Rinneadh Cosán a fhorbairt ag éirí as dhá chéim chomhairliúcháin.
Cuireadh tús leis an gcéad chéim chomhairliúcháin i nDeireadh Fómahir 2014 nuair a chuaigh an Chomhairle i mbun cainte leis na múinteoirí faoi fhoghlaim na múinteoirí. Bhí suirbhé ar líne ina chuid den phróiseas comhairliúcháin, mar aon le 25 cheardlann chomhairliúcháin ar fud na tíre agus aiseolas scoile uile i ndiaidh na gceardlann scoilbhunaithe. Bhailigh an Chomhairle léirstin freisin ó mhúinteoirí a raibh taighde FGL déanta acu le tamall roimhe sin. Bhí 3,349 múinteoir san iomlán rannpháirteach sa chéim chomhairliúcháin sin, agus bunaíodh dréacht a haon den Chreat Cosán, a foilsíodh i mBealtaine 2015, ar an aiseolas a fuarthas uathu.
Sa dara céim chomhairliúcháin lorgaíodh tuairimí na múinteoirí agus na bpáirtithe leasmhara ar dhréacht a haon den chreat. Bhí suirbhé ar líne, sraith ceardlann ar fud na tíre agus cruinnithe scoilbhunaithe sa chéim sin den chomhairliúchán freisin. Thionóil an Chomhairle ócáid chomhairliúcháin náisiúnta do na páirtithe leasmhara freisin, d'eagraigh siad iarchruinnithe déthaobhacha leis na páirithe leasmhara, agus ghlac siad le haiseolas i scríbhinn faoin dréacht-chreat. Chuidigh breis is 1,600 duine, idir mhúinteoirí agus pháirtithe leasmhara, leis an dara céim chomhairliúcháin sin agus leasaíodh an dréacht-chreat ag éirí as an aiseolas a fuarthas uathu. Rinne an Chomhairle an dréacht-chreat athbhreithnithe a fhaomhadh, an 15 Feabhra 2016.
Is é an dréacht nuashonraithe de Chreat Cosán atá ag réiteach an bhealaigh don chéim reatha d'fhorbairt Cosán. Féadfaidh múinteoirí agus scoileanna socrú a dhéanamh a bheith páirteach sa phróiseas agus an creat a chur i bhfeidhm ina suíomh féin. Tá an Chomhairle ag bailiú aiseolais ón bpróiseas seo i gcónaí ag éirí as ceardlanna ar fud na tíre, cuairteanna scoile agus laethanta foghlama comhroinnte.
- Léigh a thuilleadh faoi dhréachtú Chreat Cosán (béarla)
- Faigh amach faoin bPróiseas Forbartha Cosán i láthair na huaire