Comhdháil don Uachtaránacht AE 2013

Bhí an Chomhairle Mhúinteoireachta ina hóstach ar Chomhdháil don Uachtaránacht AE dar teideal "Comhtháthú, Nuáil agus Feabhsúchán - Féiniúlacht Ghairmiúil na nOideoirí Múinteoirí" ar an 18 agus an 19 Feabhra 2013.

Is é Coimisiún AE a mhaoinigh an chomhdháil seo mar chuid d'Uachtaránacht AE na hÉireann. Is féidir tuilleadh eolais ar Uachtaránacht na hÉireann a fháil ar www.eu2013.ie

Tuigtear i mBallstáit AE agus i gCoimisiún AE go gcuireann oideoirí múínteoirí ardcháilíochta go mór le cáilíocht tríd is tríd na gcóras oideachais. Tugtar le fios chomh maith i dtaighde acadúil agus in obair phiarfhoghlama gur chóir a bheith níos soiléire faoi na beartais a chuireann bonn faoi roghnú, ionducthú agus forbairt ghairmiúil bhreise na n-oideoirí múínteoirí.

Is iad an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn, TD, Aire Oideachais Thuaisceart Éireann, John O'Dowd, CTR, agus Leas-Ardstiúrthóir Oideachais agus Cultúir an Choimisiúin Eorpaigh, Xavier Prats-Monné, a d'oscail an chomhdháil a bhí ar siúl i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.  D'fhreastail daoine a bhfuil baint acu le hoideachas múinteoirí ar fud AE ar an gcomhdháil.

Féach ar rogha grianghraf ón gcomhdháil trí chliceáil anseo nó ar cheann de na mionsamhlacha anseo thíos.

EU Presidency Conference photo 1   EU Presidency Conference 2   EU Presidency Conference Photo 3   EU Presidency Conference Photo 4