Stair agus Struchtúr an Chórais Oideachais in Éirinn- an Chéad Triail Inniúlachta eile

Déanann an Chomhairle Mhúinteoireachta Triail Inniúlachta ar Stair agus Struchtúr Chóras Oideachais na hÉireann a riar faoi dhó sa bhliain. Tá sé ceaptha chun freastal ar dhaoine a chláraítear faoi Rialachán a Ceathair de Rialacháin [Clárúchán] na Comhairle Múinteoireachta, 2009 (béarla) leis an gcoinníoll go léiríonn siad leibhéal sásúil eolais agus tuisceana ar an ábhar.  Is cúrsa éigeantach é an cúrsa seo ar gach clár d'oideachas tosaigh múinteoirí iar-bhunscoile in Éirinn atá creidiúnaithe ag an gComhairle Mhúinteoireachta.

Caithfear rogha a sholáthar faoi théarmaí Treorach AE 2005/36/CE (béarla) idir Triail Inniúlachta agus Tréimhse Oiriúnaithe d’iarratasóirí don chlárúchán ar gá dóibh an coinníoll/an t-easnamh seo a shásamh. Clúdaíonn an triail riachtanas na Trialach Inniúlachta.

Tugann an Nóta Míniúcháin eolas faoin dtriail inniúlachta agus faoin scéim mharcála agus ceisteanna samplacha. Gliogáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas aghaidh a thabhairt ar an easnamh/coinníoll seo

An Chéad Triail Inniúlachta Eile
  • Dáta: Dé Sathairn, 23 Aibreán 2016
  • Am: 11.00am - 1.00pm
  • Ionad: Loftus Láir, An Campas Theas, Ollscoil Má Nuad, Ollscoil na hÉireann Má Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara.
  • Áirithint: Is é an spriocdháta d’áirithintí an 10 Aibreán 2016

Déan, le do thoil, d’áit a chur in áirithe trí ríomhphost a chur chuig historyandstructure@teachingcouncil.ie ag tabhairt d’ainm, do sheoladh agus d’Uimhir Mheasúnaithe ar Cháilíochtaí (m.sh. RS1234), nó d’Uimhir Chláraithe don Chomhairle Mhúinteoireachta. É sin nó is féidir d’áit a chur in áirithe trí ghlaoch a chur ar Íosghlao 1890 224 224.