Tá an Chomhairle Mhúinteoireachta ag bogadh go dtí tairseach nua agus feabhsaithe de MoChlárú, ón 14 Deireadh Fómhair, 2021.
Mar thoradh air seo beidh seirbhísí feabhsaithe agus áisiúlacht níos fearr ann do mhúinteoirí cláraithe, a bheidh ansin in ann rochtain agus bainistíocht a dhéanamh ar a gcuid eolais chlárúcháin 24/7 ar líne.
Cuirfear feabhas ar na háiseanna reatha ar líne ina mbeidh tú in ann iarratais ar chlárú a chur isteach, iarratais ar shíneadh ama don chlárú coinníollach a chur isteach, ábhair/cáilíochtaí sa bhreis a chur isteach, agus creat ionduchtúcháin Droichead a chur i gcrích.
Le bheith in ann na gnéithe teicniúla deiridh a dhéanamh leis an aistriú anonn go dtí an córas nua, ní bheidh próisis a bhaineann le clárú, an tairseach reatha ar líne de MoChlárú san áireamh, ar fáil ón 4 Deireadh Fómhair 2021. Cuirfear tús arís leis na próisis uile a bhaineann le clárú ar an 14 Deireadh Fómhair 2021 ar an tairseach nua MoChlárú.
Leanfar ag próiseáil na n-iarratas uile a fhaightear suas go dtí an 4 Deireadh Fómhair 2021. Cuirfear aon iarratas a fhaightear i ndiaidh an dáta seo ar ais go dtí an t-iarratasóir le treoracha maidir le conas iarratas a dhéanamh tríd an tairseach nua MoChlárú ar an 14 Deireadh Fómhair 2021.
Ath-ghrinnfhiosrúchán
Moltar do mhúinteoirí ar iarradh orthu iarratas a dhéanamh ar ath-ghrinnfhiosrúchán é seo a dhéanamh roimh an 4 Deireadh Fómhair 2021 nó fanacht go dtí an 14 Deireadh Fómhair 2021 agus iarratas a dhéanamh tríd an tairseach nua de MoChlárú. Ón 14 Deireadh Fómhair ní mór do mhúinteoirí a gcuntas nua MoChlárú a ghníomhachtú chun iarratas a dhéanamh ar ath-ghrinnfhiosrúchán.
Le linn an aistrithe anonn go dtí an MoChálrú nua is féidir leat a bheith cinnte de nach mbainfear aon mhúinteoir den Chlár mar nár chomhlíon siad an riachtanas ath-ghrinnfhiosrúcháin.
Droichead
Aon mhúinteoir nuacháilithe (MNC) ar mhian leis/léi tús a chur le Droicheas, is féidir leis/léi iarratas a dhéanamh suas go dtí an 4 Deireadh Fómhair 2021 nó fanacht go dtí an 14 Deireadh Fómhair 2021 agus iarratas a dhéanamh tríd an MoChlárú nua. Ón 14 Deireadh Fómhair 2021, beidh ar MNCanna a gcuntas nua MoChlárú a ghníomhachtú chun iarratas a dhéanamh le haghaidh Droichead. Sa chás eisceachtúil ina bhfuil MNC gann ó thaobh ama de mar nach raibh siad in ann iarratas a dhéanamh nuair a bhí aistriú anonn an chórais ar siúl, is féidir leo iarratas a dhéanamh go ndéanfar a d(h)áta iarratais a shiardhátú. Tabhair faoi deara le do thoil, nach féidir siardhátú a dhéanamh roimh an 4 Deireadh Fómhair.
Athnuachaintí
Moltar do mhúinteoirí atá lena gclárú a athnuachan é a dhéanamh roimh an 4 Deireadh Fómhair 2021 nó fanacht go dtí an 14 Deireadh Fómhair 2021, nuair a bheidh an tseirbhís íocaíochta ar líne suas chun dáta ar fáil. Tabhair faoi deara go ndéanfar gach íocaíocht amach anseo ar líne tríd an tairseach nua de MoChlárú. Ní bheimid ag glacadh le seiceanna ná le hiarratais tríd an bpost a thuilleadh.
Is féidir leat a bheith cinnte de nach mbainfear aon mhúinteoir den Chlár mar nár íoc siad le linn na tréimhse nuair a dhéantar an t-aistriú anonn.
Mar thoradh ar na hathruithe seo, beidh an Chomhairle in ann seirbhís níos tapúla, níos éifeachtaí agus níos éasca le húsáid a sholáthar do níos mó ná 111,000 múinteoir atá ar an gclár faoi láthair, agus dóibh siúd a bheidh cláraithe amach anseo.
Beimid i dteagmháil leis na múinteoirí cláraithe uile agus coinneofar iad suas chun dáta.
Agus muid ag aistriú anonn go dtí tairseach nua MoChlárú, ar mhiste leat a bheith foighneach linn agus an t-athrú ollmhór seo á chur i bhfeidhm againn ar ár gcóras TF.
Gabhaim buíochas leat roimh ré as do chomhoibriú.
Is múinteoir cláraithe mé, cad is gá dom a dhéanamh?
- Ón 14 Deireadh Fómhair ar aghaidh, beifear i dteagmháil leis na múinteoirí cláraithe agus iarrfar orthu a gcuntais phearsanta MoChlárú a ghníomhachtú ar an tairseach nua. Ba chóir é seo a dhéanamh gan mhoill, lena chinntiú gur féidir leat leanúint ar aghaidh agus rochtain a dhéanamh ar d’eolas clárúcháin agus úsáid a bhaint as na seirbhísí nua cuíchóirithe.
- I rith an phróisis ghníomhachtúcháin, beidh gá le seoladh ríomhphoist a bheith agat a bhaineann leat féin amháin, i.e., ní féidir an ríomhphost a bheith roinnte le múinteoir cláraithe eile nó le duine ar bith eile.
- Ó mhí Dheireadh Fómhair ar aghaidh, ní bheidh na próisis ath-ghrinnfhiosrúcháin agus athnuachana ar chlárú ar fáil ach amháin ar líne – mar sin beidh sé riachtanach cuntas gníomhach a bheith agat.