Ceadaíodh saineolas agus tacaíocht ar fiú €400,000 iad faoi Ionstraim Tacaíochta Teicniúla an AE don Chomhairle Mhúinteoireachta agus do roinnt comhpháirtithe oideachais eile le samhail nuálach de rannpháirtíocht sa phobal scoile áitiúil a fhorbairt leis an gceapadh polasaí agus achtú i gcúrsaí oideachais a láidriú.
Tá an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD) fostaithe ag an AE chun tacú leis an tionscadal iontach seo a mhairfidh dhá bhliain agus ina gcuirfear plean ar fáil leis an tsamhail nua den rannpháirtíocht sa phobal scoile áitiúil a chur i bhfeidhm. Agus beagnach 4,000 scoil in Éirinn, is é aidhm na samhla ná feabhas a chur ar an gceapadh polasaí agus achtú i gcúrsaí oideachais in Éirinn tríd an gcaidreamh idir an pobal oideachais agus an pobal agus sochaí i gcoitinne a láidriú, d’fhonn an nuálaíocht atá saoránach-lárnach a chothú.
Cuireann an tionscadal le próiseas *BEACONS de chuid na Comhairle Múinteoireachta atá ann cheana féin, ina bhfuil grúpa éagsúil de pháirtithe leasmhara ag teacht le chéile le haghaidh comhráite ar chúrsaí oideachais. Trí BEACONS, bíonn scoláirí, tuismitheoirí, múinteoirí, ceannairí agus páirtithe leasmhara áitiúla agus náisiúnta eile rannpháirteach i gcomhráite éascaithe gan aon chlár oibre réamhshocraithe. San fhianaise tosaigh (CES 2019) tugtar le fios gur féidir le próiseas BEACONS cur leis na naisc agus caidreamh a fhorbairt laistigh de phobail scoile, agus ag an am céanna tacú le lúb dea-aiseolais idir na leibhéil áitiúla agus náisiúnta.
Agus tacaíocht ón AE agus ó Ard-Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach (AS ATHCHÓIRIÚ) agus ón OECD, tógfaidh an tionscadal nuálach seo ar na samhlacha rannpháirtíochta atá ann cheana féin ar nós BEACONS, agus ag an am céanna iniúchadh a dhéanamh ar chuir chuige nua agus nuálacha.
Luaigh an Roinn Oideachais go bhfuil “an rannpháirtíocht i bpobail scoileanna ríthábhachtach chun tuiscint a fháil ar na dearcthaí, na dúshláin agus na smaointe atá acu siúd a mbíonn an taithí oideachais acu ionas gur féidir linn foghlaim uathu agus oibriú i dtreo ár gcomhspriocanna. Cuirimid fáilte roimh an gcomhchur chuige seo agus roimh an tacaíocht atá á cur ar fáil ag an Aontas Eorpach chun cur leis an gcur chuige sa réimse seo agus i ndeireadh na dála, feabhas a chur ar na torthaí le haghaidh gach duine.”
Dúirt Tomás Ó Ruairc, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireacht: “Tá tábhacht le gach guth i gcúrsaí oideachais, ach tá sé ríthábhachtach freisin go n-éisteann na guthanna sin lena chéile agus go bhfoghlaimíonn siad óna chéile ionas gur féidir linn comhthuiscint a fhorbairt, agus oibriú i dtreo todhchaí roinnte le haghaidh cúrsaí oideachais. Táimid fíorbhuíoch den tacaíocht atá á cur ar fáil ag an Aontas Eorpach, trí Ard-Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach agus an OECD. Tá ríméad orainn bheith ag obair i gcomhar leis na Ranna Oideachais agus Leanaí, comhlachtaí earnála poiblí eile, agus leis na páirtithe leasmhara uile chun an tsamhail nuálacha rannpháirtíochta seo a fhorbairt a thabharfaidh tacaíocht teagaisc agus foghlama níos fearr i scoileanna ar fud na tíre i ndeireadh na dála.”
Nótaí
Is clár AE í an Ionstraim Tacaíochta Teicniúla (ITT) a chuireann saineolas teicniúil saincheaptha ar fáil do Bhallstáit an AE chun athchóirithe a dhearadh agus a chur i bhfeidhm. Tá an tacaíocht bunaithe ar éileamh agus níl gá le cómhaoiniú ó na Ballstáit. Is colún tábhachtach í de nualaíocht an AE chun cuidiú leis na Ballstáit na torthaí eacnamaíochta agus shóisialta de bharr ráig ghéarchéim COVID-19 a laghdú.
Oibríonn foireann an OECD um Fhorfheidhmiú Polasaithe Oideachais chun an bhearna a dhruidim idir polasaí agus cleachtas oideachais i scoileanna trí dheiseanna piarfhoghlama agus tacaíocht shaincheaptha do thíortha le hathrú éifeachtach a dhéanamh i gcúrsaí oideachais. Beidh an OECS le tacaíocht ón ITT ag obair i gcomhar leis an gComhairle Mhúinteoireachta agus le páirithe leasmhara áitiúla agus náisiúnta eile i rith an tionscadail a mhairfidh dhá bhliain.
Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta an príomh-chomhpháirtí as Éirinn sa tionscadal. Na comhpháirtithe eile atá san áireamh ná:
- An Roinn Oideachais
- An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Oifig an Ombudsman do Leanaí
- Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí
- An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta
- An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta
Tá ceithre chéim i gceist leis an tionscadal
- Céim 1 Tús oifigiúil den tionscadal
- Céim 2 Anailís thosaigh den OECD ar an gcomhthéacs oideachais in Éirinn
- Céim 3 Dearadh, Scéim Phíolótach agus Meastóireacht na samhla(cha) rannpháirtíochta
- Céim 4 Forbairt an Phlean um fhorfheidhmiú, agus scaipeadh.
*Seasann BEACONS do Bringing Education Alive for our Communities on a National Scale as Béarla (Beocht a Chur i gCúrsaí Oideachais Dár bPobail ar Scála Náisiúnta). D’fhorbair an Chomhairle Mhúinteoireachta an próiseas in 2019. Bhí ocht n-imeacht ar siúl ar fud na tíre go dtí seo. Cuireann BEACONS comhráite cuimsitheacha chun cinn agus bíonn scoláirí, tuismitheoirí, múinteoirí, ceannairí agus páirtithe leasmhara eile rannpháirteach i gcomhráite éascaithe maidir le topaicí atá tábhachtach dóibh i gcúrsaí oideachais. Féach tuilleadh ar www.beaconstribe.ie