Bíodh cead cainte agat ar FÉILTE 2023

Feilte-Logo

Is éard atá in FÉILTE ná ceiliúradh faoi stiúir múinteoirí a tharlaíonn go bliantúil agus a tháinig ar an bhfód in 2013 d'fhonn Lá Domhanda na Múinteoirí de chuid EOECNA a cheiliúradh. Tugann FÉILTE aitheantas do agus déanann sé céiliúradh ar an obair a dhéanann múinteoirí dá gcuid daltaí ina seomraí ranga gach aon lá. I mbliana, beidh FÉILTE ar siúl Dé Sathairn, an 7 Deireadh Fómhair. 

Táthar i mbun imeacht na bliana seo a phleanáil cheana féin agus ba mhór againn do chuid smaointe faoi cén chruth go mba cheart a bheith ar FÉILTE 2023. Is cuma má fhreastail nó murar fhreastail tú ar FÉILTE roimhe seo, déan an suirbhé gearr s'againne a líonadh isteach anseo le do thoil. 

Dúnfar an suirbhé seo ar 31 Eanáir 2023.