Lá Comhfhoghlama de chuid Cosán

Mar chuid de phróiseas um Fhorbairt Cosán tá cuireadh tugtha ag an gComhairle Mhúinteoireachta do mhúinteoirí, mar dhaoine aonair, grúpaí nó scoileanna iomlána, chun iniúchadh a dhéanamh ar chreatlach Cosán ina gcomhthéacsanna áirithe féin, agus chun aiseolas a chur ar fáil don Chomhairle le cur leis an bhforbairt leanúnach atá á déanamh ar an gcreatlach.

Ar an 19 Bealtaine 2018, reáchtáil an Chomhairle Mhúinteoireachta Lá Comhfhoghlama inar tugadh cuireadh do na múinteoirí bunscoile, iarbhunscoile agus breisoideachais seo teacht le chéile chun a gcuid taithí faoin bpróiseas go dtí seo a roinnt le chéile.

I rith an lae rinneadh iarracht aon cheisteanna a fhreagairt a bheadh ag na rannpháirtithe maidir leis an bpróiseas, agus chun tacú leo agus iad ag bogadh ar aghaidh.

Féach ar an bhfíseán gearr thíos chun léargas a fháil maidir leis an lá agus maidir leis an taithí a bhí acu siúd atá rannpháirteach sa Phróiseas um Fhorbairt Cosán (béarla).