Clárúchán agus Athnuachan

Cén fáth ar gá dom clárú?

Thug an tAire Oideachais agus Scileanna tosach feidhme d'Alt 30 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001 ar an 28 Eanáir 2014. Faoi Alt 30, ceanglaítear ar mhúinteoirí clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta chun go n-íocfar tuarastal stáit leo.

Cén chaoi a gcláróidh mé?

Braitheann an próiseas clárúcháin do Bealach 1 (Bunoideachas), do Bealach 2 (Iar-Bhunoideachas) agus do Bealach 4 (Eile) ar cé acu ar cháiligh an t-iarratasóir in Éirinn nó lasmuigh d'Éirinn. Ba cheart d'Iarratasóirí Bealach 3 (Breisoideachas) na roghanna i gcás Cáilithe in Éirinn a leanúint (is cuma cá háit a gnóthaíodh an cháilíocht).

Féach an rannóg clárúcháin le do thoil do na sonraí ar fad.

Cá mhéad atá ar an táille clárúcháin?

€90 sa bhliain an gháth-tháille clárúchán. €65 an táille athnuachana. Féach an sceideal táillí le do thoil do na táillí measúnaithe thar lear.

Céard atá i gceist le tras-scríbhinn torthaí?

Is é is tras-scríbhinn torthaí ann, doiciméad a thaispeánann na modúil a ndearna tú staidéar orthu i ngach bliain de do cháilíocht, agus na gráid a bronnadh. Tugtar tras-scríbhinn acadúil air go minic.

Bíonn tras-scríbhinn ag teastáil ón gComhairle Mhúinteoireachta do gach bliain de do cháilíocht, ina dtugtar na modúil a ndearnadh staidéar orthu agus an grád a fuarthas. Ba cheart go dtabharfadh an tras-scríbhinn an cáiliúchán deiridh freisin agus an grád foriomlán a gnóthaíodh.

Cén fáth ar gá dom mo chlárú a athnuachan gach bliain?

Dé réir Achtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001-2015 caithfidh gach múinteoir a gclárú a athnuachan gach bliain. Tugann athnuachan bhliantúil deis do mhúinteoirí freisin a mionsonraí a sheiceáil agus a nuashonrú ar an gClár. Cuireann sé ar chumas na Comhairle leanúint de bheith ag feidhmiú mar stór luachmhar eolais do ghairm na múinteoireachta in Éirinn.

Mura ndéanann tú athnuachan, rachaidh do chlárú i léig agus bainfear d'ainm den Chlár.

Má scoireann duine de bheith ina m(h)úinteoir cláraithe ní bheidh sé nó sí i dteideal tuarastal a fháil mar mhúinteoir i scoil aitheanta ón dáta a imíonn a chlárú nó a clárú leis an gComhairle i léig.

Le hathnuachan a dhéanamh arís, ní mór dóibh iarratas iomlán a dhéanamh arís. Áirítear leis sin tras-scríbhinní iomchuí a sholáthar agus dul faoi grinnfhiosrúchán tríd an Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (an Biuró).

An bhfuil faoiseamh cánach ar fáil i leith na táille athnuachana bliantúla?

Tá faoiseamh cánach ar fáil i leith tháille athnuachana clárúcháin bhliantúil na Comhairle Múinteoireachta. Cuirtear an creidmheas cánach leis an liúntas costas cothromráta a chuirtear ar fáil do mhúinteoirí. Dá bhrí sin, cé gurb é €65 an táille athnuachana clárúcháin bhliantúil siúd a dhéanfaidh a gclárú a athnuachan ó mhí Eanáir 2013 ar aghaidh), tá fíorchostas na táille níos cosúla le €38 in aghaidh na bliana i gcás daoine a íocann an t-ardráta cánach.

Cad is gá dom a dhéanamh chun an creidmheas cánach a éileamh?

Ba chóir do gach múinteoir féachaint ar a Dheimniú nó ar a Deimhniú Creidmheasa Cánach chun a chinntiú go ndearnadh an Liúntas Costas Cothromráta a mhéadú faoi mhéid tháille athnuachana clárúcháin bhliantúil na Comhairle Múinteoireachta. Féach ar www.revenue.ie, le do thoil, le haghaidh tuilleadh mionsonraí ar chostais Chothromráta agus ar na méideanna atá ceadaithe do chatagóirí éagsúla múinteoirí. I gcás nár cuireadh an liúntas ceart leis an deimhniú, ní foláir duit dul i dteagmháil le d'oifig áitiúil cánach.

Conas a chaitheann an Chomhairle an t-airgead a thagann ó tháillí na múinteoirí?

Úsáidtear an t-airgead a fhaightear ó tháillí athnuachana clárúcháin chun obair na Comhairle a mhaoiniú agus a dualgais reachtúla á gcomhlíonadh aici. Tá ráitis airgeadais iniúchta na Comhairle ar fáil anseo.

Is múinteoir páirtaimseartha mé/ní dhéanaim ach obair ionaid anois is arís. An bhfuil táille laghdaithe i gceist?

Faoi láthair, tá táille athnuachana caighdeánach amháin ann agus le struchtúr táille na Comhairle ní cheadaítear táillí laghdaithe a ghearradh. Is ionann clárú agus ceadúnas múinteoireachta a fháil, is cuma cé chomh minic a dhéantar an mhúinteoireacht sin.

Nílim ag obair faoi láthair. An gá dom fanacht cláraithe?

Fiú amháin mura bhfuil tú ag obair mar mhúinteoir faoi láthair, moltar duit d'ainm a choinneáil ar an gclár chun go mbeidh ar do chumas tús a chur le fostaíocht mar mhúinteoir a luaithe agus is féidir i ndiaidh post a thairscint duit. Má ligeann tú do do chlárú dul i léig ag am ar bith, beidh ort athchlárú a dhéanamh ceithre mhí ar a laghad sula dtosaíonn tú ag obair mar mhúinteoir arís. Ciallaíonn sé seo go mbeidh gá le foirm iarratais clárúcháin chaighdeánach a thabhairt chun críche agus dul trí phróiseas grinnfhiosrúchán an Biúró Náisiúnta. Más rud é gur chuir múinteoir tras-scríbhinní cáilíochta iomchuí ar fáil cheana féin, ní bheidh air/uirthi iad a chur isteach arís an dara huair.

Is riachtanas é Alt 30 laistigh den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001-2015 nach mór do mhúinteoir a bheith cláraithe le tuarastal a bheith íoctha dó nó di ó na cistí poiblí.

Tá súil agam dul ar scor i mí Lúnasa. An gá dom an táille iomlán a íoc?

Is gá. Faoi láthair, le struchtúr táillí na Comhairle ní cheadaítear táillí laghdaithe a ghearradh. Féach, le do thoil, ar Chiorclán 0031/2011 de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir le múinteoirí a fhostú i ndiaidh dóibh dul ar scor.

Le bheith in ann tuarastal a fháil don tréimhse de do chuid fostaíochta, caithfidh tú fanacht cláraithe agus tú fostaithe mar mhúinteoir. Téigh i dteagmháil le do phámháistir, le do thoil, maidir le haon cheisteanna a bhaineann le cúrsaí tuarastail.

Táim ar tí dul ar scor. An féidir liom ligean do mo chlárú dul i léig?

Le bheith in ann tuarastal a fháil don tréimhse de do chuid fostaíochta, caithfidh tú fanacht cláraithe agus tú fostaithe mar mhúinteoir. Téigh i dteagmháil le do phámháistir, le do thoil, maidir le haon cheisteanna a bhaineann le cúrsaí tuarastail.

Tabhair faoi deara go n-éilíonn Coimisiún na Scrúdaithe Stáit go mbeidh na múinteoirí uile atá fostaithe mar Fheitheoirí Scrúdaithe claráithe leis an gComhairle.

Níl mé ag iarraidh a bheith cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta níos mó ós rud é nach bhfuil mé ag obair in earnáil oideachais níos mó, ná ag fáil tuarastail mar mhúinteoir. Cén chaoi a ndéanaim iarratas chun m'ainm a bhaint de chlár na múinteoirí?

Má tá tú ag iarraidh d'ainm a bhaint de chlár na múinteoirí go deonach, beidh ort d'iarratas a sheoladh, i scríbhinn, chuig info@teachingcouncil.ie nó seol d'iarratas tríd an bpost chuig: An Chomhairle Mhúinteoireachta, Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara, W23 Y7X0. Ar mhiste leat d'uimhir chlárúcháin a thabhairt i ngach comhfhreagras, le do thoil.

Nótáil: Tá sé riachtanach a bheith cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta chun post ar bith mar mhúinteoir ionaid a ghlacadh, nó chun obair a dhéanamh do Choimisiún na Scrúdaithe Stáit.

Conas is féidir liom mo tháille athnuachana clárúcháin a íoc?

Is féidir an táille athnuachana clárúcháin a íoc mar seo a leanas:

  • Le cárta creidmheasa nó cárta dochair (Visa nó MasterCard) – modh is fearr
  • Seic, ordú poist nó dréacht bainc atá iníochta leis an gComhairle Mhúinteoireachta

Cliceáil anseo, le do thoil, le do chlárú a athnuachan ar líne.

Cad a tharlóidh mura ndéanann mo chlárú a athnuachan?

Mura ndéanann tú do chlárú a athnuachan, rachaidh do chlárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta i léig agus bainfear d'ainm den Chlár.

Cén fáth a gcaithfidh mé táille clárúcháin a íoc?

Ní mór táille a íoc gur eagraíocht fhéinmhaoinithe í an Chomhairle nach bhfaigheann maoiniú ar bith ón Stát. Úsáidtear na táillí chun obair na Comhairle a mhaoiniú, díreach mar a mhaoiníonn comhaltaí gach comhlachta ghairmiúil eile an comhlacht gairmiúil sin. Cuireann an táille bonn agus taca faoi stádas na Comhairle mar chomhlacht rialála na gairme múinteoireachta.

Cliceáil anseo chun tuilleadh a fháil amach faoi ról na Comhairle Múinteoireachta.

Cé a fhaigheann ríomhchárta agus ríomhadmháil?

Gheobhaidh múinteoirí a dhéanann athnuachan ar líne ríomhchárta agus ríomhadmháil agus is féidir iad a shábháil díreach ar ghléasanna móibíleacha le go mbeifear in ann rochtain a dhéanamh orthu go héasca ag am ar bith. Is féidir le múinteoirí a leanann ag déanamh athnuachana tríd an bpost nó ar an bhfón logáil isteach ar an gcuid Mo Chlárú de shuíomh gréasáin na Comhairle chun fáil ar a n-adhmhálacha agus iad a phríontáil.

Conas a fhaighim mo ríomhchárta agus mo ríomhadmháil?

Tá dhá shlí ann le ríomhchárta agus ríomhadmháil a fháil. Nuair a dhéanann an múinteoir athnuachan ar líne agus úsáid a bhaint as a (h)uimhir uathúil PIN, is féidir leo teacht ar a ríomhchártaí, admhálacha agus Teastais Chlárúcháin, iad a íoslódáil agus a phriontáil. Is féidir leo teacht ar an áis seo freisin ach logáil isteach a dhéanamh ar an gcuid Mo Chlárú de shuíomh gréasáin na Comhairle.

An gcuirfidh an Chomhairle admháil phriontáilte agus cárta priontáilte ar fáil dom mar a rinneadh sna blianta roimhe seo dá mbeidís ag teastáil uaim?

Cuirfidh an Chomhairle admháil phriontáilte ar fáil má iarrtar í. Má iarrtar cárta ar feadh tréimhse gairid amháin cuirfidh an Chomhairle é sin ar fáil don mhúinteoir.

Ní bhfuair mé mo fhoirm athnuachana chun clárú. An féidir leat an dara ceann a eisiúint?

Is féidir. Tabhair faoi deara, áfach, go féidir leat do chlárú  a athnuachan ar líne ag úsáid do uimhir clárúcháin agus pasfhocal.

Muna bhfuil pasfhocal agat, is féidir leat ceann nua a cruthú anseo.

Cén fáth a bhfaighim teachtaireacht earraíde nuair a chuirim isteach mo pasfhocal chun athnuachan ar líne?

Má tá dearmad déanta agat ar do pasfhocal cliceáil anseo chun pasfhocal nua a chruthú.

Tá iarracht déanta agam mo tháille athnuachana a íoc ar líne ach is cosúil go bhfuil fadhb theicniúil ann. Cad is féidir liom a dhéanamh?

Má bhíonn deacrachtaí ar bith agat maidir le do chlárú ar líne, déan teagmháil lenár bhfoireann tacaíochta teicniúla ag renewals@teachingcouncil.ie. Déan d'uimhir chláraithe mar aon le gach mioneolas is féidir leat maidir leis na deacrachtaí atá tagtha chun cinn a chur sa ríomhphost.

An gá pasfhocal a bheith agam chun rochtain a dhéanamh ar an gClár ar líne?

Mura bhfuil do phasfhocal agat is féidir leat ceann nua a chruthú trí úsáid a bhaint as dhá cheann nó níos mó díobh seo a leanas:

  • d'uimhir chláraithe
  • d'uimhir PSP
  • do dháta breithe

Caithfidh 7 gcarachtar nó níos mó a bheith i bpasfhocail, agus litreacha agus uimhreacha san áireamh ann e.g. Seoirse27.

Conas is féidir liom a sheiceáil go bhfuilim cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta?

Is féidir leat do stádas clárúcháin agus do mhionsonraí go léir a sheiceáil anseo: Mo Chlárú.

Tá mé cláraithe cheana mar mhúinteoir iar-bhunscoile, ach ba mhaith liom a fháil amach céard a chaithfidh mé a dhéanamh chun a bheith cáilithe le haghaidh ábhar curaclaim sa bhreis a mhúineadh.

Ós rud é go bhfuil tú cláraithe mar mhúinteoir iar-bhunscoile, sásaíonn tú na riachtanais chlárúcháin chun ábhar curaclaim iar-bhunscoile amháin ar a laghad a mhúineadh.  Is faoi údaráis na scoileanna indibhidiúla atá sé múinteoirí a fhostú chun ábhair a mhúineadh sna scoileanna. Ní riachtanas clárúcháin é a bheith aitheanta d’ábhair sa bhreis.

Ach má tá tú ag iarraidh a bheith cláraithe le haghaidh ábhar curaclaim sa bhreis ar Chlár na Múinteoirí caithfidh tú a thaispeáint go sásaíonn tú na critéir (béarla) maidir leis an ábhar sin. Ní shin le rá go gcaithfidh tú céim eile a dhéanamh.

Ach beidh ort cúrsa staidéir go dtí leibhéal céime a dhéanamh san ábhar sin: modúil ó chéim leibhéal 8 a chomhcheangal mar shampla, nó dioplóma iarchéime leibhéal 9 a dhéanamh, ionas go mbeidh staidéar do dhóthain déanta agat:

  • chun go mbeidh na creidiúintí riachtanacha agat san ábhar faoin gCóras Eorpach Aistrithe Creidiúna (60 - 90 creidiúint ECTS).
  • ar na réimsí riachtanacha san ábhar de réir mar a rianaítear iad inár riachtanais ábhair curaclaim
  • ar mhodheolaíocht ar leith san ábhar i gcás inar sainíodh í mar riachtanas.

Dá mba mhaith leat ábhar breise a chur lena bhfuil agat cheana, ba cheart duit dul i dteagmháil ar dtús leis an roinn ábhartha in Institiúid Ard-Oideachais (HEI) agus ceist a chur faoi na roghanna a bheadh agat maidir le staidéar a dhéanamh ar ábhar go dtí leibhéal céime mar mhac léinn ócáideach/lánaimseartha.

Cén uair ba cheart dom a bheith ag súil le nuashonrú maidir le m’iarratas?

Tógann sé 6 - 8 seachtaine de ghnáth (i gcás daoine a cháiligh in Éirinn), agus 8 - 12 sheachtain (i gcás daoine a cháiligh lasmuigh d’Éirinn) ón dáta a bhfaightear na cáipéisí riachtanacha ar fad.

Coinneoidh an Chomhairle ar an eolas thú le linn an phróisis iarratais. Admhóimid go bhfuil d’iarratas faighte againn, coinneoimid i dteagmháil leat go mbeidh na doiciméid ar fad faighte againn agus dearbhóimid an próiseas a bheith curtha i gcrích.

Is fiú a nótáil go mbíonn an próiseas cuid mhaith níos sciobtha nuair a sheoltar na doiciméid riachtanacha uile in éineacht leis an bhfoirm iarratais. Molaimid go láidir dul síos tríd an seicliosta ar chúl na foirme iarratais agus é a líonadh isteach.