Nuashonrú an 2 Samhain, 2015
Tá áthas ar an gComhairle Mhúinteoireachta réamhthátail thaighde an ESRI ar an bpróiseas Droichead go dtí seo a fhoilsiú. Tá na réamhthátail leagtha amach sa pháipéar oibre atá ar fáil anseo (béarla). Leis seo tabharfar deis do gach páirtí leasmhar machnamh a dhéanamh ar an bpróiseas agus an Chomhairle ag obair i dtreo polasaí Dhroichead a chríochnú i mí an Mhárta 2016. Tá achoimre ar na réamhthátail ar fail anseo (béarla).
Is fiú a lua go dtacaíonn réamhthorthaí na taighde le go leor den aiseolas atá faighte go díreach ó scoileanna cheana – sé sin, go bhfuil sé soiléir go bhfuil féidearthacht ag an bpróiseas tionchar tairbheach a imirt ar gach múinteoir i scoileanna Dhroichead, ní hamháin ar Mhúinteoirí Nua-cháilithe (MNCanna) nó baill de na FTGanna (Foirne Tacaíochta Gairmiúla). Ag féachaint don méid sin, ba mhaith leis an gComhairle an deis seo a thapú chun buíochas a ghabháil leis na múinteoirí agus na scoileanna go léir a ghlac páirt sa phróiseas go dtí seo as cuidiú linn forbairt spreagúil nua a chruthú do ghairm na múinteoireachta in Éirinn.
Léirítear leis na réamhthátail freisin go gcuirtear Droichead i bhfeidhm i gcomhthéacs leathan comhoibrithe foirmeálta agus neamh-fhoirmeálta na scoile. Is fianaise bhreise é sin ar an mbealach ina dtugtar aitheantas reachtúil foirmeálta le Droichead ar an tacaíocht agus an treoir atá tugtha ag go leor múinteoirí dá gcomhghleacaithe nua-cháilithe le blianta fada.
Cé go bhfuil tuarascáil dheiridh an ESRI le críochnú go fóill, is ábhar misnigh iad na réamhthorthaí. Ag féachaint dó sin, measann an Chomhairle go bhféadfaí Droichead a dheimhniú mar an mbealach ionduchtuithe do gach MNC laistigh de thrí bliana, má bhíonn na hacmhainní agus an tacaíocht chuí againn. Is ionann sin agus tréimhse forbartha de chúig bliana san iomlán ó dháta tosaigh na trialach. Chun é sin a bhaint amach, áfach, beidh gá tuarascáil dheiridh an ESRI a fháil agus machnamh a dhéanamh uirthi, agus na hacmhainní agus na gníomhartha a bheidh riachtanach leis an bpróiseas a fhás go hinmharthana le linn an fráma ama sin a shoiléiriú.
Agus muid ag obair leis an bpolasaí a fháil faomhaithe i mí an Mhárta 2016, beidh aird faoi leith á tabhairt ag an gComhairle ar na ceisteanna seo a leanas:
- An gá atá ann na bealaí go léir chun aiseolas a chur ar fáil agus foghlaim a roinnt idir múinteoirí, lena n-áirítear na Laethanta Foghlama Comhroinnte, a chothabháil agus tacú leo, sa dóigh is go mbeidh forbairt leanúnach Dhroichead mar an mbealach ionduchtuithe do MNCanna bunaithe go fóill ar gach múinteoir atá ag glacadh páirte sa phróiseas. Ar an dóigh seo tabharfar deimhniú leanúnach do lucht na gairme maidir le caighdeáin chomhléanúnacha Dhroichead.
- An méid a thugann Droichead aitheantas d’eispéireas MNCanna a mbeidh cláir leathnaithe an oideachais tosaigh múinteoirí curtha i gcrích acu e.g. B. Ed., PME, agus an méid a thógann sé ar an eispéireas sin.
- An gá atá ann soiléiriú a thabhairt ar an tsolúbthacht atá ag scoileanna i dtaobh an próiseas Droichead a chur i bhfeidhm, ag an am céanna ag cinntiú eispéireas ardchaighdeáin de threoir agus de thacaíocht do MNCanna.
- An gá atá ann soiléiriú a thabhairt ar conas a thógann Droichead ar an socrúchán scoile sínithe atá sna cláir oideachais tosaigh múinteoirí, agus mar a nascann sé leis an gcreat foghlama múinteoirí atá le teacht, dar teideal Cosán.
- Soiléiriú ar na meicníochtaí trína bhféadfar teacht ar thráth scaoilte ag leibhéal bunscoile agus iar-bhunscoile araon.
Táimid ag tnúth le tuilleadh caidrimh a bheith againn le páirtithe leasmhara sna míonna amach romhainn.
An Chomhairle Mhúinteoireachta
02 Samhain 2015