Lainseálann an Chomhairle Mhúinteoireachta FÉILTE 2019 - “Oideachas 360: Ag Foghlaim ó Dhaoine Eile”
Beidh FÉILTE – an ócáid oideachais is mó in Éirinn – ar siúl in OÉG ar an 27ú & 28ú Meán Fómhair.
Ar na heochairchainteoirí tá saineolaithe oideachais ó Éirinn agus saineolaithe idirnáisiúnta, An tAire Oideachais & Scileanna Joe McHugh TD; an tOllamh Andy Hargreaves; Pat McDonagh, bunaitheoir Supermacs; Ciara Griffin, Múinteoir agus Captaen Rugbaí na hÉireann; Aoibhinn Ní Shúilleabháin; an tOmbudsman do Leanaí, Niall Muldoon, agus go leor eile.
Fógraíonn an Chomhairle Mhúinteoireachta, “Teachers’ Collaboration Award” i gcomhar le “Teachers Inspire Ireland”, tionscnamh de chuid OCBÁC
Dé Luain, 26ú Lúnasa 2019 - Lainseáil an Chomhairle Mhúinteoireachta sonraí FÉILTE - an ócáid oideachais bhliantúil is mó in Éirinn, ceiliúradh ar shárobair mhúinteoirí ina seomraí ranga ó lá go lá. Beidh FÉILTE ar siúl i mbliana in OÉG, Dé hAoine an 27ú agus Dé Sathairn an 28ú Meán Fómhair.
Is é an tAire Oideachais, Joe McHugh T.D. a osclóidh FÉILTE go foirmiúil maidin Dé Sathairn, an 28ú Meán Fómhair.
Is deis uathúil é do mhúinteoirí an mhúinteoireacht agus an fhoghlaim nuálach a chomhroinnt agus caidreamh a bhunú lena chéile agus leis an bpobal. Tá an ócáid oscailte do mhúinteoirí agus don phobal i gcoitinne agus beifear ag fáiltiú roimh bhreis agus 800, idir thoscairí agus lucht freastail. Tá na ticéid ar fail anois, ó www.teachingcouncil.ie
Beidh deis ar leith ag dhá chéad múinteoir beárbaiciú cois abhann a chaitheamh tráthnóna Dé hAoine, agus eachtraí a roinnt leis an Ollamh Andy Hargreaves, oideachasóir a bhfuil cáil dhomhanda air.
Mic léinn atá ag dul don chéim nua BA sa Cheol in OÉG a bheidh ag seinm ceoil ag an oscailt oifigiúil maidin Dé Sathairn.
Tabharfaidh Andy Hargreaves eochairaitheasc ag an oscailt oifigiúil, agus roinnfidh sé léargais dá chuid le linn dó a bheith i mbun comhrá leis an Dr Aoibhinn Ní Shúilleabháin.
Déanfaidh FÉILTE seóthaispeántas a óstáil ina mbeidh 50 eiseamláir de scoth na múinteoireachta mar aon le ceardlanna idirghníomhacha agus cás-staidéir den rannpháirtíocht sa mhúinteoireacht chomhoibríoch, bunaithe ar théama na bliana “Oideachas 360: Ag Foghlaim ó Dhaoine Eile”. Roghnaíodh an 50 sampla don seóthaispeántas ó bhreis agus 150 iarratas; is eiseamláirí iad de na hardchaighdeáin barr feabhais agus ghairmiúlachta sa chleachtas múinteoireachta. Rinneadh an leibhéal is airde iarratas riamh ar an seóthaispeántas i mbliana, seachtú bliain FÉILTE.
Tá an nuáil sa mhúinteoireacht agus san fhoghlaim i gcroílár FÉILTE. Beidh deis ag múinteoirí atá i mbun taighde torthaí an taighde sin a chomhroinnt agus a phlé lena bpiaraí ag seisiún ‘Researchmeet’, ócáid uathúil le linn FÉILTE. Beidh ‘Studentmeet’ ann freisin, áit a mbeidh painéal príomhoidí agus múinteoirí nuacháilithe ag cur comhairle ar mhúinteoirí faoi oiliúint. Beidh ceannairí scoile in ann bualadh le chéile sa ‘Leadershipmeet’ arna éascú ag an Lárionad Ceannaireachta Scoile, agus beidh deis ag an lucht freastail na scéalta taobh thiar den Seóthaispeántas a iniúchadh.
Múinteoirí: Ionspioráid d’Éirinn
D’fhógair an Chomhairle Mhúinteoireachta freisin go mbronnfar gradam speisialta as comhoibriú ag dinnéar ceiliúrtha ar an 27ú Meán Fómhair chun múinteoirí a cheiliúradh agus a ról claochlaitheach inár bpobail agus sa tsochaí a aithint. Bronnfar gradam, an “Teachers’ Collaboration Award”, ar cheann de na meithleacha múinteoirí a léireoidh seóthaispeántas ag FÉILTE, i gcomhar le Teachers Inspire, tionscnamh uile-Éireann arna bhunú agus arna threorú ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Is é is aidhm don ghradam áirithe sin, aitheantas a thabhairt do chomhoibriú den scoth i measc múinteoirí ar fud na hÉireann.
Agus é ag labhairt, dúirt Joe McHugh TD, An tAire Oideachais agus Scileanna, “Tá FÉILTE ar na buaicphointí sa bhliain acadúil, áit a chruthaíonn sé fóram chun gairmiúlacht agus ardchaighdeáin na múinteoirí a aithint mar aon lena n-ionchur ar son páistí, teaghlaigh, daltaí agus pobail ar fud na hÉireann. Is léiriú é chomh maith ar fhís na gairme leanúint d’fhorbairt an ionchuir sin trí chomhroinnt chomhoibríoch a dhéanamh ar an dea-chleachtas, ar an taighde agus ar a n-eispéiris, rud a théann chun sochair do mhúinteoirí ag gach céim dá ngairmréim, agus a thugann glanléargas ar shaol na múinteoireachta don phobal. Tá mé ag dúil go mór a bheith i láthair ag na himeachtaí i nGaillimh agus páirt a ghlacadh iontu.”
Dúirt :Noelle Moran, Cathaoirleach na Comhairle Múinteoireachta: “D’éirigh leis an gComhairle Mhúinteoireachta fáiltiú roimh bhreis agus 4,000 múinteoir breise go dtína Clár le bliain anuas, ionas go bhfuil breis agus 102,700 múinteoir cláraithe in Éirinn anois. Sin dea-theist ar an síorthiomantas don mhúinteoireacht mar ghairm bheatha agus mar ghairmréim agus ar obair na Comhairle Múinteoireachta a fhéachann le tacaíocht a thabhairt don ghairm agus í a chur chun cinn, is cuma an trí bhíthin FÉILTE é nó trínár gcláir forbairt ghairmiúil leanúnach a thacaíonn le múinteoirí ó thús go deireadh a ngairmréimeanna gairmiúla.”
Chuir Tomás Ó Ruairc, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta, leis an méid sin, á rá: “Tá gach a dhéanaimid dírithe ar chaighdeáin i ngairm na múinteoireachta a chothabháil agus a fheabhsú agus ar thacaíocht a thabhairt dóibh, agus is léiriú follasach ar an méid sin an chaoi a bhfuil ag éirí le FÉILTE. Téama an-tábhachtach dúinn i mbliana an comhoibriú agus comhroinnt léargas, agus má chuirimid le chéile ag obair agus ag forbairt beidh an ghairm ag éabhlóidiú i gcónaí, ní chun leasa múinteoirí amháin ach chun leasa ár sochaí ar fad agus ár dtíre freisin.
Tugann FÉILTE (an Fhéile Oideachais sa Múinteoireacht agus san Fhoghlaim) deis chomhoibrithe do mhúinteoirí agus deis dóibh freisin a gcuid oibre a chomhroinnt le chéile agus leis an bpobal i gcoitinne. Chomh maith le ceardlanna agus imeachtaí comhoibríocha, beidh dhá phlé painéil ag breathnú go mion ar ghnéithe tábhachtacha den mhúinteoireacht sa lá inniu. Beidh Aoibhinn Ní Shúilleabháin sa chathaoir le haghaidh plé ar ‘Leaders in the Community’. Páirteach ann beidh Pat McDonagh, fiontraí agus úinéir Supermacs; Ciara Griffin, múinteoir agus captaen fhoireann rugbaí na hÉireann; agus Éimhín Craddock, múinteoir agus treoraí na Drumadore Drummers. Cuirfear clabhsúr ar an bhféile le plé painéil ar an ‘Inclusive Education’ á threorú ag Katherine O’Leary (feirmeoir déiríochta, máthair, iriseoir agus múinteoir eacnamaíocht bhaile i scoil speisialta i gCorcaigh). Páirteach sa phlé freisin beidh Niall Muldoon, an tOmbudsman do Leanaí agus glórtha eile ón oideachas ionchuimsitheach.
Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta an comhlacht do chaighdeáin ghairmiúla i ngairm na múinteoireachta, a dhéanann caighdeáin ghairmiúla sa mhúinteoireacht a chur chun cinn agus a rialáil.