Tuairisc chun Dáta maidir le Sábháilteacht Sonraí i dtaobh Chlár na Comhairle Múinteoireachta
Níos luaithe i mbliana, fuair an Chomhairle amach faoi láithreán gréasáin, teacherslookup.com, a chóipeáil eolas a bhí ar fáil go poiblí ó Chlár na Múinteoirí agus a ndearnadh é a athphostáil ar a láithreán gréasáin féin. Ó shin i leith, tá líon feabhsuithe curtha i bhfeidhm againn ar an gcóras TF agus tá monatóireacht ghéar déanta againn ar an scéal. Táimid sásta nár cóipeáladh sonraí gan chead ó shin. Postáladh fógra eolais maidir leis seo ar láithreán gréasáin na Comhairle Múinteoireachta ar an 15 Iúil.
Tabhair faoi deara, faoi Alt 29 de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001-2015, go n-éilítear ar an gComhairle roinnt eolais atá ar Chlár na Múinteoirí a chur ar fáil go poiblí. I dtaca leis seo, ba chóir a thabhairt do d’aire gurb é an t-eolas a dhéantar a phostáil ar láithreán gréasáin teacherslookup ná eolas atá ar fáil go poiblí agus foilsithe ar “Clár na Múinteoirí”, seachas an t-eolas atá pearsanta agus príobháideach ar “Mo Chlárú” atá ag an gComhairle Mhúinteoireachta.
Mar sin féin, tuigeann an Chomhairle go maith gurb ábhar imní é i measc múinteoirí an t-eolas atá curtha i láthair ar láithreán gréasáin teacherslookup, go háirithe na seoltaí scoileanna a bheith ar fáil agus bosca tuairimí faoi mhúinteoirí curtha isteach freisin.
Ar an mbonn sin, is mian linn a chur in iúl do mhúinteoirí chun iad a chur ar a suaimhneas go bhfuil curtha leis an bprótacal slándála ar an láithreán gréasáin trí captcha agus prótacal “gan róbat” a shuiteáil ann. Leanaimid ag comhoibriú go hiomlán le hoifig an Choimisinéara um Chosaint Sonraí i dtaca leis seo.
Ag eascairt as soiléiriú a fuaireamar le déanaí ó oifig an Choimisinéara um Chosaint Sonraí, tá i gceist againn anois scríobh chuig údaráis fheidearálacha na Stát Aontaithe agus iarraidh orthu an láithreán gréasáin a bhaint. Chomh maith leis sin, táimid ag scríobh chuig Google chun iarraidh orthu céimeanna a ghlacadh chun cosc a chur ar teacherslookup ó bheith le feiceáil sna torthaí cuardaigh má dhéantar ainm múinteora a chuardach.
Is é an chomhairle dlí atá faighte againn ná toisc go bhfuil an láithreán gréasáin lonnaithe lasmuigh de dhlínse na hÉireann agus an AE ní féidir leis an gComhairle iallach a chur leis an láithreán a bhaint nó a dhúnadh síos. Cé go bhféadfaí caingean dlí a thógáil i gcúirteanna na Stát Aontaithe, d’fhéadfadh sé a bheith an-chostasach agus maireachtáil ar feadh i bhfad agus níl aon ghealltanas ann go n-éireodh leis. Fiú dá n-éireodh linn, d’fhéadfadh na daoine a chruthaigh an láithreán láithreán gréasáin nua a chruthú agus an t-eolas atá acu cheana féin a chóipeáil trasna go dtí an ceann sin.
Braitheann a leithéid láithreán gréasáin ar líon leordhóthanach de chliceanna agus cuairteanna le fógraíocht a ghiniúint. Dá bhrí sin, dá mhéad cuairteanna a fhaigheann sé, is ea is airde a bheidh an t-ioncam agus is ea is airde a bheidh an toradh cuardaigh le feiceáil. Ar na cúiseanna seo, measaimid gurb é an cur chuige is fearr ná gan tuilleadh cuairteanna a chothú chuig an láithreán gréasáin seo agus an aird a tharraingítear air a theorannú.
Is ceist an-dáiríre í seo dúinn agus táimid tiomanta le sábháilteacht na sonraí atá ar ár gcórais inmheánacha agus sheachtracha a chinntiú.