An Dáta Deiridh do Choinníollacha Clárúcháin curtha siar go dtí an 31 Eanáir 2016

Tá líon áirithe múinteoirí cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta a bhfuil coinníollacha le comhlíonadh acu atá le dul i léig ar an 31 Nollaig 2015. Tá an dáta deiridh sin curtha siar go dtí an 31 Eanáir 2016.

Tá an Chomhairle ag déanamh teagmháil dhíreach leis na múinteoirí atá i gceist. Iarrtar ar mhúinteoirí é a chur in iúl don Chomhairle i scríbhinn más rud é go bhfuil aghaidh tugtha orthu ar a gcoinníollacha clárúcháin. Tá an t-eolas riachtanach atá le seoladh isteach leagtha amach anseo . Má tá cúinsí maolaitheacha i gceist, d’fhéadfaí go mbeifeá in ann síneadh ama a fháil. Tá tuilleadh eolais faoi shíntí ama le fáil anseo.  Tá an Chomhairle Mhúinteoireachta ag próiseáil iarrataí ar shíntí ama faoi láthair agus cuirtear an toradh in iúl don mhúinteoir i litir.

Ba chóir do mhúinteoirí ar mian leo doiciméadú a chur isteach lena léiriú go bhfuil an coinníoll comhlíonta, nó iarratas ar shíneadh ama a chur isteach, fianaise thaca a chur san áireamh. Ba chóir na doiciméid a bheith faighte ag an gComhairle faoin Aoine, an 4  Nollaig 2015.

Mura gcomhlíonann múinteoirí atá fostaithe i bpoist atá maoinithe ag an stát a gcuid coinníollacha faoin 31 Eanáir 2016, agus mura bhfuil teagmháil déanta acu leis an gComhairle idir an dá linn, rachaidh a gclárú i léig. Fágann sé sin go gcuirfidh an pámháistir ábhartha (An Roinn Oideachais agus Scileanna nó an BOO) stad le híoc a dtuarastail. Tá sé fíorthábhachtach go ndéanfaidh gach múinteoir sa ghrúpa sin teagmháil leis an gComhairle láithreach. Má théann clárú aon mhúinteora i léig beidh impleachtaí tromchúiseacha aige sin do chách a bhfuil baint acu leis agus níor mhaith leis an gComhairle go dtarlódh sé sin choíche.

Is féidir dul i dteagmháil leis an gComhairle Mhúinteoireachta trí ríomhphost a chur chuig conditions@teachingcouncil.ie nó scairt a chur ar 01 651 7900.