Sábháil an Dáta: Múinteoirí agus Taighde

Múinteoirí agus Taighde: Leanúint den Chomhrá

Lá foghlama comhroinnte ag fiosrú agus ag ceiliúradh taighde le múinteoirí, do mhúinteoirí agus ag múinteoirí.

Dé Sathairn 11 Márta 2017

Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach.

 

Ó 2013, tá an Chomhairle Mhúinteoireachta, an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta agus an Lárionad do Sheirbhísí Éifeachtacha ag obair i ndlúthpháirt lena chéile chun feabhas a chur ar na naisc idir taighde, polasaí agus cleachtas do theagasc agus foghlaim. Is mian lean leanúint de na comhráite sin agus feabhas a chur orthu ag Lá Foghlama Comhroinnte ar thaighde mí an Mhárta seo chugainn.

 

Tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh an Dr Carol Campbell, (@CarolCampbell4) Ollscoil Toronto ag labhairt leis an lucht freastail mar phríomhchainteoir. Is é an teideal atá ar a cuid cainte: Mobilising Knowledge Of, By and For the Learning Profession: Teachers Leading Educational Improvement.

 

Cliceáil anseo do thuilleadh eolais faoin ócáid seo.