Lá Comhfhoghlama ar Shocrúchán Scoile: Comhpháirtíocht IAO- Scoile

Tá an socrúchán scoile, bunaithe ar chur chuige comhpháirtíochta ag Institiúidí Ardoideachais (IAOanna) agus scoileanna, fós ina thosaíocht straitéiseach don Chomhairle Mhúinteoireachta, agus dá bhrí sin táimid ag gabháil do roinnt tionscnamh a fhéachann leis an bhfoghlaim agus an dea-chleachtas a chomhroinnt sa réimse seo. Ag forbairt ar phlé go dtí seo, d’eagraigh an Chomhairle ócáid comhfhoghlama i mBaile Átha Luain Dé Sathairn 19 Samhain 2016. Thug an lá deis do IAOanna agus a scoileanna comhpháirtíochta deis luachmhar le cuir i láthair a dhéanamh maidir le cleachtais nuálacha i gcothú comhpháirtíochta IAO-Scoile. I measc na ndaoine a bhí i láthair bhí baill foirne IAO, príomhoidí agus múinteoirí comhoibríocha ó scoileanna comhpháirtíochta, múinteoirí faoi oiliúint, agus raon de pháirtithe leasmhara eile. Chuimsigh na cuir i láthair raon de nuálaíochtaí, lena n-áirítear ardáin riaracháin do shocrúcháin scoile, ról an teagascóra socrúcháin scoile, agus an luach atá ar theagasc foirne i socrúchán scoile. Tá na cuir i láthair go léir ón lá ar fáil anseo.

Aireoidh an chéad chéim eile den obair táirgeadh ar ríomh-leabhar socrúchán scoile in earrach na bliana 2017.