Tabharfaidh múinteoir bunscoile faoin bpróiseas Droichead sa ghnáth shlí agus é/í fostaithe mar mhúinteoir ranga príomhshrutha i mbunscoil aitheanta. Bíonn fostaíocht íoctha incháilithe de ghnáth, is cuma an fostaíocht bhuan, fostaíocht shealadach nó fostaíocht ionaid í, a fhad is go bhfuil 11 ábhar déag an Churaclaim Bunscoile, Gaeilge san áireamh, á múineadh ag an múinteoir do rang príomhshrutha (aonghráid nó ilghráid), an lá scoile ar fad.
Ba cheart do scoileanna múinteoirí nua-cháilithe a chur i mbun ranganna príomhshrutha, seachas i gcásanna eisceachtúla. I gcásanna áirithe, más é an múinteoir nua-cháilithe an múinteoir is oiriúnaí chun tacaíocht a thabhairt do riachtanais daltaí, d’fhéadfadh múinteoir an próiseas Droichead a chur i gcrích i gceann de na róil seo a leanas:
a) mar mhúinteoir ranga speisialta i scoil phríomhshrutha
b) mar mhúinteoir i scoil speisialta
c) mar mhúinteoir acmhainne lánaimseartha do dhaltaí faoi mhíchumas íseal-leibhéil (de réir mar a shainítear sa Roinn Oideachais agus Scileanna)
d) mar mhúinteoir tacaíochta foghlama lánaimseartha
e) i ról ina bhfuil c) agus d) thuas (post tacaíochta foghlama/ múinteoir acmhainne).
Sna cásanna thuas, caithfidh an cohórt céanna daltaí a bheith á múineadh i gcaitheamh thréimhse na fostaíochta (seachas i gcás asláithreachtaí eisceachtúla). Ba cheart do scoil, mar chuid den phróiseas Droichead, a chinntiú go mbeidh deiseanna ag múinteoir nua-cháilithe múineadh i gcomhthéacs príomhshrutha, agus múineadh agus foghlaim na Gaeilge i rang príomhshrutha ina chuid de, i gcomhar leis an múinteoir ranga.