Stair agus Struchtúr an Chórais Oideachais in Éirinn - an Chéad Triail Inniúlachta eile

Déanann an Chomhairle Mhúinteoireachta Triail Inniúlacha ar Stair agus Struchtúr Chóras Oideachais na hhÉireann a riar faoi dhó sa bhliain. Tá sé ceaptha chun freastal ar dhaoine a chláraítear faoi Rialachán a Ceathair de Rialacháin [Clárúchán] na Comhairle Múinteoireachta, 2009 leis an gcoinníoll go léiríonn siad leibhéal sásúil eolais agus tuisceana ar an ábhar. Is cúrsa éigeantach é an cúrsa seo ar gach clár d’oideachas tosaigh múinteoirí iar-bhunscoile in Éirinn atá creidiúnaithe ag an gComhairle Mhúinteoireachta.

Caithfear rogha a sholáthar faoi théarmaí Treorach AE 2005/36/CE idir Triail Inniúlachta agus Tréimhse Oiriúnaithe d’iarratasóirí don chlárúchán ar gá dóibh an coinníóll/an t-easnamh seo a shásamh. Clúdaíónn an triail riachtanas na Trialach Inniúlachta.

Tugann an Nóta Míniúcháin eolas faoin dtriail inniúlachta agus faoin scéim mharcála agus ceisteanna samplacha. Gliogáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas aghaidh a thabhairt ar an easnamh/coinníoll seo

An Chéad Triail Inniúlachta Eile

  • Dáta: Satharn, 8 Aibréan 2017
  • Am: 11:00am - 1:00pm
  • Ionad: Loftus Láir, An Campas Theas, Ollscoil Má Nuad, Ollscoil na hÉireann Má Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara.
  • Áirithint: Is é an spriocdháta d'áirithintí an 30 Márta 2017