1 Nollaig 2015
Tiocfaidh deireadh le téarma oifige na Comhairle Múinteoireachta reatha i mí an Mhárta 2016. Tá 37 comhalta ag an gComhairle agus is múinteoirí iad 16 díobh seo a thoghann múinteoirí. Osclóidh toghchán do chomhaltaí múinteoirí i mí Feabhra agus dúnfaidh sé go luath i mí an Mhárta.
Cuireadh an rolla toghthóirí, liosta na múinteoirí atá in ann vóta a chaitheamh sa toghchán, i gcrích ar an 30 Meán Fómhair 2015. Tá múinteoir ar bith atá cláraithe ar an dáta sin i dteideal vóta a chaitheamh.
Tá an Rolla Toghthóirí ar fáil le scrúdú a dhéanamh air ón lá inniu, an 1 Nollaig 2015. Is féidir le múinteoirí an Rolla Toghthóirí a sheiceáil chun féachaint an bhfuil siad cláraithe le vóta a chaitheamh. Tá eolas teoranta ón rolla toghthóirí (ainm, uimhir chlárúcháin, catagóir agus toghcheantar) ar fáil anseo ar líne.
Gheobhaidh tú eolas anseo freisin maidir le conas iarratas a dhéanamh ar leasú a dhéanamh ar an Rolla Toghthóirí. Ní mór iarratais le leasuithe a dhéanamh a bheith faighte faoi mheán lae ar an 22 Nollaig 2015.