17 Samhain 2016
Tagann téarma oifige na Comhairle Múinteoireachta reatha chun deiridh i mí an Mhárta 2016. Tá 37 comhalta ag an gComhairle agus is múinteoirí iad 16 díobh a thoghann na múinteoirí. Osclóidh toghchán do chomhaltaí na múinteoirí i mí Feabhra agus dúnfaidh sé go luath i mí an Mhárta.
Tá Rialacháin na Comhairle Múinteoirí (Na Comhaltaí a Thoghadh) 2015 ar fáil anseo. (béarla)
Moltar go mór do mhúinteoirí vóta a chaitheamh. Is deis thábhachtach í seo chun cabhrú le forbairt an pholasaí náisiúnta a stiúradh toisc go mbaineann sé leis an teagasc agus an fhoghlaim, agus le rialáil ghairm na múinteoireachta. Beidh na comhaltaí tofa a dtugann tú vóta dóibh sa riocht le hionchur suntasach a bheith acu maidir leis seo.
Ainmniúcháin
Is féidir ainmniúchán mar iarrthóir a chur isteach idir an 8 Eanáir agus an 29 Eanáir. Beidh na foirmeacha ar fáil ar an suíomh gréasáin roimh an tréimhse sin agus lena linn. Eiseofar ríomhiris ag an bpointe seo agus cuirfear fógra i dtrí nuachtán náisiúnta agus ar an suíomh gréasáin seo. Beidh ar gach múinteoir atá ag lorg ainmniúcháin sínithe 15 mhúinteoir a fháil. Ní mór do na múinteoirí seo a bheith cláraithe le vótar a chaitheamh i dtoghchatagóir agus i dtoghcheantar an mhúinteora a bhfuil sé nó sí ag tabhairt tacaíochta dá (h)ainmniúchán. Tá na catagóirí agus na toghcheantair ar fail anseo.
Beidh eolas maidir leis na hiarrthóirí ainmnithe ar fáil ar an suíomh gréasáin seo go luath i mí Feabhra.
An rolla toghthóirí
Cuireadh an rolla toghthóirí, liosta na múinteoirí cláraithe atá in ann vóta a chaitheamh sa toghchán, i gcrích ar an 30 Meán Fómhair 2015. Tá múinteoir ar bith atá cláraithe ar an dáta sin i dteideal vóta a chaitheamh. Beidh an rolla toghthóirí ar fáil le scrúdú a dhéanamh air ón 1 Nollaig. Beidh eolas teoranta ón rólla toghthóirí (ainm, uimhir chlárúcháin, catagóir agus toghcheantar) ar fáil ar líne. Leis seo, cuideofar le múinteoirí a sheiceáil go bhfuil siad cláraithe le vóta a chaitheamh.
Beidh deis ann i mí na Nollag don chuid sonraí a fhiosrú nó a athrú ar an rolla.
Conas vóta a chaitheamh
Beidh an vótáil ar siúl ar líne. Tá súil againn go spreagfaidh sé seo níos mó múinteoirí le vóta a chaitheamh toisc go mbeidh sé éasca agus tapa. Is féidir leat vóta a chaitheamh go sábháilte ghléas ar bith – ríomhaire pearsanta, ríomhaire glúine, táibléad nó fón cliste. Seolfaimid litir chugat leis na treoracha agus dhá uimhir aitheantais phearsanta.Beidh an vótáil oscailte ón 22 Feabhra go dtí meán lae ar an 9 Márta.
Toradh an Toghcháin
Fogrófar torthaí an toghcháin a luaithe agus is féidir nuair a thagann deireadh leis an toghcháin agus ceapfar an Chomhairle nua go foirmiúil go luath ina dhiaidh sin.
Tá níos mó eolais ar fáil anseo.