Seimineár Eolas Gréasáin de chuid Droichead

Beidh Seimineár Eolais Gréasáin de chuid Droichead ar siúl Dé Céadaoin, 14 Meitheamh ar 8 pm. Ag an seimineár gréasáin tabharfar deis do mhúinteoirí éisteacht agus idirghníomhú a dhéanamh le príomhoide, múinteoir nuacháilithe agus ball d'fhoireann tacaíochta gairmiúla a raibh taithí acu ar phróiseas Droichead. Beidh an Chomhairle Mhúinteoireachta agus an CNIM rannpháirteach sa phlé freisin. Deis iontach í seo éisteacht le múinteoirí a bhfuil cur amach acu ar chur i bhfeidhm an phróisis. 

Más spéis leat freastal ar an seimineár gréasáin seo cláraigh anseo le do thoil. Tabhair faoi deara le do thoil mura n-oireann an t-am seo duit, beifear in ann rochtain a dhéanamh ar thaifeadadh den seimineár gréasáin tar éis an imeachta ar ár suíomh gréasáin. 

Más mian leat clárú le haghaidh oiliúint Droicheadcliceáil anseo.

Tá tuilleadh eolais maidir le Droichead anseo.