Athbhreithniú ar pholasaí Droichead

Tá an Chomhairle Mhúinteoireachta ag tabhairt faoi athbhreithniú ar a polasaí Droichead faoi láthair. Is ionann Droichead agus samhail fheabhsaithe ionduchtúcháin do Mhúinteoirí Nuacháilithe (MNCanna).

Tá an t-athbhreithniú seo ag eascairt as aiseolas a fuarthas ó pháirtithe leasmhara agus go leor de Bhaill na Comhairle féin agus luíonn sé le tiomantas leanúnach na Comhairle d'athbhreithniú tréimhsiúil ar pholasaí. Tá an t-abhreithniú á dhéanamh thar ceann na Comhairle ag an gCoiste Oideachais. Mar modus operandi tá Grúpa Oibre bunaithe ag an gCoiste Oideachais a scrúdóidh gach gné de Pholasaí Dhroichead lena n-áirítear cur ar fáil acmhainní agus am. Déanfaidh an Grúpa moltaí i dtaca le hathruithe de réir mar is cuí. Déanfaidh an Coiste Oideachais agus an Chomhairle féin na moltaí sin a bhreithniú. Tá an Grúpa Oibre anois i mbun dianoibre agus táthar ag dréim leis go mbeidh a chuid oibre curtha i gcrích faoi dheireadh na bliana. 

Tá sé i gceist againn go ndéanfar polasaí Dhroichead a nuashonrú mar thoradh ar an athbhreithniú agus go dtacóidh na páirtithe leasmhara go léir leis an bpolasaí nua sin.