Tá aird tugtha ag an gComhairle Mhúinteoireachta ar an méid atá curtha in iúl ag roinnt múinteoirí le gairid, tar éis tuairisc sa Sunday Times (an 20 Nollaig 2015), i dtaca leis an táille chlárúcháin a bhí i bhfeidhm roimh thosach feidhme Alt 30 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001-2015. Go deimhin, chuir an Chomhairle a gcuid frustrachais in iúl faoin moill a bhí ar thosach feidhme an Ailt sin den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta thar roinnt blianta.
Cé nach raibh clárú éigeantach do gach múinteoir sular cuireadh tosach feidhme le hAlt 30 faoi dheireadh ar an 28 Eanáir 2014, rinne an Chomhairle soiléir é roimhe seo go raibh sé éilithe i gciorcláin ón Roinn Oideachais agus Scileanna go gclárófaí i gcúinsí áirithe, e.g. nuair a bheadh tús á chur le fostaíocht nua, dá mbeadh ardú céime á lorg, nuair a bheadh conarthaí buana á dtairiscint nó dá mbeifí ag cur isteach ar shos gairme (féach ciorcláin 0016/2008, 0063/2010, 0010/2011 & 0031/2011).
Ó bunaíodh an Chomhairle, tá gach iarracht déanta lena chinntiú go raibh gach múinteoir ar an eolas go mbeadh clárú éigeantach tar éis thosach feidhme Alt 30, agus lena chinntiú go mbeadh gach múinteoir a rinne iarratas cláraithe nuair a chuirfí tosach feidhme le hAlt 30. Tuigeann muid gur mheas roinnt múinteoirí go raibh tón ionsaitheach leis an gcumarsáid sin. Is é a bhí ar intinn againn, áfach, ná cinnte a dhéanamh go mbeadh múinteoirí ullmhaithe go hiomlán do thosach feidhme Alt 30, cibé uair a tharlódh sé. Thóg sé sin achar ama níos faide ná mar a bhíothas ag dréim leis sa Chomhairle.
Bhí sé tábhachtach go mbunófaí an Chomhairle ar bhonn airgeadais láidir chun go bhféadfadh sí a cuid dualgais reachtúla i gcoitinne a chur i gcrích, sula dtabharfaí isteach clárú éigeantach trí thosach feidhme a chur le hAlt 30.
Ba mhaith leis an gComhairle buíochas a ghabháil leis an Roinn agus leis na páirtithe leasmhara go léir, lena n-áirítear na comhlachtaí bainistíochta agus ceardchumainn na múinteoirí, as a dtacaíocht i leith chinnte a dhéanamh go gcuirfí tosach feidhme le hAlt 30 ar bhealach socair.
Leis an gcistiú a gineadh tríd an táille chlárúcháin, cuireadh ar chumas na Comhairle an táille athnuachana a laghdú ó €90 go €65 (€38 glan ó cháin) in 2013, rud a d’fhág gurb í an táille chlárúcháin ghairmiúil is ísle in Éirinn í. Chuir sé ar chumas na Comhairle freisin, mar chomhlacht atá faoi stiúir gairmithe, bheith neamhspleách ar chistiú an Stáit.
Cé gur thóg sé achar níos faide ná mar a ba mhian leis an gComhairle é tosach feidhme a chur le hAlt 30, anois tá gach múinteoir a íoctar as cistí poiblí cáilithe agus cláraithe go hiomlán, ar fud na n-earnálacha. Bhí gairm iomlán-rialaithe á iarraidh ag múinteoirí le blianta fada sular bunaíodh an Chomhairle.
Ó bunaíodh sa bhliain 2006 í, tuairim is 8 mbliana roimh thosach feidhme Alt 30, tá an Chomhairle ag obair chun caighdeáin ghairmiúla a chur chun cinn sa mhúinteoireacht. San áireamh leis an gclár fairsing oibre sin tá:
- Athbhreithniú agus creidiúnú gach ceann den 69 gclár Oideachais Tosaigh Múinteoirí, lena gclúdaítear bunoideachas, iar-bhunoideachas agus breisoideachas, lena chinntiú go gcomhlíonann siad na caighdeáin atá leagtha síos ag an gComhairle.
- Foilsiú na gcaighdeán sin a bhaineann le hOideachas Tosaigh Múinteoirí sa bhliain 2011 – Oideachas Tosaigh Múinteoirí: Critéir agus Treoirlínte do Sholáthróirí Clár. Sna sála air sin forbraíodh Treoirlínte do Shocrúchán Scoile agus polasaí maidir le socrúchán feabhsaithe sa Ghaeltacht.
- An Cód Iompair Ghairmiúil do Mhúinteoirí. Foilsíodh an dara heagrán in 2012.
- I Mí na Bealtaine 2007 seoladh scéim sparánachta taighde do mhúinteoirí cláraithe.
- Polasaí ar an Leanúntas in Oideachas Múinteoirí (2011) lenar leagadh síos comhthéacs nua do pholasaí maidir le hoideachas múinteoirí agus atá mar bhonn agus taca go fóill le hobair uile na Comhairle sa réimse sin.
- Tosach feidhme le feidhmeanna na Comhairle i dtaca le hionduchtú agus promhadh Múinteoirí Nuacháilithe (MNCanna) i Meán Fómhair 2012. I gcomhréir leis an bhfreagracht dhlíthiúil sin, chuir an Chomhairle tús leis an gclár trialach, Droichead, ina bhfuil níos mó ná 330 scoil ag glacadh páirte anois, agus atá ag fás is ag forbairt mar an mbealach ionduchtúcháin feabhsaithe do MNCanna.
- Ócáid bhliantúil chun Lá Domhanda na Múinteoirí a chomóradh den chéad uair ag leibhéal náisiúnta. Cuireadh tús leis seo leis an gcéad léacht i nDeireadh Fómhair na bliana 2012, agus as sin d’eascair FÉILTE, an Fhéile Oideachais um Barrfheabhas Foghlama agus Teagaisc, i mí Dheireadh Fómhair 2013. Tá FÉILTE anois ar cheann de na cruinnithe is mó múinteoirí in Éirinn; ghlac níos mó ná 1,000 duine páirt ann in 2015. Rinneadh an ócáid a eagrú freisin mar fhreagairt ón gComhairle ar an aiseolas a bhí faighte ó cuid mhór múinteoirí, a mheas gur cheart dúinn níos mó a dhéanamh leis an ngairm a chur chun cinn.
- Rochtain shaor in aisce do gach múinteoir cláraithe le linn Mheán Fómhair 2013, ar ailt agus irisí taighde i mbailiúchán Education Source EBSCO. Áirítear leis seo níos mó ná 1,700 iris agus os cionn 200 ríomhleabhar.
- Bunú Grúpa Taighde de mhúinteoirí a bhí ag cleachtadh a gceirde chun bonn agus taca a chur faoi obair na Comhairle i ndáil le taighde, polasaí agus cleachtas a cheangal lena chéile.
- Seoladh dréacht-chreat d’fhoghlaim múinteoirí, Cosán, a bunaíodh ar an aiseolas a fuarthas ó níos mó ná 3,000 múinteoir ar fud na tíre. Tá an dréacht sin ag múinteoirí agus páirtithe leasmhara eile anois le haghaidh chomhairliúcháin.
- Ullmhú chun tús a chur le Feidhmiúlacht chun Múineadh, a bhfuiltear anois ag dréim leis go luath in 2016.
- Comhairle a forbraíodh don Aire Oideachais agus Scileanna maidir le cúrsaí ar nós critéir iontrála agus soláthar múinteoirí.
- Próiseáil Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána, a fhaigheann 15,000 iarratas in aghaidh na bliana ar an meán.
- Teagmháil feabhsaithe leis an ngairm trí Twitter, ríomhirisí rialta agus línte gutháin ó 9am go 5pm, cúig lá sa tseachtain.
- Forbairt, bunú agus cothabháil an chláir is mó in Éirinn de ghairmithe – ar a bhfuil níos mó ná 91,000 anois. Tógann sé am lena leithéid d’oibriúchán ag leibhéal lóistíochtúil a chur i gcrích i gceart, agus bhí gá leis go mbeadh sé i bhfeidhm roimh dháta an tosaigh feidhme.
I bhfianaise freagrachtaí dlíthiúla na Comhairle ó bunaíodh í sa bhliain 2006, raon fairsing a cláir oibre, go bhfuil an táille athnuachana ar na táillí is ísle do chomhlachtaí caighdeán gairmiúil in Éirinn, agus an leathnú atá le teacht ar fheidhmeanna na Comhairle ó thaobh foghlaim múinteoirí agus Feidhmiúlacht chun Teagaisc de, ní bheidh an Chomhairle ag aisíoc na táillí a íocadh roimhe seo.