Tiocfaidh deireadh leis an tréimhse phromhaidh nuair a bheidh an Chomhairle Mhúinteoireachta sásta gur sásaíodh an ceanglas seirbhíse agus an ceanglas maidir le hinniúlacht ghairmiúil, araon, go hiomlán. Cuirfidh an Chomhairle deimhniú in iúl don mhúinteoir maidir lena c(h)lárú coinníollach, nó maidir le clárú iomlán mar mhúinteoir a bheith aige/aici.
Má theipeann ar mhúinteoir na coinníollacha clárúcháin a chomhlíonadh laistigh den teorainn ama a leagtar síos, d’fhéadfadh clárú an mhúinteora dul in éag agus bheadh impleachtaí suntasacha ansin dó/di maidir le bheith incháilithe chun a bheith fostaithe i scoil.
A luaithe a bheidh an dá cheanglas promhaidh curtha i gcrích ag múinteoir, caithfidh sé/sí Foirm C a líonadh agus a chur isteach in éineacht le ráiteas cigireachta ó Ionad Oideachais Luimnigh (LEC).