfaimid chugat leis an ionad, dáta agus am inar chóir duit a bheith i láthair.

Conas a ullmhaítear éisteacht ó bhéal?

Beidh ionadaithe Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta freagrach as an bhfianaise a ullmhú agus a chur faoi bhráid an phainéil ag an éisteacht. Ní mór don Stiúrthóir an gearán a chruthú ag an éisteacht. De ghnáth beidh dlíodóirí ag an Stiúrthóir mar chuidiú. Baileoidh an Stiúrthóir agus na dlíodóirí fianaise ar nós tuairiscí, comhfhreagras agus ráitis finnéithe i scríbhinn.

Roimh an éisteacht, seolfaimid na nithe seo a leanas chugat:

  • Fógra Fiosrúcháin ina bhfuil na líomhaintí i do choinne
  • cóipeanna den fhianaise uile; agus
  • liosta finnéithe a dhéanfaidh an Stiúrthóir a ghairm le fianaise a thabhairt.

An mbeidh an éisteacht ó bhéal ar siúl go poiblí nó go príobháideach?

Bíonn na héisteachtaí ar siúl go poiblí ach amháin má iarrann tú nó finné a bhféadfaí cúrsaí pearsanta a nochtadh faoi/fúithi ar an bpainéal an éisteacht nó cuid den éisteacht a bheith ar siúl go príobháideach, agus go bhfuil an painéal sásta go mbeadh sé oiriúnach a leithéid a dhéanamh. Má bhíonn éisteacht ar siúl go poiblí, féadfaidh an painéal d’aitheantas nó aitheantas na ndaoine atá i gceist a choimeád faoi rún.

An féidir liom ceisteanna a chur ar fhinnéithe, nó an féidir le m’ionadaithe a leithéid a dhéanamh má dhéantar ionadaíocht dom?

Is féidir. Déanfaidh an Stiúrthóir a (h)ionadaithe a ghairm chun fianaise a thabhairt agus cuirfidh sé/ sí ceisteanna ar dtús ar an bhfinné bunaithe ar an ráiteas atá sínithe aige nó aici. Tabharfar an deis ansin duitse nó do d’ionadaithe ceisteanna a chur agus ina dhiaidh sin d’fhéadfadh an Painéal roinnt ceisteanna a chur. Baineann an próiseas céanna seo leis na finnéithe uile a dhéanann an Stiúrthóir nó a (h)ionadaithe a ghairm.

An féidir liom finnéithe a ghairm nó an féidir le m’ionadaithe é sin a dhéanamh má dhéantar ionadaíocht dom?

Is féidir leatsa nó d’ionadaithe d’fhinnéithe féin a ghairm chun fianaise a thabhairt. Beidh an Stiúrthóir nó a (h)ionadaithe agus an Painéal in ann ceisteanna a chur ar d’fhinnéithe.

An gá dom fianaise a thabhairt?

Ní gá. Is fút féin cinneadh a dhéanamh an bhfuil tú chun fianaise a thabhairt.

Cé a bheidh i láthair sa seomra éisteachta?

Painéal an Choiste Araíonachta – san áireamh anseo beidh idir triúr agus cúigear, atá mar bhaill den Choiste Araíonachta. Beidh ball amháin den phainéal ag feidhmiú mar Chathaoirleach.

An Measúnóir Dlí – Is abhcóide atá i gceist anseo a shuífidh leis an bpainéal agus a chuirfidh comhairle orthu faoi na saincheisteanna dlí nó nós imeachta. Ní dhéanann an Measúnóir Dlí cinneadh ar cruthaíodh an gearán. Baineann sé seo leis an bpainéal amháin.

Ionadaí dlí an Stiúrthóra – san áireamh anseo d’fhéadfadh dlíodóirí nó abhcóidí a bheith i gceist a chuirfidh an cás i láthair thar ceann an Stiúrthóra.

Foireann na Comhairle Múinteoireachta – san áireamh anseo beidh an fhoireann iomchuí den Chomhairle Mhúinteoireachta.

Tusa, an múinteoir cláraithe

D’ionadaithe – san áireamh anseo d’fhéadfadh ionadaithe dlí, ceardchumainn nó ionadaithe eile a bheith i gceist, a d’fhéadfadh gníomhú agus labhairt ar do shon. Cuirfidh siad do staid faoi bhráid an phainéil agus cuirfidh siad ceisteanna ar na finnéithe maidir lena bhfianaise. Féadfaidh tú do chás féin a chosaint mura bhfuil ionadaithe agat.

An Luathscríbhneoir – déanann an duine seo an fhianaise ar fad a thugtar ag éisteacht a thaifeadadh.

An pobal – Má bhíonn an fiosrúchán ar siúl go poiblí, d’fhéadfadh baill den phobal a bheith i láthair, lena n-áirítear iriseoirí, chun féachaint ar na himeachtaí agus éisteacht leo. De ghnáth, suíonn siad ar chúl an tseomra éisteachta.

Cad a tharlaíonn tar éis an fhiosrúcháin?

Cad a dhéanfaidh an painéal nuair a chríochnaíonn an fiosrúchán?

Is cuma má bhíonn an fiosrúchán ar siúl mar éisteacht ó bhéal nó mar scrúdú ar na doiciméid agus aighneachtaí ábhartha i scríbhinn, ullmhóidh an painéal tuairisc ag deireadh an fhiosrúcháin. Sa tuairisc luafar an bhfuil an gearán cruthaithe. Dé ghnáth, caithfear na gearáin a chruthú gan aon amhras réasúnta.

Cad a tharlódh dom má chruthaítear an gearán?

Má chruthaítear an gearán, beidh ar an bpainéal cinneadh a dhéanamh ar chóir smachtbhanna (pionós) a leagan ar do chlárú.

D’fhéadfadh an painéal cinneadh a dhéanamh na nithe seo a leanas a dhéanamh:

a) comhairle, rabhadh nó cáineadh a thabhairt duit;

b) coinníollacha a chur ar do chlárú;

c)   tú a chur ar fionraí ón gclár ar feadh tréimhse ama sonraithe (suas le dhá bhliain);

(Is é a bheadh i gceist leis seo nach mbeifeá in ann teagasc a dhéanamh i bpost atá maoinithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna don tréimhse atá tú ar fionraí ón gclár.)

d) tú a bhaint den chlár agus gan ligean duit iarratas a dhéanamh le bheith athchurtha ar an gclár ar feadh tréimhse ama sonraithe.

(Mar mhúinteoir nach bhfuil cláraithe, ní bheifeá in ann teagasc a dhéanamh i bpost atá maoinithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna.)

 Tabharfar cuireadh duit aighneachtaí a dhéanamh maidir le haon smachtbhanna atá molta.

An féidir liom achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh?

Má chinneann an painéal ceann amháin de na smachtbhannaí ó b) go d) thuas a leagan ort, is féidir leat achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh chuig an Ard-Chúirt laistigh de 21 lá ó cuireadh an cinneadh in iúl duit. Bíonn na hachomhairc chuig an Ard-Chúirt ar siúl go poiblí. Mura ndéanann tú achomharc, ní mór dúinn iarratas a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt le deimhniú a fháil maidir leis an gcinneadh.

An gcuirtear in iúl do m'fhostóir maidir leis an toradh?

Cuirtear. Tá dualgas orainn a chur in iúl do d'fhostóir faoin toradh más rud é go bhfuil tú fostaithe mar mhúínteoir.

Mura gcruthaítear an gearán, is féídir leat iarraidh ar an gCoiste Araíonachta fógra a fhoilsiú ina luaitear gur caitheadh amach an gearán.

Gluais Téarmaí

Rabhadh a thabhairt – casaoid daingean a thabhairt.

Cáineadh – fíor-mhíshástacht a léiriú.

Cód Iompair – Sa Chód Iompair Ghairmiúil do Mhúinteoirí tá treoir ann do mhúinteoirí. Ar an data nuair a foilsíodh an t-eolas seo, is é an leagan is déanaí den Chód Iompair náan leagan a foilsíodh I mí an Mheithimh 2012 agus rinneadh é a nuashonrú ag tús feidhme Chuid 5 d'Achtanna na Comhairle Múinteoireachta, 2001-2015.

Gearánanch – an duine a dhéanann gearán faoi mhúínteoir. Féadfaidh baill den phobal, fostóirí agus múinteoirí eile a bheith san áíreamh  anseo. Chomh maith leis sin, is féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta gearán a dhéanamh faoi mhúinteoir cláraithe.

Stiúrthóir – Príómhoifigeach Feidhmiúcháin na Comhairle Múinteoireachta.

An Coiste Araíonachta – an coiste sa Chomhairle Mhúinteoireachta óna gcuirtear le chéile an painéal a bheidh i mbun an fhiosrúcháin.

Fostóir – Bord Bainistíochta na scoile nó Príomhfheidhmeannach an Bhoird Oideachais agus Oiliúna (BOO) chuí a fhostaíonn an múinteoir atá i gceist.

Fianaise – an rud a deir finné ag éisteacht, agus na doiciméid nó taifid eile a dhéantar a scrúdú le linn na héisteachta.

Neamhthábhachtach – Beagthábhachtach nó fánach.

Fiosrúchán – éisteacht cosúil le héisteacht os comhair cúirte nó binse, nó scrúdú ar na doiciméid agus aighneachtaí ábhartha i scríbhinn.

An Coiste Imscrúdaithe – an coiste sa Chomhairle Mhúinteoireachta a chuireann an gearán san áireamh agus a dhéanann an cinneadh ar chóir é a chur ar aghaidh chuig an gCoiste Araíonachta le haghaidh fiosrúcháin.

Measúnóir Dlí – is abhcóide é seo a bheidh ina s(h)uí leis an bpainéal agus a chuirfidh comhairle orthu maidir le saincheisteanna dlí nó nós imeachta. Ní dhéanann an Measúnóir Dlí cinneadh an bhfuil an gearán cruthaithe. Baineann sé seo leis an bpainéal amháin.

Painéal – an grúpa de thriúr go cúigear a reáchtálann an fiosrúchán agus a dhéanann an cinnneadh an bhfuil an cás cruthaithe nó nach bhfuil.

Drochfheidhmíocht ghairmiúil – gan na caighdeáin inniúlachta (cibé acu an mbaineann siad le cúrsaí eolais, scileanna nó eolas agus scil, nó an dá cheann a chur i ngníomh) a chomhlíonadh a mbeifí ag súil leo ó mhúinteoirí.

Mí-iompar gairmiúil – iompar náireach nó mí-ionraic le linn thréimhse gairme an mhúinteora, nó aon ní eile seachas sin le linn thréimhse gairme an mhúinteora más rud é go bhfuil an t-iompar chomh tromchúiseach sin go bhféadfaí míchlú a tharraingt ar ghairm na múinteoireachta.

Smachtbhanna – an cinéal pionóis atá an Chomhairle Mhúinteoireachta in ann a leagan ar mhúinteoir.

Luathscríbhneoir  – an duine a dhéanann an fhianaise a thugtar ag an bhfiosrúchán a thaifeadadh.

Míréasúnta – gearán atá déanta ag duine nach mbeadh ag feidhmiú de mheon macánta, gan chúis leordhóthanach, agus déanta le fearg a chur ar an múinteoir a bhfuiltear ag gearán faoi nó fúithi.

Duine soghonta – duine seachas leanbh:

atá ag fulaingt ó neamhord intinne, cibé acu an é mar thoradh ar mheabhairghalar nó néaltrú, nó

  • atá faoi mhíchumas intleachta, nó
  • atá ag fulaingt ó mháchail fhisiceach, cibé acu an é mar thoradh ar ghortú, tinneas nó aois, nó
  • atá faoi mhíchumas fisiceach de chineál nó de mhéid is cúis
    • le srian a chur le hábaltacht an duine chun é nó í féin a chosaint ó bheith gortaithe ag duine eile, nó
    • le go mbíonn cuidiú de dhíth ar dhuine dá bharr leis na gnáthghníomhaíochtaí maireachtála lena n-áirítear tú féin a ghléasadh, ag ithe, ag siúl,  ag ní agus tú féin a fholcadh.