Riachtanas Cónaithe 2021 do Chéimithe de chláir Teangacha Iarbhunscoile den Oideachas Tosaigh Múinteoirí (OTM)

I bhfianaise na mbeart atá á gcur i bhfeidhm maidir le Covid-19, tugadh isteach na hathruithe seo a leanas maidir le riachtanas na taithí cónaithe do chéimithe de chláir teangacha iarbhunscoile den OTM sa samhradh in 2021.

Mar chuid de riachtanais na n-ábhar curaclaim do na teangacha uile iarbhunscoile (Gaeilge san áireamh), tá riachtanas taithí cónaithe de thréimhse de 2 mhí/8 seachtaine. Tá an riachtanas seo laghdaithe ag an gComhairle go dtí 6 seachtaine mar thoradh ar na srianta reatha ar chúrsaí taistil. Mura bhfuil an riachtanas 6 seachtaine comhlíonta go hiomlán agat agus tú ag déanamh iarratais ar chlárú leis na gComhairle, bronnfar clárú ort le coinníollacha.

Ní mór fianaise na taithí cónaithe indeimhnithe i dtír na teanga nó ina bhfuil an teanga mar theanga an phobail (an teanga labhartha) a chur ar fáil nuair atá iarratas á dhéanamh ar chlárú leis an gComhairle. D’fhéadfadh an fhianaise seo a bheith ar do thras-scríbhinn acadúil de thorthaí nó trí cheann amháin díobh seo a leanas a chur ar fáil:

  • Cóip de do thras-scríbhinn de thorthaí ina ndeimhnítear tréimhse chónaithe 6 seachtaine sa tír/san áit do thromlach na dteangacha. Tabhair faoi deara le do thoil, má luaitear ar an tras-scríbhinn “Lasmuigh de Láthair an Champais/Clár Erasmus” agus mura ndeimhnítear gur tugadh faoin gclár i dtír ar leith, ní mór é seo a bheith deimhnithe i litir a thagann in éineacht léi ón Institiúid Ardoideachais iomchuí.
  • Cóip de do phas a thugann fianaise gurb as an tír sin duit ó dhúchas. N.B. Níl sé seo inghlactha don Ghaeilge mar ábhar.
  • Litir/ráiteas ó d’fhostóir/do choláiste/do thiarna talún sa tír sin. I gcás fostóra/tiarna talún, is gá sonraí teagmhála ar nós uimhir fóin agus seoladh ríomhphoist. Don Ghaeilge mar ábhar, ba chóir go mbeadh fianaise de thréimhse chónaithe i gceantar Gaeltachta.
  • Don Ghaeilge mar ábhar, is féidir fianaise a chur isteach gurb as ceantar Gaeltachta duit (m.sh. bille fóntais, ráiteas airgeadais, comhfhreagras clár toghthóirí nó fianaise go raibh deontas Scéim Labhairt na Gaeilge (SLG) do theaghlaigh Ghaeltachta á fháil ag do theaghlach) nó litir/ráiteas ó Ghaelcholáiste ina ndeimhnítear gur fhreastail tú ar Ghaelcholáiste Iarbhunscoile go dtí leibhéal na hArdteistiméireachta.

Má tá céim á baint amach agat sa samhradh in 2021 mar mhúinteoir teanga iarbhunscoile, rachfar i dteagmháil leat chun d’iarratas ar chlárú a chur i gcrích má thug tú cead don HEI do chuid torthaí scrúdaithe deiridh a aistriú go dtí an Chomhairle. Nuair a rachfar i dteagmháil leat, cuir isteach fianaise maidir le do riachtanas cónaithe. Mura bhfuil an riachtanas 6 seachtaine comhlíonta go hiomlán agat, bronnfaidh an Chomhairle clárú ort le coinníollacha. Leis seo, beidh tú in ann obair mar mhúinteoir atá go hiomlán cáilithe agus ag an am céanna beidh am breise agat chun fuílleach an riachtanais chónaithe atá fós le déanamh a chomhlíonadh. Is féidir síneadh ama ar an am seo a iarraidh faoi ghnáthphróiseas iarratais ar shíneadh ama na Comhairle. Beidh Beidh an rogha clárúcháin seo fós i bhfeidhm do na múinteoirí uile le céim de chuid 2021 atá ag clárú suas go dtí an 31 Nollaig 2021.