Ós rud é go bhfuil Snáithe A críochnaithe agat, an ceanglas ama san áireamh, ba cheart duit an dáta deiridh a thabhairt de réir mar is cuí, ag cur san áireamh na dálaí a bhaineann leat féin. Féadfar am suas go dtí deireadh na bliana acadúla 2019/2020 a chur san áireamh. Nótáil, le do thoil, gur cheart do bhaill an FTG an dáta a síníonn siad an fhoirm a thabhairt. Ní cheadaítear don FTG an fhoirm a shíniú go dtí go mbeidh an próiseas Droichead curtha i gcrích.