Ráiteas i dtaca le sárú sonraí

Tá sé deimhnithe ag an gComhairle Mhúinteoireachta go ndearna foinse sheachtrach iarracht neamhúdaraithe rochtain a fháil ar líon beag cuntas ríomhphoist ar fhreastalaithe na Comhairle.

Seoladh ríomhphost ‘fioscaireachta’ (‘phishing’ email) chuig líon beag ball foirne de chuid na Comhairle Múinteoireachta. Rinne an ríomhphost fioscaireachta sin script a ghníomhachtú a bhunaigh riail uathsheolta do ríomhphoist ina dhiaidh sin a bhí á seoladh chuig na bail foirne a bhí i gceist faoina ndearnadh na ríomhphoist a sheoladh ar aghaidh go huathoibríoch. Is é sin, bhí tréimhse ghearr ann nuair a bhí ríomhphoist a fuarthas ó na baill foirne sin á seoladh ar aghaidh go huathoibríoch go dtí seoladh Gmail lasmuigh.

Is mar chuid de na nósanna imeachta reatha slándála atá i bhfeidhm ar fud ár gcóras TF a braitheadh é. Rinneadh mionanailís iomlán ar aon ríomhphoist a bhfuil an baol ann go ndearnadh iad a rochtain agus a raibh iontu a léamh. Fuarthas go ndearnadh 323 ríomhphost ar fad a uathsheoladh ar aghaidh.

Agus an anailís sin déanta, d’aithníomar i gcás dhá scarbhileog a raibh sonraí clárúcháin roinnt múinteoirí cláraithe orthu gur scaipeadh iad laistigh de chórais na Comhairle agus gur seoladh ar aghaidh iad faoi mar a luadh thuas.

Braitheann an Chomhairle Mhúinteoireachta gur rud an-tromchúiseach é agus is ábhar imní dúinn é i dtaca le slándáil sonraí de. Gabhaimid do leithscéal as ar tharla.

Ní bhíonn ceangaltáin den sórt sin á scaipeadh sa Chomhairle de ghnáth, agus glacadh céimeanna chun a chinntiú nach dtarlóidh sé arís.

Mar réamhchúram, agus tar éis dúinn dul i gcomhairle leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí, chuaigh an Chomhairle i dteagmháil le daoine aonair a bhfuil a n-ainmneacha sa bhunachar sonraí sin chun iad a chur ar an eolas faoinar tharla.

Tarlúint scoite a bhí ann agus níor cuireadh isteach ar chórais ghinearálta ná ar bhunachair sonraí eile na Comhairle Múinteoireachta ar chor ar bith.

D’fhostaigh an Chomhairle sainchomhairleoirí TF chun an scéal a imscrúdú go mion. Dheimhnigh siad nach ndearnadh aon iarrachtaí eile rochtain neamhúdaraithe a fháil ó braitheadh an tarlúint.

Is trua linn tarlúint ar bith den sórt sin, ach ag éirí as an méid a rinneamar is amhlaidh a rinneadh an fhadhb a theorannú agus a aonrú.

 

Mar Eolas

Sna comhaid sonraí a bhí ceangailte leis na ríomhphoist a uathsheoladh ar aghaidh bhí ainmneacha agus seoltaí, stádas clárúcháin roinnt múinteoirí (ach ní raibh seoltaí ríomhphoist iontu, ná pasfhocail, uimhreacha teileafóin ná sonraí airgeadais). Bhí na huimhreacha PSP (PPS) ann freisin.

Cuireadh in iúl do na daoine a bhí i gceist gur ar éigean atá bagairt slándála ann, ach go mba chóir dóibh a bheith san airdeall má fhaigheann siad ríomhphoist amhrasacha nó iarrataí i scríbhinn ó thríú páirtithe nach fios cé hiad, agus go mba chóir dóibh céannacht aon tríú páirtí anaithnid a fhíorú sula nochtfaidís aon sonraí pearsanta.