A Mhúinteoir, a chara, Tá sraith nua acmhainní curtha leis an rannóg 'Taighde a Úsáid sa Scoil' de shuíomh gréasáin na Comhairle Múinteoireachta. Díríonn na hacmhainní nua ar an téama Ceannaireacht ar Fhoghlaim sa Ghaeilge agus tá siad ar fáil anseo. Tá Ceannaireacht ar Fhoghlaim ar cheann de na sé réimse foghlama a bhfuil béim orthu i gCosán, an Creat Náisiúnta d'Fhoghlaim na Múinteoirí. I measc na hachmhainní atá ar fáil, tá seiminéir ghréasáin, podchraoladh, ríomhleabhair, achoimrí taighde, ailt agus acmhainní eile don seomra ranga ar fad ar an ábhar Ceannaireacht ar Fhoghlaim sa Ghaeilge. Tá súil againn go gcabhróidh na hachmhainní seo le scoileanna taighde ábhartha a aimsiú i bhformáid a oireann dóibh. Le dea-ghuí, |