D’fháiltigh an Chomhairle Mhúinteoireachta roimh sheoladh an chéad chláir B.Oid. don ISL (Teanga Chomharthaíochta na hÉireann), arna sheoladh ag an Aire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh T.D.
Agus é ag trácht ar an bhforbairt stairiúil, dúirt Stiúrthóir na Comhairle, Tomás Ó Ruairc:
“Cuireann sé an-áthas orainn a fheiceáil go bhfuil an clár seo á lainseáil, clár a thairgeann conair nua isteach sa mhúinteoireacht do mhic léinn atá bodhar nó a bhfuil moill éistigh orthu. Cuirfidh sé le hilchineálacht na gairme agus tacóidh sé chun eiseamláirí nua a fhorbairt do mhic léinn sna blianta romhainn.
“D’fhéach An Chomhairle le comhairle a chur ar fáil don Roinn maidir le Teanga Chomharthaíochta na hÉireann a cheadú a ghlacadh mar chaighdeán do chláir Oideachais Tosaigh Múinteoirí den chineál seo (in áit na Gaeilge), agus iad ag moladh an cur chuige seo a ghlacadh.
“Ag a cruinniú i Mí na Nollag, d’fhaomh an Chomhairle creidiúnú don chlár B.Oid. (ISL) agus tá súil aici fáilte a chur roimh chéimithe ón gclár isteach sa ghairm sna blianta le teacht. Agus na caighdeáin do chláir Oideachais Tosaigh Múinteoirí atá leagtha síos ag an gComhairle arna gcomhlíonadh acu, féadfaidh mic léinn an chláir a bheith dearfa go bhfuil siad rannpháirteach in eispéireas múinteoireachta agus foghlama ar ardchaighdeán a thacóidh leo chun a bheith ar a mbuaic mar mhúinteoirí i gcás na ndaltaí a bheidh á múineadh acu.
Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta an comhlacht do chaighdeáin ghairmiúla i ngairm na múinteoireachta agus déanann sí caighdeáin ghairmiúla sa mhúinteoireacht a chur chun cinn agus a rialáil.
Nótaí:
Is é an B.Oid. nua ISL (Teanga Chomharthaíochta na hÉireann) an chéad chlár dá shórt i stair an Stáit agus faigheann sé maoiniú ón Roinn Oideachais agus Scileanna faoin gclár nua um Ionchuimsiú, PATH 1. Is é cuspóir an chiste sin cur leis an rochtain ar Oideachas Tosaigh Múinteoirí i gcás mic léinn ó na spriocghrúpaí a sainaithníodh sa Phlean Náisiúnta Rochtana, mic léinn faoi mhíchumas san áireamh. Tá an clár á chur ar fáil ag Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ó Mheán Fómhair na bliana seo, agus fáiltítear anois roimh iarratais tríd an bpróiseas CAO reatha (1 Feabhra 2019 an spriocdháta). Tá an chonair nua i dtreo an B.Oid á tabhairt isteach ó Mhí Mheán Fómhair ar bhonn píolótach ar an gcéad dul síos, agus beidh sé áit ar fáil; agus tá sé sa sceideal go nglacfar le mic léinn arís do Mheán Fómhair 2023 ar aghaidh.
Maidir le Gaeilge ardleibhéil san Ardteistiméireacht, an réamhriachtanas reatha, táthar leis an leibhéal céanna i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann a chur ina háit mar riachtanas iontrála. Cé go bhfuil an iontráil isteach sa chúrsa teoranta do Bhodhair atá ag iarraidh a bheith ina múinteoirí bunscoile ag obair in earnáil oideachais na mBodhar, déanfar croímhodúil a sheachadadh i gcomhar leo siúd i gclár an B.Oid. a bhfuil an éisteacht acu, ach déanfar modúil a bhaineann go sonrach le hoideachas na mbodhar a sheachadadh mar speisialachas. Déanfar roinnt de na modúil a bhaineann go sonrach le hoideachas na mbodhar a chur ar fáil mar chúrsaí roghnacha d’ábhair mhúinteoirí a bhfuil an éisteacht acu. Beidh socrúchán scoile 30 seachtain freisin ina chuid den chúrsa céime lánaimseartha ceithre bliana.
Tá téacs iomlán ráiteas an Aire le feiceáil ANSEO