Rialacháin Clárúcháin 2016 - cur i láthair

An 25 Iúil 2016, shínigh an tAire Oideachais agus Scileanna, Richard Burton, Uas., T.D., Rialacháin Clárúcháin na Comhairle Múinteoireachta 2016. Tagann na Rialacháin Clárúcháin 2016 san ionad ar na Rialacháin Clárúcháin 2009. Ní bheidh aon tionchar ag tabhairt isteach na Rialachán Clárúcháin 2016 ar mhúinteoirí atá cláraithe faoi Rialacháin 2009. Díríonn na rialacháin nua ar an gclárúchán sa chiall is leithne, agus pléann siad le raon d’ábhair. Tá foráil iontu do na riachtanais ghrinnfhiosrúcháin nua, fianaise ar charachtar (duine ceart oiriúnach) agus athnuachaintí. Ina theannta sin cuireann siad san áireamh na cláir fheabhsaithe um oiliúint tosaigh múinteoirí atá ar fáil ar fud Institiúidí Ardoideachais na hÉireann.

 Faoi na Rialacháin Clárúcháin 2016, tarlóidh clárúchán anois faoi "Bhealaí Clárúcháin", seachas Rialacháin a Dó go dtí a Cúig, a bhí ar bun ó 2009. Léiriú is ea an t-athshainiú seo ar fhreagracht na Comhairle as Clár na Múinteoirí iomlán cáilithe a sholáthar. Tá sé tábhachtach a nótáil nach dtéann na hathruithe seo i gcion ar chlárúchán aon mhúinteora ar bith atá ar an gClár faoi láthair. Fanfaidh na múinteoirí sin ar an gClár fad is a déantar a gclárúchán a athnuachan in aghaidh na bliana. Tá na Rialacháin Clárúcháin 2016 ar fáil ar roinn na bhFoilseachán de shuíomh gréasáin na Comhairle Múinteoireachta