Cláraigh mar scoil Droichead, 2015/2016

Droichead deartha sa chaoi is go guireann comhghleacaithe na múinteoirí nua fáilte rompu go foirmiúil go dtí an ghairm bheatha.

Tá lúcháir orainn a chur in iúl go bhfuil na scoileanna ar mian leo clárú le Droichead 2015/2016, á nglacadh anois ag an gClár Náisiúnta Ionduchtúcháin do Mhúinteoirí (CNIM).  Cliceáil anseo, le do thoil, chun an fhoirm chuí a íoslódáil agus a chomhlánú.

Breathnaigh ar Príomhphointí Eolais maidir le Droicheadfaigh tuilleadh eolais anseo

 
Lá Foghlama Comhroinnte Droichead

I mí Aibreáin, bhí Lá Foghlama Comhroinnte Droichead ag CNIM chun tuiscint níos leithne a chothú maidir leis an bhfás ar an iomlán agus forbairt beartais Droichead agus chun aitheantas agus buíochas a thabhairt dóibh siúd atá bainteach i bpróiseas Droichead. Ar an lá tugadh léargas ar a bhfuil indéanta nuair a thagann múinteoirí le chéile agus nuair a thugann siad tacaíocht dá chéile ina gcuid foghlama.

Tugann Droichead deis iontach an tacaíocht sin a fháil ar feadh na bliana agus cuirtear creat tacaíochta ar fáil le haghaidh cur chuige sa scoil uile chun fáilte fhoirmiúil a chur roimh mhúinteoirí nuacháilithe go dtí an ghairm bheatha is tábhachtaí sa tsochaí.

D'fhreastail os cionn 100 scoil agus os cionn 400 toscaire chun níos mó a fháil amach faoi phróiseas Droichead, a thugann deis nach raibh ann cheana do mhúinteoirí agus do ghairmithe le beartas oideachais a chruthú a imríonn tionchar díreach orthu siúd agus ar a gcomhghleacaithe.