Tá an socrúchán scoile, bunaithe ar chur chuige comhpháirtíochta ag Institiúidí Ardoideachais (IAOanna) agus scoileanna, fós ina thosaíocht straitéiseach don Chomhairle Mhúinteoireachta, agus dá bhrí sin táimid ag gabháil do roinnt tionscnamh a fhéachann leis an bhfoghlaim agus an dea-chleachtas a chomroinnt sa réimse seo. Ag forbairt ar phlé go dtí seo, d'eagraigh an Chomhairle ócáid comhfhoghlama i mBaile Átha Luain Dé Sathairn 19 Samhain 2016. Thug an lá deis do lAOanna agus a scoileanna comhpháritíochta deis luachmhar le cuir i láthair a dhéanamh maidir le cleachtais nuálacha i gcothú comhpháirtíochta IAO-Scoile. I measc na ndaoine a bhí i láthair bhí baill foirne IAO, príomhoidí agus múinteoirí comhoibríocha ó scoileanna comhpháirtíochta, múinteoirí faoi oiliúint, agus raon de pháirithe leasmhara eile. Chuimsigh na cuir i láthair raon de nuálaíochtaí, lena n-áirítear ardáin rairacháin do shocrúháin scoile, ról an teagascóra scoile, agus an luach atá ar theagasc foirne i socrúchán scoile. Tá na cuir i láthair go léir ón lá ar fáil anseo.
Aireoidh an chéad chéim eile den obair táirgeadh ar ríomh-leabhar socrúchán scoile in earrach na bliana 2017.