Polasaí nua maidir le “Clárú Iomlán” a cheadú do mhúinteoirí “Ar Promhadh i Socrú Srianta”
Tá an Chomhairle Mhúinteoireachta chun polasaí nua a chur i bhfeidhm lena ligfear do mhúinteoirí a bhí ar promhadh roimhe seo i socrú srianta iarratas a dhéanamh ar Chlárú Iomlán mar bhunmhúinteoir. Beidh an beart eatramhach seo ar fáil ón 4 Eanáir 2016.
Beidh múinteoirí atá cláraithe faoi Rialachán 2 (Bunoideachas), a bhí ar promhadh roimhe i socrú srianta, nach bhfuil aon choinníoll le comhlíonadh acu, agus a chomhlíonann critéir áirithe in ann iarratas a dhéanamh ar chlárú iomlán.
Éilítear leis na critéir go bhfuil nó go raibh an múinteoir ag teagasc curaclam a bhfuil aitheantas iomlán náisiúnta aige agus a athraíodh de réir na treoirlínte mar atá leagtha síos ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, gur theagasc an múinteoir an curaclaim sin do 6 mac léinn ar a laghad ar bhonn lánaimseartha ar feadh an lae, go bhfuil nó go raibh an múinteoir iomlán freagrach as foghlaim na mac léinn agus go bhfuil nó go raibh freagrachtaí ag an múinteoir den chineál céanna le múinteoir rang príomhshrutha.
Éilítear go mbeidh ar a laghad 50 lá de sheirbhís leanúnach curtha isteach i bpost a chomhlíonann na critéir. Ní áireofar leis an riachtanas seirbhíse seirbhísí atá de dhíth chun coinníollacha promhaidh/Dhroichead a chomhlíonadh. Tá an riachtanas seirbhíse sa bhreis ar an tseirbhís a chuirtear i gcrích chun an coinníoll promhaidh/Droichead a chomhlíonadh.
Molann an Chomhairle go mór do mhúinteoirí cloí le haon socruithe atá déanta acu.
Tá an Chomhairle ag ullmhú faoi láthair leis an bpolasaí seo a thabhairt isteach agus beidh tuilleadh soiléirithe ar fáil i mí Eanáir nuair a chuirfear i bhfeidhm é.
Beidh an fhoirm iarratais agus sonraí an phróisis iarratais ar fáil ar an suíomh gréasáin seo ón 4 Eanáir 2016.