Lá Foghlama Comhroinnte á óstáil ag an gComhairle Mhúinteoireachta

Tá Lá Foghlama Comhroinnte á óstáil ag an gComhairle Mhúinteoireachta maidir le Socrúchán Scoil: Comhpháirtíocht Scoile-Institiúidí Ardoideachais a Fhorbairt, Dé Sathairn 19 Samhain 2016 san Óstán Athlone Springs ó 10.00am-4pm.

Áireoidh an ócáid cuir i láthair ó Institiúidí Ardoideachais, agus a scoileanna comhoibrithe, maidir lena gcur chuige i leith na comhpháirtíochta. Ar an lá, beidh cur i láthair freisin i dtaca leis na tátail eatramhacha ó thaighde ar shocrúchán scoile a d’ordaigh an Chomhairle Mhúinteoireachta.

Tá roinnt áiteanna fós ar fáil don ócáid agus is féidir le múinteoirí a bhfuil spéis acu RSVP a sheoladh chuig education@teachingcouncil.ie  Dé Céadaoin 16 Samhain 2016 nó roimhe sin, agus ainm, uimhir chlárúcháin na Comhairle Múinteoireachta agus seoladh r-phoist a sholáthar. Is féidir le múinteoirí cláraithe a bhíonn i láthair costais taistil a éileamh ón gComhairle Mhúinteoireachta.