An Chomhairle Mhúinteoireachta ag bogadh go fógraí athnuachana ar líne

Is mian leis an gComhairle a chur in iúl do na múinteoirí cláraithe ar fad go dtiocfaidh athrú ar phróiseas na bhfógraí athnuachana clárúcháin, le héifeacht ó fhógraí athnuachana Eanáir 2020. Mar chuidiú chun ár lorg carbóin a mhaolú agus chun an próiseas athnuachana a dhéanamh níos éifeachtaí, táimid ag dul i dtreo córas fógraí leictreonach.

In ionad fógra páipéir a eisiúint chuig gach múinteoir atá le hathnuachan, is meabhrúcháin ríomhphoist agus SMS, amháin, a chuirfidh an Chomhairle chucu siúd a d’athnuaigh ar líne in 2019.

Maidir leis na múinteoirí sin nár chláraigh ar líne in 2019, leanfaimid de bheith ag cur fógraí athnuachana chucu sa phost.