
Tá raon idirghabhálacha á thabhairt isteach ag an gComhairle Mhúinteoireachta chun tacú leis an múinteoireacht agus le pobail scoileanna agus iad ag ullmhú don athoscailt. Is bearta iad a bhaineann leis an gcur chuige ginearálta d’athoscailt scoileanna atá á chomhordú ag an Aire agus an Roinn Oideachais i gcomhar leis na páirtithe leasmhara ar fad san oideachas.
Maidir leis na bearta atá á dtabhairt isteach ag an gComhairle Mhúinteoireachta, beidh siad dírithe ar sholáthar múinteoirí breise a bheith ar fáil chun folúntais a líonadh, róil mhaoirseachta agus ionadaíochta san áireamh, mar thacaíocht d’athoscailt na scoileanna don scoilbhliain 2020/21.
Tá 106,000 múinteoir cáilithe atá cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta. Meastar go bhfuil suas le 6,000 de na múinteoirí sin nach bhfuil lánfhostaithe i scoileanna agus a d’fhéadfadh a bheith ar fáil i gcomhair ionadaíochta agus maoirseachta. Beidh an Chomhairle Mhúinteoireachta ag dul i dteagmháil leis an ngrúpa sin gan mhoill, á mholadh dóibh a bheith rannpháirteach sa tacaíocht d’athoscailt na scoileanna.
Dúirt an tAire Oideachais, Norma Foley TD: “Fearaim fáilte is fiche roimh an raon beart atá á ghlacadh ag an gComhairle Mhúinteoireachta chun tacú le hathoscailt na scoileanna ag leibhéal an bhunoideachais agus an iar-bhunoideachais.
“D’fhógair mé an tseachtain seo caite go bhfuil an Roinn ag cur maoiniú ar fáil le haghaidh 1,080 múinteoir nua ag leibhéal an iar-bhunoideachais mar aon le socruithe soláthair chun múinteoirí breise a chur ar fáil do na scoileanna ar fad an tráth urghnách seo.
“Is maith liom a bheith in ann a rá, go gcuirfidh rialachán nua na Comhairle Mhúinteoireachta ar chumas múinteoirí a cháiligh thar lear, ar bhonn eisceachtúil, a n-ionduchtúchán a chríochnú in Éirinn. Seo foinse bhreise don soláthar múinteoirí agus níl aon amhras orm ach go bhfeabhsóidh n méid sin, mar aon leis na bearta eile atá á nglacadh, an soláthar múinteoirí cáilithe a bheidh ar fáil do scoileanna bunoideachais agus iar-bhunoideachais don scoilbhliain nua.
“Gabhaim buíochas leis an gComhairle Mhúinteoireachta as a bhfuil déanta aici ar son an tsoláthair múinteoirí, agus go háirithe as dul i dteagmháil le múinteoirí ar an gclár ar mhaith leo, b’fhéidir, tosú ag múineadh arís nó cur le líon a n-uaireanta múinteoireachta, ionas go mbeidh gach éinne in ann dul ar scoil arís go sábháilte.”
Cláraigh go bhfuil Tú ar Fáil
Aon mhúinteoirí atá cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta agus a bheadh in ann breis ionadaíochta agus maoirseachta a dhéanamh nó folúntais a líonadh, táthar ag iarraidh orthu a chur in iúl go bhfuil siad ar fáil, ar www.educationposts.ie agus go háirithe ar an ardán Sub Seeker maidir le riachtanais ionadaíochta ghearrthéarmacha.
Maidir le múinteoirí a bhainfidh céim amach an samhradh seo, táthar ag iarraidh orthu na treoracha a leanúint, críochnú grinnfhiosrúcháin san áireamh, a bheidh sa ríomhphost a gheobhaidh siad ón gComhairle Mhúinteoireachta nuair a aistreofar na torthaí ó na hinstitiúidí ardoideachais.
Institiúidí Ard-Oideachais (Ollscoileanna agus Coláistí Oideachais Múinteoirí)
Chuaigh an Chomhairle Mhúinteoireachta i gcomhairle leis na hinstitiúidí ard-oideachais freisin ag iarraidh slite a aimsiú faoina bhféadfaí múinteoirí cláraithe atá ar socrúchán scoile a bheith ar fáil mar acmhainn bhreise do na scoileanna freisin, maoirseacht agus ionadaíocht san áireamh. Cumasóidh na hInstitiúidí Ard-Oideachais an méid sin i slite nuálacha, trí athrú a dhéanamh ar na tráthanna a dtugtar cúrsaí agus ranganna teagaisc do mhúinteoirí faoi oiliúint, mar shampla, agus trí chúrsaí a thabhairt ar líne (rud a cuireadh ar bun cheana féin mar gheall ar an bpaindéim reatha).
D’fhéach na hollscoileanna agus na coláistí a chuireann Máistreacht Ghairmiúil le hOideachas (MGO) ar fáil sa chlár oideachais tosaigh múinteoirí iar-bhunscoile le solúbthacht áirithe a chur sa tslí a dtugtar na cúrsaí sin, chun go mbeidh níos mó ama ag múinteoirí cláraithe ar socrúchán scoile i gcomhair maoirseachta agus ionadaíochta, taobh amuigh dá n-uaireanta socrúcháin.
Múinteoirí a Cháiligh Thar Lear
Shínigh an tAire Oideachais, an 30 Iúil 2020, ordú faoi rialachán na Comhairle Múinteoireachta a cheadóidh, ar bhonn eisceachtúil, aonuaire agus teorainn ama leis, do mhúinteoirí a cháiligh lasmuigh d’Éirinn ach nár chríochnaigh an tréimhse riachtanach ionduchtúcháin sa tír inar cháiligh siad a dtréimhse ionduchtúcháin a chríochnú in Éirinn. Chun é sin a dhéanamh caithfear a bheith cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta i gcomhlíonadh na gcaighdeán riachtanach ar fad sular féidir a bheith ag múineadh. Beart ábhartha é sin go háirithe do shaoránaigh Éireannacha a rinne staidéar agus a cháiligh thar lear agus ar mhaith leo filleadh ar earnáil an oideachais in Éirinn b’fhéidir agus muid ag plé lenár ndúshláin reatha.
Cliceáil anseo le do thoil d’eolas breise faoin tslí le hiarratas a dhéanamh faoin rialachán seo.
Earcaíocht agus Fostaíocht
Is bainistíocht na scoileanna agus a bhforais phátrúnachta ghaolmhara a bheidh ag earcú múinteoirí agus á bhfostú mar is gnách, faoi réir na ngnáthphróiseas riachtanach clárúcháin agus grinnfhiosrúcháin, i gcomhréir le rialacháin na Comhairle Múinteoireachta maidir le caighdeáin ghairmiúla. Ba cheart d’iarrthóirí cuairt a thabhairt ar www.educationposts.ie ar an gcéad dul síos.
Dúirt Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta, Tomás Ó Ruairc: “Tá athoscailt na scoileanna, agus a gcoinneáil ar oscailt an scoilbhliain seo chugainn, ar na clocha is mó ar phaidrín an Stáit agus na bpobal scoile ar fud na tíre, go háirithe múinteoirí, daltaí, tuismitheoirí agus teaghlaigh. Leanfaidh an Chomhairle Mhúinteoireachta dá dlúth-chomhoibriú leis an Roinn Oideachais agus le páirtithe leasmhara chun tacú leis na pobail scoile sa phróiseas sin.
“Na bearta atá á bhfógairt againn inniu, ceapadh iad le go mbeidh fáil ar an soláthar múinteoirí cláraithe is mó is féidir chun tacú leis na scoileanna a gcuid riachtanas earcaíochta, maoirseachta agus ionadaíochta a shásamh sa chéad bhliain acadúil eile.
“Ó lá Bealtaine i leith chuir an Chomhairle 1,600 múinteoir leis an gclár. Táthar ag súil go bpróiseálfar suas le 3,200 clárú nua faoi dheireadh Lúnasa. Próiseálaimid breis is 30,000 dearbhú grinnfhiosrúcháin do mhúinteoirí gach bliain. Táimid i lár ár bpróisis chlárúcháin sciobtha do mhúinteoirí nua-cháilithe i láthair na huaire. Chuireamar an próiseas ar fad ar líne mar fhreagairt ar Covid-19.
“Le hathoscailt na scoileanna táthar ag iarraidh ar gach ball den phobal scoile -– múinteoirí, tuismitheoirí agus daltaí san áireamh – teacht le chéile ar bhonn meas ar a chéile, cúram dá chéile, ionracas le chéile agus muinín as a chéile. Táthar ag iarraidh ar na ceannairí i ngach earnáil den tsochaí a bhfuil le déanamh a dhéanamh chun tacú lenár bpobail scoile ar fad sa chomhiarracht seo.
“Más sráidbhaile a thógann páiste, is é an náisiún, as lámha a chéile, a chuirfidh oideachas ar ár bpáistí.”
Dúirt Cathaoirleach na Comhairle Múinteoireachta, Seán Mac Mathúna: “D’fhreagair na múinteoirí an glao i dtús an choir reatha, chuir siad athrú ó bhonn ar an timpeallacht foghlama agus oideachais chun tacú leis na daltaí oiread agus ab fhéidir, ainneoin dálaí an-dúshlánach. Tá mé lánchinnte go mairfidh an díograis agus an tiomantas sin i bhfad, de réir mar a osclóidh na scoileanna an athuair, agus go gcuirfear fuinneamh nua sa phobal páirtithe leasmhara ar fad in earnáil an oideachais mar thaca do mhúinteoirí, do dhaltaí agus do na scoileanna.
“Mar chomhlacht reachtúil do chaighdeáin ghairmiúla sa mhúinteoireacht, bímid ag obair leis an iliomad páirtithe leasmhara san oideachas agus is é ár dtaithí go bhfuil leibhéal tiomantais an-ard i measc ghairm na múinteoireachta chun tacú le pobail scoile de réir mar a dhruideann an scoilbhliain nua linn. Tá an fhreagracht agus an tiomantas sin ina dlúthchuid de chroíluachanna an Chóid Iompair Ghairmiúil do Mhúinteoirí – meas, cúram, ionracas agus muinín – luachanna agus caighdeáin atá mar bhonn agus mar thaca i ngairm na múinteoireachta. Táimid ag tnúth le comhoibriú breise amach anseo leis na páirtithe leasmhara ar fad chun tacú lenár bpobail scoile de réir mar a fhéachaimid le ról fíorthábhachtach an oideachais inár bhfolláine i gcoitinne agus inár ndul chun cinn a chosaint.”
Prótacail agus doiciméid eile dá dtagraítear:
Guidance Note for School Placement 2020/2021
Protocol for Registered Teachers on School Placement during the 2020/2021 Academic year
The Teaching Council’s Initial Teacher Education Criteria and Guidelines for Programme Providers (2017)
Guidelines on School Placement (2013)
CRÍOCH
Ceisteanna Coitianta ar fáil anseo