Clárú le Coinníollacha

Céard atá i gceist le clárú coinníollach?

Sin nuair a chuirtear coinníollacha faoin gcleachtadh gairmiúil iarcháilíochta ar Mhúinteoir Nuacháilithe (MNC) Bunscoile agus Iar-bhunscoile, agus iad ag clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta ar dtús. Is féidir coinníollacha a chur orthu siúd atá cláraithe don Bhreisoideachas freisin.

Céard atá i gceist le Coinníollacha Cleachtaidh Iarcháilíochta?

Is iad na Coinníollacha Cleachtaidh Iarcháilíochta: Droichead nó Promhadh/ Fostaíocht Iarcháilíochta (FIC/PQE) agus an Clár Ceardlann Insealbhúcháin. Gheofar breis eolais anseo faoi na Coinníollacha Cleachtadh Iarcháilíochta agus faoin tslí le tabhairt fúthu.

An féidir liom a bheith ag múineadh agus gan agam ach clárú coinníollach?

Tá múinteoir a bhfuil clárú coinníollach aige/aici i dteideal a bheith fostaithe san earnáil scoile a oireann dá c(h)áilíochtaí in Éirinn (Ciorclán 0033/2011, An Roinn Oideachais agus Scileanna).

Cén tréimhse ama atá agam chun mo chuid coinníollacha clárúcháin a shásamh?

Is é an gnáthrud, go mbíonn ar mhúinteoir a gcuid coinníollacha clárúcháin a chomhlíonadh taobh istigh de thrí bliana i ndiaidh dóibh clárú ar dtús.

Cé na coinníollacha a bhainfeadh leis an gclárú do mhúinteoir Bealach 1 (Múinteoir Bunscoile)?

D'fhéadfadh na coinníollacha seo a leanas a bheith ar mhúinteoir Bealach 1 (Múinteoir Bunscoile):

  • Droichead
  • Promhadh
  • Clár Ceardlann Insealbhúcháin
  • Easnaimh Cháilíochta
  • An Riachtanas Gaeilge

Cé na coinníollacha a bhainfeadh leisn an gclárú do mhúinteoir Bealach 2 (Múinteoir Iar-bhunscoile)?

D'fhéadfadh na coinníollacha seo a leanas a bheith ar mhúinteoir Bealach 2 (Múinteoir Iar-bhunscoile):

  • Droichead
  • Fostaíocht Iarcháilíochta
  • Clár Ceardlann Ionduchtúcháin
  • Easnaimh Cháilíochta
  • Stair agus Struchtúr Chóras Oideachais na hÉireann.

Cé na coinníollacha a d’fhéadfaí a chur le Clárú Múinteora faoi Chonair 3 (Breisoideachas)?

D’fhéadfaí an coinníoll Cáilíocht Oideachais Múinteoirí (TEQ) a chur le clárú faoi Chonair 3 (Breisoideachas).

An mbeinn in ann mo chuid Coinníollacha Cleachtaidh Iarcháilíochta a shásamh má tá mé ag múineadh lasmuigh d'Éirinn?

Tá Critéir don Mheasúnú Insealbhúcháin Thar Lear ag an gComhairle Mhúinteoireachta i láthair na huaire, do mhúinteoirí atá ag cleachtadh thar lear. Cliceáil anseo le do thoil chun na Critéir don Mheasúnú Insealbhúcháin Thar Lear (Béarla) a bhreathnú.

Cén chaoi ar cheart dom tabhairt faoi na coinníollacha nach Coinníollacha Cleachtaidh Iarcháilíochta iad?

Gheofar eolas faoi na coinníollacha don Riachtanas Gaeilge, Easnaimh Cháilíochta agus Stair agus Struchtúr Chóras Oideachais na hÉireann anseo, sa Nóta Eolais faoin gClárú Coinníollach (Béarla).

An féidir liom mo choinníollacha a chur siar ar bhonn sealdach má tá a fhios agam nach mbeidh mé ag tabhairt aghaidh orthu go ceann tamaillín?

Thig le múinteoir é/í féin a bhaint de Chlár na Múinteoirí dá d(h)eoin féin go dtí go mbeidh sé/ sí sa riocht is go bhféadfadh sé/ sí aghaidh a thabhairt ar a c(h)uid coinníollacha a shásamh. Beidh aon iarratas ar athchlárú faoi réir na bpolasaithe agus na nósanna imeachta atá i bhfeidhm nuair a dhéantar an t-iarratas.

Promhadh mé i suíomh teoranta. Cén chaoi ar féidir liom fáil réidh leis an teorannú agus clárú iomlán a fháil?

Múinteoirí a cláraíodh faoi Rialachán 2/ Bealach 1 (Bunoideachas), agus a promhadh cheana i suíomh teoranta, d'fhéadfaidís a bheith i dteideal iarratas a dhéanamh ar chlárú iomlán san earnáil sin, faoi réir critéar ar leith. Cliceáil anseo le do thoil le haghaidh eolas breise (Béarla).

An mbeidh an Chomhairle Mhúinteoireachta i dteagmháil liom nuair a bheidh mo chuid coinníollacha ar tí dul in éag?

Nuair a chláraítear múinteoir, seoltar Deimhniú Clárúcháin chuig an múinteoir ina dtugtar na coinníollacha atá ag gabháil lena c(h)lárú agus an dáta éaga. Trí mhí roimh an dáta éaga, gheobhaidh an múinteoir litir mheabhrúcháin, agus ina dhiaidh sin, ríomhphost, SMS agus litir fógra deiridh.

Cén fáth a bhfuair mé roinnt litreacha ag an aon am amháin faoi mo chuid coinníollacha clárúcháin?

D'fhéadfá níos mó ná litir amháin a fháil sa seal má tá clárú agat do dhá earnáil, earnálacha an bhunoideachais agus an iar-bhunoideachais, mar shampla. Seolann an Chomhairle litreacha chuig na múinteoirí ar fad a bhfuil clárú coinníollach acu, ina leagtar amach go soiléir an coinníoll atá i gceist agus an dáta éaga atá ag gabháil leis.

Cén chaoi ar féidir liom mo chuid sonraí clárúcháin a fheiceáil ar líne, agus mo chuid coinníollacha freisin?

Féadfaidh tú rochtain a fháil ar do chuid sonraí clárúcháin ar Mo Chlárú ar www.teachingcouncil.ie agus féadfaidh tú do sheoladh a nuashonrú ansin freisin, mar aon le d'uimhreacha gutháin agus do sheoladh ríomhphoist.

Cé na sonraí teagmhála atá ann do Rannóg na gCoinníollacha?

Céard a tharlóidh mura bhfuil mé in ann aghaidh a thabhairt ar mo chuid coinníollacha san amlíne a leagtar síos?

Féadfaidh múinteoir cláraithe, i gcúinsí teoranta áirithe, iarratas a sheoladh chuig an gComhairle ag iarraidh go gcuirfear síneadh ama lena c(h)lárú coinníollach.

Céard a tharlóidh mura dtugaim aghaidh ar mo chuid coinníollacha agus mura gcuirim isteach ar shíneadh ama?

Má theipeann ar mhúinteoir na coinníollacha a chur i gcrích go sásúil sa tréimhse ama a leagtar síos, rachaidh clárú an mhúinteora as feidhm mura gcuireann sé/sí isteach ar shíneadh ama.

Má dhéanaim mo chlárú a athnuachan, an áirítear é sin mar shíneadh ama?

Má dhéanann tú do chlárú a athnuachan agus coinníollacha fós ort atá ag dul in éag d'fhéadfadh do chlárú ar Chlár na Múinteoirí dul as feidhm toisc nár thug tú aghaidh ar do chuid coinníollacha, mura dtugann tú aghaidh ar an méid sin as féin leis an gComhairle trí iarratas a sheoladh ag lorg síneadh ama.

Cé na scoileanna inar féidir Droichead a dhéanamh?

Ní féidir an próiseas Droichead a dhéanamh ach amháin i scoileanna rannpháirteacha a fuair oiliúint sa phróiseas Droichead agus ar cuid de Chéim Fás Droichead iad.

Cén uair gurb é Droichead an t-aon bhealach chuig na Coinníollacha Cleachtaidh Iarcháilíochta?

Faoin mbliain 2020/2021, is é Droichead an bealach insealbhúcháin do na MNCanna ar fad. Cliceáil anseo chun breathnú ar an doiciméad Amlínte don Chéim Fáis (Béarla).