Chun clárú faoi Rialacháin na Comhairle Múinteoireachta um Chlárú 2016, Bealach 2 (Iar-bhunoideachas), tá sé riachtanach go sásaíonn tú na riachtanais i gcás ábhar curaclaim iar-bhunoideachais amháin, ar a laghad.
Má cuireadh in iúl duit go bhfuil easnamh i gceist, e.g. easnamh ó thaobh creidiúintí, an riachtanas cónaithe i gcás teanga, inniúlacht theangeolaíoch, caithfidh tú, nuair a bheidh d’fhoirm iarratais clárúcháin á seoladh agat, fianaise a sheoladh gur slánaíodh an t-easnamh, mura seoladh an fhianaise sin cheana. Nótáil le do thoil, mura bhfuil ábhar faofa amháin agat ar a laghad, nach féidir an clárú a chríochnú go dtí go bhfaightear an fhianaise sin. Má faomhadh thú d’ábhar amháin ar a laghad agus gur cuireadh easnamh in iúl duit maidir le hábhar breise, is don ábhar faofa amháin a dhéanfar d’iarratas a phróiseáil go dtí go bhfaightear fianaise gur slánaíodh an t-easnamh/ na heasnaimh.