Is mian linn a chur in iúl dóibh siúd uile atá ag iarraidh clárú agus dár ngeallsealbhóirí uile go bhfuil an Chomhairle Mhúinteoireachta ar oscailt agus i mbun gnó.
Toisc srianta Rialtais faoi láthair sa chomhrac i gcoinne leathadh Covid-19, tá foireann na Comhairle Múinteoireachta ag obair go cianda agus san oifig, araon, i láthair na huaire chun a áirithiú maidir leis na foirmeacha iarratais uile a thagann sa phost agus sa ríomhphost, go bhfaightear iad agus go ndéantar iad a phróiseáil.
Má tá aon cheisteanna agat, cuir ríomhphost chuig info@teachingcouncil.ie le do thoil, agus cuirfear go dtí an rannóg chuí iad lena bhfreagairt go pras. Cuirtear na ríomhphoist uile a fhaightear i scuaine oibre chun go bhfreagrófar go díreach iad ón rannóg chuí. Ar mhiste leat gan dhá chóip nó níos mó de ríomhphost a chur chugainn le do thoil, óir d’fhéadfadh sé a bheith ina chúis mhoille le próiseáil d’iarratais.
Bíonn ár línte teileafóin ar oscailt freisin, Luan go hAoine, 10am go 12pm, agus 3pm go 5pm, i gcás go gcaithfeá labhairt le duine éigin faoi d’iarratas nó dá mbeadh ceist phráinneach agat. Bí foighneach áfach, le do thoil, óir d’fhéadfadh ár línte a bheith gnóthach.
Tá rannóg Ceisteanna Coitianta (CC/FAQ) ar ár suíomh gréasáin freisin a chuideodh chun do cheist a fhreagairt, b’fhéidir.
Is mór againn do chomhoibriú agus do thuiscint an tráth uathúil seo. Is mian linn, a oiread agus is féidir, seirbhís gnó mar is gnách a chur ar fáil dóibh siúd uile atá ag iarraidh clárú.
Guthán: +353 (1) 651 7900
Lóghlao: 1890 224 224
Ríomhphost: info@teachingcouncil.ie