Ceithre thionscadal nuálacha chomhoibríocha nua-athraitheacha ar ghearrliosta
FÉILTE ar siúl in OÉ Gaillimh Dé hAoine, 27ú agus Dé Sathairn, 28ú Meán Fómhair.
Tá an Chomhairle Mhúinteoireachta tar éis ceithre thionscadal mhúinteoireachta a ghearrliostú mar chuid den tionscnamh “Teachers Inspire”. Is tionscadail iad atá nuálach comhoibríoch nua-athraitheach agus acmhainneacht fáis ar scála náisiúnta ag baint leo. Rinne an Chomhairle na tionscadail sin a roghnú mar eiseamláirí den ról claochlaitheach a imríonn múinteoirí inár bpobail agus sa tsochaí trína gcomhoibriú.
Beidh na múinteoirí gearrliostaithe ar fad i láthair ag ceiliúradh de chuid “Teachers Inspire” sa Héilics ar an 4ú Deireadh Fómhair. Tabharfar aitheantas ar leith do cheann de na tionscadail agus bronnfar Gradam Desmond air. Cúig Ghradam Desmond ar fad a bhronnfar an oíche sin ar mhúinteoirí ar fud na hÉireann ar inspioráid iad.
Tá faoin gComhairle Mhúinteoireachta aitheantas a thabhairt don sár-chomhoibriú i measc múinteoirí ar fud na hÉireann leis an ngradam sin. Roghnaíodh an gearrliosta as 46 mheitheal múinteoirí a bheidh i mbun seóthaispeántais ag FÉILTE, ócáid mhór na Comhairle, i nGaillimh an tseachtain seo chugainn.
Is é FÉILTE an ócáid oideachais bhliantúil is mó in Éirinn, ceiliúradh ar obair mhúinteoirí ina seomraí ranga ó lá go lá. Beidh FÉILTE ar siúl in OÉ Gaillimh i mbliana, Dé hAoine, 27ú agus Dé Sathairn, 28ú Meán Fómhair agus is é an tAire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh T.D a osclóidh an ócáid go foirmiúil. Is deis ar leith é do mhúinteoirí an mhúinteoireacht agus an fhoghlaim nuálach a chomhroinnt agus caidreamh a bhunú lena chéile agus leis an bpobal. Beidh an ócáid seo oscailte do mhúinteoirí agus don phobal i gcoitinne agus beifear ag fáiltiú roimh bhreis agus 800, idir thoscairí agus lucht freastail. Tá na ticéid ar fail anois, ó www.teachingcouncil.ie
Ceithre Thionscadal Nuálacha
Beidh na ceithre thionscadal ghearrliostaithe i dtaispeántas ina mbeidh 46 eiseamláir de scoth na múinteoireachta, mar aon le ceardlanna idirghníomhacha agus cás-staidéir de rannpháirtíochtaí múinteoireachta comhoibríocha bunaithe ar théama FÉILTE i mbliana - “Oideachas 360: Ag Foghlaim ó Dhaoine Eile”. Roghnaíodh na heiseamláirí don seóthaispeántas - 46 ar fad - as breis agus 150 iarratas agus is eiseamláirí iad de shárchaighdeáin feabhais agus ghairmiúlachta i gcleachtas na múinteoireachta.
Integrating VEX Robotics across the Primary School Curriculum (VEX-Robotics a Chomhtháthú ar fud Churaclam na Bunscoile), á threorú ag Maeve Liston, mar aon le meantóirí VEX ó DELL EMC Luimneach, an clár VEX Robotics i gColáiste Mhuire gan Smál agus grúpa múinteoirí ó scoileanna ar fud Chontaetha Thiobraid Árann, Luimnigh agus Chorcaí. Tacaíonn an tionscadal sin le múinteoirí a mhúineann an róbaitic ar fud churaclam na bunscoile. Chun é a chur ar fáil, rinneadh cúrsaí samhraidh a sheachadadh, mar aon le seisiúin rialta san fhorbairt ghairmiúil i gcomhar le múinteoirí. An aidhm a bhí leis an tsamhail sin den Fhor-rochtain Oideachais STEM, b’in cur le heolas na múinteoirí ar inneachar agus ar oideolaíocht STEM, rud a chuaigh i bhfeidhm, dá réir sin, ar a muinín agus ar a gcumas scileanna STEM a mhúineadh.
Peer Collaboration between Primary and Post-Primary Levels in Mathematics, (Piar-Chomhoibriú idir Leibhéil an Bhunoideachais agus an Iar-bhunoideachais sa Mhatamaitic), á threorú ag Caroline Burke, Malachy Dolly agus Jackie Wallace ó Phobalscoil Chora Droma Rúisc. Tá córas piar-bhreathnóireachta seanbhunaithe sa scoil ó 2015 i leith. Leathnaigh na treoraithe tionscadail agus na múinteoirí an bhreathnóireacht go dtí dhá Bhunscoil áitiúla in 2019. Rinne múinteoirí matamaitice bhliain a haon breathnóireacht ar cheachtanna matamaitice rang a sé agus rinne múinteoirí bunscoile breathnóireacht ar cheachtanna matamaitice bhliain a haon chun cuidiú agus tacú níos éifeachtaí leis na daltaí san aistriú ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil. Thacaigh an comhoibriú sin le cultúr ina bhfuil comhroinnt agus muinín agus modhanna nua múinteoireachta agus acmhainní á dtriail chomh maith le rannpháirtíocht i gcomhráite gairmiúla agus iarbhreathnóireacht, chun an dea-chleachtas a athbhreithniú agus eispéireas foghlama na ndaltaí a fheabhsú ar mhaithe leis an mbearna uimhearthachta idir Bunoideachas agus Iar-Bhunoideachas a dhúnadh agus an t-aistriú a éascú dár gcuid daltaí. Tá sé i gceist an próiseas a leathnú go dtí an Ghaeilge agus an Béarla in 2020.
Girls in DEIS Schools: Changing Attitudes /Impacting Futures in STEM (Cailíní i Scoileanna DEIS: Dearcthaí ag Athrú/Ag dul i bhfeidhm ar Thodhchaí STEM), á threorú ag Karen Maye, Darragh Connolly, Marelle Rice, Rachel Farrell, an tOll. Judith Harford, Dr. Aoibhinn Ní Shúilleabháin agus Aoife Cantwell as COBÁC. Díríonn an tionscadal ar rannpháirtíocht chailíní ó scoileanna DEIS in STEM a mhéadú. Tá cur chuige traschuraclamach comhoibríoch in úsáid i dteagasc STEM: iniúchann na daltaí beathaí agus tionchar ceannródaithe STEM ar mhná iad, ón am atá thart agus san am i láthair. Oileadh meithleacha ina raibh múinteoirí faoi oiliúint agus múinteoirí oilte, ó shé scoil, chun mná sa STEM a chur i láthair chailíní le modheolaíocht na scéalaíochta, agus oideolaíocht Fealsúnacht do Pháistí (P4C) mar bhonn agus mar thaca aici. Forbraíodh suíomh gréasáin acmhainní trínar féidir fíorais chliniciúla loma, b’fhéidir, a chasadh ina scéal tarraingteach daonna a théann i gcion ar shamhlaíocht chailíní óga agus a thugann orthu tábhacht STEM a aithint, muinín a chur i STEM agus gníomhú ar a shon trí raon éagsúil meán.
Virtual Reality Explorers(Taiscéalaithe sa Réaltacht Fhíorúil), á threorú ag Marie O Connell, Mary Brosnan & Conor Kearney. Tá ceithre bhunscoil agus Institiuid Teicneolaíochta Thrá Lí ag comhoibriú le chéile i mbraisle dhigiteach chun an Curaclam Teangacha Bunscoile a dhaingniú. Úsáideann siad gléasanna cinn Réaltacht Fhíorúil (VR) mar uirlis i bhforbairt na labharthachta, na léitheoireachta agus na scríbhneoireachta. Ach an uirlis VR sin a úsáid baineann na daltaí tairbhe as deiseanna luachmhara san fhoghlaim ó thaithí, a chuimsíonn na stíleanna foghlama ar fad mar aon leis na riachtanais agus na cumais uile. Téann an tionscadal sin, agus an t-eispéireas réaltacht fhíorúil a chuireann sé ar fáil, i bhfeidhm ar na foghlaimeoirí ar fad agus tugann sé deis dóibh dul i ngleic le hiontais an domhain gan imeacht as an seomra ranga. Tá an córas bunaithe ar Google Expeditions, bogearra atá ar fáil do na scoileanna lena úsáid saor in aisce. Cé go ndíríonn an tionscadal ar an gcuraclam teangacha, tá an mheitheal á fhorbairt i neart réimsí eile freisin ar nós OSTE, OSPS etc.
Labhair Noelle Moran, Cathaoirleach na Comhairle Múinteoireachta, á rá: “Tá a fhios againn go mbíonn tionchar an-dearfach ag múinteoirí ar an oideachas a chuirtear ar ár ndaoine óga agus go síneann an méid sin níos faide ná an seomra ranga isteach ina gcuid taighde féin agus i bhforbairt tionscnamh atá in ann leas níos mó fós a dhéanamh ar son daltaí, scoileanna agus na sochaí i gcoitinne. Ceapadh an “Teachers’ Collaboration Award” chun an tiomantas sin a aithint mar aon leis an acmhainn athrú a chruthú ar son leas na múinteoireachta agus an oideachais i gcoitinne trí bhíthin comhroinnt ghairmiúil agus cruthú eolais ar féidir é a fhorbairt ar bhonn réigiúnach agus náisiúnta lena úsáid ag múinteoirí gach áit. Tá caighdeán na dtionscadal atá á moladh don ghradam sin ar fheabhas ar fad agus tá mé ag tnúth go mór leis na tionscnaimh ar fad a fheiceáil a bheidh ar seóthaispeáint ag FÉILTE.”
Labhair Tomás Ó Ruairc, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta á rá: “Ceiliúrann FÉILTE gairmiúlacht agus obair mhúinteoirí ar fud na hÉireann, agus is léiriú é ar fhís na gairme leanúint den obair sin trí chomhroinnt na foghlama ar bhonn comhoibríoch. Ach na léargais sin a chomhroinnt agus conairí spreagúla nua múinteoireachta a fhorbairt as lámh a chéile, leanfaidh an ghairm de bheith ag éabhlóidiú ar son leas na múinteoirí uile agus na sochaí i gcoitinne, áit a mbeidh an ról s’againne ag díriú ar thacaíocht a thabhairt do na hardchaighdeáin mhúinteoireachta ar fud na hÉireann agus iad a fheabhsú
Tugann FÉILTE (an Fhéile Oideachais sa Múinteoireacht agus san Fhoghlaim) deis chomhoibrithe do mhúinteoirí agus deis dóibh freisin a gcuid oibre a chomhroinnt le chéile agus leis an bpobal i gcoitinne. Chomh maith le ceardlanna agus imeachtaí comhoibríocha, beidh dhá phlé phainéil ag breathnú go mion ar ghnéithe tábhachtacha den mhúinteoireacht sa lá inniu.
Ar na heochairchainteoirí tá saineolaithe oideachais ó Éirinn agus saineolaithe idirnáisiúnta, An tAire Oideachais & Scileanna Joe McHugh TD, agus an tOllamh Andy Hargreaves, oideachasóir a bhfuil clú idirnáisiúnta air. Beidh Aoibhinn Ní Shúilleabháin sa chathaoir le haghaidh plé ar ‘Leaders in the Community’. Páirteach ann beidh Pat McDonagh, fiontraí agus úinéir Supermacs; Ciara Griffin, múinteoir agus captaen fhoireann rugbaí na hÉireann; agus Éimhín Craddock, múinteoir agus treoraí na Drumadore Drummers. Cuirfear clabhsúr ar an bhféile le plé painéil ar an ‘Inclusive Education’ á threorú ag Katherine O’Leary (feirmeoir déiríochta, máthair, iriseoir agus múinteoir eacnamaíocht bhaile i scoil speisialta i gCorcaigh). Páirteach sa phlé freisin beidh Niall Muldoon, an tOmbudsman do Leanaí agus glórtha eile ón oideachas ionchuimsitheach.
Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta an comhlacht reachtúil do chaighdeáin ghairmiúla i ngairm na múinteoireachta, a dhéanann caighdeáin ghairmiúla sa mhúinteoireacht a chur chun cinn agus a rialáil.