Ag cruinniú na Comhairle ar an 3 Deireadh Fómhair 2016, rinneadh cinneadh á chur in iúl nach nglacfar níos mó le scéimeanna intéirneachta ar nós JobBridge, agus a leithéid scéimeanna den chineál céanna, mar shuíomh oiriúnach don phromhadh. Dá bhrí sin, ón dáta seo ar aghaidh ní bheidh múinteoirí a bhaineann leas as JobBridge i dteideal iarratas a dhéanamh ar phromhadh. Déanfar múinteoirí a rinne iarratas chuig Ionad Oideachais Luimnigh ar phromhadh roimh an 3 Deireadh Fómhair a éascú.