Ó 2013, tá an Chomhairle Mhúinteoireachta, an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta agus an Lárionad do Sheirbhísí Éifeachtacha ag obair i ndlúthpháirt lena chéile chun feabhas a chur ar na naisc idir taighde, polasaí agus cleachtas do theagasc agus foghlaim. I mBealtaine 2013, d’eagraíomar comhdháil do mhúinteoirí agus taighdeoirí chun tús a chur le comhrá a thacódh leis an obair seo. Tá roinnt forbairtí suntasacha tarlaithe ó shin. Is mian lean leanúint de na comhráite sin agus feabhas a chur orthu ag Lá Foghlama Comhroinnte ar 11 Márta seo chugainn.
Féachann an ócáid seo le tacaíocht a chur ar fáil do na múinteoirí taighdeoirí sin atá gafa go gníomhach le taighde agus is deis iontach í lena dtaithí a chomhroinnt lena chéile agus le taighdeoirí eile. Ceiliúradh a bheidh sa Lá Foghlama Comhroinnte seo ar an taighde comhroinnte sa teagasc agus foghlaim. Spreagfaidh sé freisin tuilleadh rannpháirtíochta gníomhaí le taighde agus feidhmeoidh sé mar chatalaíoch do mhúinteoirí-taighdeoirí ionchasacha a bhfuil tacaíocht agus treoir choláisteach agus phraiticiúil á lorg acu.
Tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh an Dr Carol Campbell, (@CarolCampbell4) Ollscoil Toronto ag labhairt leis an lucht freastail mar phríomhchainteoir. Is é an teideal atá ar a cuid cainte: Mobilising Knowledge Of, By and For the Learning Profession: Teachers Leading Educational Improvement. Tá obair déanta go forleathan ag an Dr Campbell laistigh de réimse an oideachais, go háirithe maidir le Ceannaireacht agus Athrú Oideachais. Is Comhairleoir Oideachais í leis an bPríomh-aire agus leis an Aire Oideachais in Ontario, is ball í de Chomhairle Idirnáisiúnta na gComhairleoirí Oideachais don Chéad Aire agus don LeasChéad-Aire in Alban, agus is ball í de Choimisiún OIdeachais na Breataine Bige. Tá cáil ar Carol ar a tiomantas d’fhianaise ó eolas gairmiúil agus taighde a mheascadh chun acmhainneacht ghairmiúil a fhorbairt don bhfeabhsú oideachais. Áiríonn a saothar reatha béim ar thacú le foghlaim ghairmiúil agus ceannaireacht múinteoirí, agus ar ghríosadh eolais d’fheabhsú eolais.
Cuirfidh an lá deiseanna ar fáil freisin chun páirt a ghlacadh i gceardlanna praiticiúla maidir le taighde a phleanáil, a chomhroinnt agus a mhaoiniú, agus áireoidh sé mír Researchmeet, ina ndéanfaidh múinteoirí agus daoine eile cur i láthair maidir le gné ar bith dá dtaighde atá críochnaithe nó atá ar siúil.