Tá FÉILTE tar éis fás ó lucht féachanna de 150 duine in 2012, go dtí ceann amháin de na tionóil múinteoirí is mó in Éirinn, thar oideachas bunscoile, iarbhunscoile agus breise. Is iad na múinteoirí a threoraíonn an ceiliúradh bliantúil seo den teagasc agus den fhoghlaim, ag taisteal ó gach áit ar fud na tire chun labhairt lena chéile agus leis an bpobal faoin nuálaíocht atá á treorú acu san fhoghlaim.
Tá ag éirí chomh maith sin leis an ócáid go bhfuilimid ag fáil iarratas le blianta beaga anuas le FÉILTE a fhorbairt lasmuigh de Bhaile Átha Cliath. Agus an chéad chéim eile seo d'fhorbairt FÉILTE á fhógairt againn, ba mhaith linn samhail a dhéanamh den chaoi ina bhfuil sé tar éis fás le 3 bliana anuas, i.e. de réir a chéile, céim ar chéim agus mar thoradh ar cad a dúirt na múinteoirí.
An bhliain seo caite, bhí a 'FÉILTE Beag' ag Pobalscoil Chionn tSáile. Bhí sraith ceardlann i mbun ag baill foirne maidir leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim dá gcuid comhghleacaithe. Bhí an t-aiseolas a tháinig ó na múinteoirí agus ó na cuairteoirí, a raibh baill foirne den Chomhairle ina measc, go hiomlán dearfach, agus tá an scoil tar éis cinneadh a dhéanamh go mbeidh an ócáid seo mar chuid dá féilire bliantúil.
Agus inosparáíd faighte ón sampla seo den cheannaireaht ghairmiúíl de mhúínteoiríar an láthair, tá sé socraithe again FÉILTE Scoile" a lainseáil. Is féidir FÉILTE Scoile a bheith mar cheann "beag" nó mar cheann "mór" mar is mian leis an scoil. Ach tá teideal roghnaithe againn a aithníonn an áit inar thosaigh FÉILTE agus an áit ina bhfuil múinteoirí ag cuidiú leis bláthú, i scoileanna.
Is féidir le scoileanna ar mian leo a FÉILTE Scoile féin a reáchtáil "FÉILTE Scoile" a úsáid mar an teideal don ócáid, agus an lógó oifigiúil a úsáid, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
a. Go bhfuil na múínteoirí i mbun na hócáide.
b. Go roinneann na múinteoirí smaointe foghlama agus nuálacha lena chéile i ngrúpaí.
c. Gur chóir go hidéalach cuireadh a thabhairt do thuismitheroií agus do na scoláirí le foghlim na múinteoirí a cheiliúradh mar chuid den ócáid.
Ba chóir do Scoileanna ríomhphost a chur chuig communications@teachingcouncil.ie le sonraí maidir leis an ócáid agus a dheimhniú go gcomhlíonfar na coinníollacha thuasluaite. Níl doiciméad ar bith eile de dhíth. Eiseofar an lógó ansin chug an scoil.
Tabharfar cuireadh don scoil sampla d'íomhánna ón ócáid a chur isteach chuig an gComhairle, agus is féidir léi físeán gearr a chur isteach freisin más mian leo (3 nóiméad ar a mhéad) le roinnt le scoileanna eile via Twitter, suíomh gréasáin na Comhairle agus trí chóras cumarsáide eile.
Más spéis le do scoil FÉILTE Scoile a reáchtáil, téigh i dteagmháil linn ag communications@teachingcouncil.ie.