Eolas d'Fhinnéithe

Eolas ginearálta

Cén fáth a ndéantar méa ghairm le fianaise a thabhairt?

Déantar tú a ghairm le fianaise a thabhairt mar fhinné toisc go ndearnadh gearán faoi mhúinteoir agus b’fhéidir go mbeidh tú in ann cuidiú leis an bpainéal a éisteann leis an bhfiosrúchán chun tuiscint a fháil ar cad a tharla. Iarrfar ort eolas fíriciúil agus gan do thuairim a thabhairt maidir leis an rud a tharla.

Cad is éisteacht ó bhéal ann?

I gcuid mhór cásanna, beidh fiosrúchán ar siúl mar chineál éisteachta ó bhéal os comhair painéil den Choiste Araíonachta. Tá sé cosúil le héisteacht os comhair cúirte nó binse. Ag an éisteacht, tabharfaidh finnéíthe fianaise faoi mhionn nó trí dhearbhascadh a dhéanamh.

An gcaithfidh mé fianaise a thabhairt?

Caithfidh. Ionas go mbeidh sé níos éasca duit freastal ar an éisteacht, is féidir linn toghairm finné fhoirmiúil a sheoladh chugat, más gá. Le toghairm finné tá dualgas ort ó thaobh dlí de freastal ar an éisteacht. B'fhéidir go mbeidh ort an toghairm finnéa thaispeáint do d'fhostóir ionas go mbeidh a fhios ag d'fhostóir go gcaithfidh tú freastal ar éisteacht.

Ca mbíonn éisteachtaí ar siúl?

Bíonn an chuid is mó d'éisteachtaí ar siúl in ofigí na Comhairle Múinteoireachta ag Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara. Anois is arís, bíonn na héisteachtaí ar siúl in áiteanna eile. Roimh an éisteacht, scríobhfaimid chugat leis an áit, dáta agus am inar choir duit a bheith i láthair. Ba chóir duit a bheith ullamh chu taisteal a dhéanamh agus fanacht thar oíche b'fhéidir, más gá. Déanfaimid ár ndícheall a chur in iúl duit roimh ré más gá duit fanacht that oíche.

An féidir leat tuilleadh a rá liom cad atá i gceist le bheith mar fhinné?

Má bhíonn aon ábhar imní agat faoi fhianaise a thabhairt, nó más mian leat an próiseas éisteachta a phlé, téigh i dteagmháil lenár bhfoireann Caighdéan Gairmiúla a chabhróidh leat le do cheist.

Is féidir teagmháil a dhéanamh lenár bhfoireann Caighdeán Gairmiúla trí ríomhphost a chur chuig professionalstandards@teachingcouncil.ie nó trí ghlaoch a chur ar Íosghlao 1890 224 224 nó trí ghlaoch a chur ar (01) 651 7900.

An mbeidh an éisteacht ar siúl go poiblí nó go príobháideach?

Bíonn na héisteachtaí ar siúl go poiblí ach amháin má iarrann an múinteoir nó finné a bhféadfaí cúrsaí pearsanta a nochtadh faoi/fúithi ar an bpainéal an éisteacht nó cuid den éisteacht a bheith ar siúl go príobháideach, agus go bhfuil an painéal sásta go mbeadh sé oiriúnach a leithéid a dhéanamh. Má bhíonn éisteacht ar siúl go poiblí, féadfaidh an painéal d’aitheantas nó aitheantas na ndaoine atá i gceist, an múinteoir san áireamh, a choimeád faoi rún.

Má bhíonn aon ábhair imní agat faoin éisteacht a bheith ar siúl go poiblí, déan iad seo a phlé linn nó leis na dlíodóirí atá ag gníomhú ar son an Stiúrthóra, le do thoil.

Ullmhúchán don éisteacht

Conas a ullmhaítear an cás?

Agus gearán faighte again faoi mhúinteoir cláraithe, déanfaidh ár gCoiste Imscrúdaithe an geará a fhiosrú. Má chinneann an Coiste Imscrúdaithe go bhfuil gá le fiosrúchán, cuireann sé an gearán ar aghaidh chuig an gCoiste Araíonachta. Cuirtear painéal den Choiste Araíonachta le chéile ansin don fhiosrúchán, a bhíonn mar éisteacht ó bhéal de ghnáth. Beidh Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta freagrach as an bhfianaise a ullmhú agus a chur faoi bhráid an phainéil ag an éisteacht. Tá dualgas ar an Stiúrthóir agus na dlíodóirí fianaise ar nós tuairiscí, comhfhreagras agus ráitis finnéithe i scríbhinn.

Cad is ráíteas finné i scríbhinn ann?

B'fhéidir go n-iarrfaimid ort ráiteas finné a thabhairt i scríbhinn. Má dhéanaimid é sin, is seo a leanas cad a tharlóidh, go hiondúil:

  1. Socróidh an dlíodóirí don Stiúrthóir glao teileafóin a chur ort nó cruinniú a eagrú leat chun ráiteas I scríbhinn a ullmhú den fhianaise a thabharfaidh tú don phainéal.
  2. Cuirfidh siad dréacht den ráiteas chugat le hathbhreithniú a dhéanamh air.
  3. Ba chóir duit aon athruithe a dhéanamh ar an ráiteas is mian leat a dhéanamh nó téigh i dteagmháil leis an dlíodóirí don Stiúrthóír a dhéanfaidh na hathruithe duit.
  4. Agus tú sásta go bhfuil do ráiteas cruinn agus iomlán, ba choir duit é a shíniú agus a chur ar ais chuig na dlíodóirí don Stiúrthóir.
  5. Seolfar an dréacht de do ráiteas in éineacht le do ráiteas deiridh atá sínithe chuig an múínteoir agus chuig ionadaithe an mhúinteora.
  6. Ar lá na héisteachta, iarrfaimid ort fianaise a thabhairt.

Glactar le ráitis finné ionas go mbeidh an Stiúrthóir agus an múinteoir a bhfuil an gearán déanta faoi nó fúithi ar an eolas faoin bhfianaise a thabharfaidh tú don phainéal ag an éisteacht.

Cathain a bhíonn an éisteacht ar siúl?

Go hiondúil, sula socraítear ar dháta don éisteacht rachaimid i dteagmháil leat chun plé a dhéanamh leat faoi tú a bheith ar fáil agus na dátaí féideartha. Déanfaimid iarracht dáta a shocrú atá oiriúnach duit. Mar sin féin, ní bhíonn sé seo indéanta riamh. Abair linn a luaithe agus is féidir, agus sula socraítear an dáta, más rud é go bhfuil aon laethanta saoire nóceangaltais bheartaithe curtha in áirithe agat.

An féidir liom a rá le daoine eile go bhfuil fianaise a thabhairt agam?

B’fhéidir go mbeidh ort a rá le d’fhostóir go ndearnadh tú a ghairm le fianaise a thabhairt ag éisteacht den Chomhairle Mhúinteoireachta. B’fhéidir go mbeidh ort an toghairm finné a thaispeáint do d’fhostóir freisin ionas gur féidir leat freastal ar an éisteacht.

Mar sin féin, ba chóir duit caitheamh leis an eolas uile faoin éisteacht mar eolas atá go hiomlán príobháideach agus faoi rún. Go sainráite, níor chóir duit sonraí na fianaise a thabharfaidh tú don phainéal a phlé le duine ar bith. Clúdaíonn sé seo daoine eile a d’fhéadfaí a ghairm le fianaise a thabhairt.

Cad ba chóir dom a dhéanamh leis na doiciméid a chuireann tú chugam?

B’fhéidir go gcuirfidh an Chomhairle Mhúinteoireachta nó dlíodóirí don Stiúrthóir doiciméid chugat roimh an éisteacht. Tá na doiciméid seo go hiomlán príobháideach agus faoi rún, agus caithfear iad a stialladh go rúnda ag deireadh phróiseas an fhiosrúcháin. Mura bhfuil tú in ann na doiciméid a stialladh go rúnda, cuir iad ar ais chugainn agus déanfaimid iad a stialladh.

Cad é má bhím faoi mhíchumas nó má bhíonn?

Má bhíonn tú faoi mhíchumas nó má bhíonn riachtanais speisialta agat, abair linn roimh an éisteacht ionas gur féidir linn é a dhéanamh níos éasca duit fianaise a thabhairt.

Lá na héisteachta

Cén t-am ar chóir dom a bheith i láthair?

Scríobhfaimid chugat agus déarfaimid leat cén t-am ba chóir duit a bheith i láthair. Nuair a shroicheann tú an áit, téigh chuig an bhfáiltiú. Déanfaidh an fáilteoir an t-am a shroich tú an áit a thaifeadadh agus déanfaidh sé nó sí tú a threorú go dtí seomra feithimh. Iarrfar ort fanacht sa seomra feithimh go dtí go n-iarrtar ort fianaise a thabhairt.

Níl cead agat, i gcás ar bith, gnéithe ar bith den chás a phlé le haon finnéithe eile a d’fhéadfadh a bheith sa seomra feithimh.

Cé chomh fada agus a bheidh mé ag fanacht le fianaise a thabhairt?

Is deacair a rá. Déanfaimid gach iarracht a chinntiú go ndéanfar tú a ghairm le fianaise a thabhairt go luath tar éis duit an áit a shroicheadh. Mar sin féin, b’fhéidir go mbeidh ort fanacht mar is deacair a rá go minic cé chomh fada agus a bheidh na finnéithe romhat ag tabhairt fianaise. Corruair, b’fhéidir nach dtabharfaidh tú fianaise ar an lá a iarrtar ort a bheith i láthair de bharr moill a bheith curtha ar an éisteacht. Má tharlaíonn sé seo, b’fhéidir go n-iarrfaimid ort a bheith i láthair lá éigin eile. Más rud é go bhfuair tú toghairm finné, beidh an toghairm sin bailí don chéad lá éisteachta eile agus gach lá ina dhiaidh sin go dtí go dtagann deireadh leis an éisteacht. Déanfaimid iarracht an méid is lú trioblóide a chur ort.

An mbuailfidh mé leis an múinteoir agus le finnéithe eiel?

B’fhéidir go n-iarrfaí ar a lán daoine a bheith i láthair ag an éisteacht le fianaise a thabhairt. Féadfaidh an múinteoir agus ionadaithe an mhúinteora a bheith i láthair, chomh maith le finnéithe atá ag tabhairt fianaise thar ceann an mhúinteora. Is é is dóichí go mbuailfidh tú le daoine a bhfuil baint acu leis an gcás. Mar atá leagtha amach thuas, níl cead agat aon ghné den chás a phlé le daoine eile.

Cé a bheith i láthair sa seomra éisteachta?

Painéal an Choiste Araíonachta– san áireamh anseo beidh idir triúir agus cúigear, atá mar bhaill den Choiste Araíonachta. Beidh ball amháin den phainéal ag feidhmiú mar Chathaoirleach.

An Measúnóir Dlí – is abhcóide atá i gceist anseo a shuífidh leis an bpainéal agus a chuirfidh comhairle orthue faoi na saincheisteanna dlí nó nós imeachta. Ní dhéanann an Measúnóir Dlí cinneadh ar cruthaíodh an gearán. Baineann sé seo leis an bpainéal amháin.

Ionadaí dlí an Stiúrthóra – san áireamh anseo d'fhéadfadh dlíodóirí nó abhcóidí a bheith i gceist a chuirfidh an cás i láthair that ceann an Stiúrthóra.

Foireann na Comhairle Múinteoireachta – san áireamh anseo beidh an fhoireann iomchuí den Chomhairle Mhúinteoireachta.

An múinteoir cláraithe – an duine a bhfuil an fiosrúchán á dhéanamh air nó uirthi.

Ionadaithe an mhúínteora – san áireamh anseo d’fhéadfadh ionadaithe dlí, ceardchumainn nó ionadaithe eile a bheith i gceist, a d’fhéadfadh gníomhú agus labhairt ar son an mhúinteora. Cuirfidh siad staid an mhúinteora faoi bhráid an phainéil agus cuirfidh siad ceisteanna ar na finnéithe maidir lena bhfianaise. B’fhéidir nach mbeidh ionadaithe ag múinteoirí áirithe agus go ndéanfaidh siad a gcás féin a chosaint.

An Luathscríbhneoir– déanann an duine seo an fhianaise ar fad a thugtar ag éisteacht a thaifeadadh.

An pobal – Má bhíonn an fiosrúchán ar siúl go poiblí, d’fhéadfadh baill den phobal a bheith i láthair, lena n-áirítear iriseoirí, chun féachaint ar na himeachtaí agus éisteacht leo. De ghnáth, suíonn siad ar chúl an tseomra éisteachta.

Cad a tharlaíonn nuair a dhéantar mé a ghairm le fianaise a thabhairt?

Tabharfar tú go dtí bord na bhfinnéithe sa seomra éisteachta. Cuirfidh cathaoirleach an phainéil baill an phainéil in aithne duit.

Iarrfar ort ansin mionn a ghlacadh nó ráiteas a dhéanamh maidir le fírinne do chuid fianaise.

Agus na ceisteanna á bhfreagairt agat ba chóir duit labhairt go soiléir agus go mall sa mhicreafón ar bhord na bhfinnéithe. Mura gcloiseann tú ceist, ba chóir duit iarraidh orthu é a rá arís. Mura dtuigeann tú ceist, ba chóir duit iarraidh orthu é a mhíniú duit.

Ní bheidh an painéal ar an eolas faoin bhfianaise a thugann tú agus sa chuid is mó de na cásanna ní bheidh an painéal tar éis do ráiteas a fheiceáil, mar sin tá sé tábhachtach go dtugann tú freagraí iomlána ar na ceisteanna.

Ní féidir leat do ráiteas finné a bheith leat nuair a thugann tú fianaise ach is féidir leat é a léamh nuair atá tú sa seomra feithimh.

Agus tú ag tabhairt fianaise b’fhéidir go dtaispeánfar doiciméid eile duit agus go gcuirfear ceisteanna ort fúthu. Léigh gach doiciméad a thaispeántar duit go cúramach.

Más gá duit sos a ghlacadh agus tú ag tabhairt fianaise, iarr ar Chathaoirleach an Phainéil. Má bhíonn sos ann agus tú ag tabhairt fianaise, níl cead agat d’fhianaise nó an cás a phlé le duine ar bith. Cuirtear san áireamh anseo na dlíodóirí atá ag gníomhú ar son an Stiúrthóra.

Má dhéantar tú a ghairm mar fhinné beidh tú i dteideal na ndíolúiní agus na bpribhléidí céanna le finné os comhair na hArd-Chúirte.

Cé a chuirfidh na ceisteanna orm?

Cuirfidh ionadaithe dlí an Stiúrthóra ceisteanna ort bunaithe ar do ráiteas sínithe. Mar atá thuasluaite, ní bheidh tú in ann do ráiteas finné a thabhairt leat nuair a thugann tú fianaise ach is féidir leat é a léamh nuair atá tú i seomra feithimh na bhfinnéithe.

Ansin, d’fhéadfadh an múinteoir nó a (h)ionadaí ceisteanna a chur ort. D’fhéadfadh baill den phainéal ceisteanna a chur ort freisin.

An mbeidh sosanna ann i rith an lae?

Stopfaidh an éisteacht le haghaidh lóin gach lá. Stopfar (scoirfear) freisin ag deireadh gach lae má leanann an éisteacht ar aghaidh níos faide ná aon lá amháin. D’fhéadfadh an painéal an éisteacht a scor ar feadh tréimhse níos faide chun tuilleadh fianaise a fháil nó chun éisteacht le finnéithe eile.

Tá sé ríthábhachtach nach bpléann tú an cás nó d’fhianaise le duine ar bith le linn an éisteacht a bheith curtha ar athlá. Cuirtear san áireamh anseo ionadaithe dlí an Stiúrthóra, an múinteoir agus ionadaithe an mhúinteora, duine ar bith eile a bhfuil baint acu leis an gcás agus do theaghlach agus do chairde.

Cad a tharlaíonn tar éis dom fianaise a thabhairt?

Nuair a chríochnaíonn tú ag tabhairt fianaise is féidir leat an t-ionad éisteachta a fhágáil. Má bhíonn an éisteacht ar siúl go poiblí, is féidir leat fanacht chun breathnú ar an gcuid eile den éisteacht. Má bhíonn an éisteacht ar siúl go príobháideach, ní féidir leat fanacht ach amháin má thugann an painéal cead duit é sin a dhéanamh. Más mian leat fanacht, ba chóir duit é a chur in iúl d’ionadaithe dlí an Stiúrthóra roimh an éisteacht ionas gur féidir leo an t-iarratas a chur faoi bhráid an phainéil.

Tar éis na héisteachta

Cad a tharlaíonn nuair a chríochnaíonn an éisteacht?

A luaithe is atá an éisteacht críochnaithe, ullmhóidh an painéal tuairisc. Sa tuairisc déarfar an bhfuil an gearán cruthaithe. De ghnáth, is gá na gearáin a chruthú thar amhras réasúnta.

Cad a tharlaíonn don mhúinteoir?

A luaithe is atá an éisteacht críochnaithe, ullmhóidh an painéal tuairisc. Sa tuairisc déarfar an bhfuil an gearán cruthaithe. De ghnáth, is gá na gearáin a chruthú thar amhras réasúnta.

D’fhéadfadh an painéal cinneadh a dhéanamh:

  • comhairle, rabhadh nó cáineadh a thabhairt don mhúinteoir
  • coinníollacha a leagan ar chlárú an mhúinteora
  • an múinteoir a chur ar fionraí ón gclár ar feadh tréimhse ama sonraithe (suas le dhá bhliain)

(Is é a bheadh i gceist leis seo nach mbeadh an múinteoir in ann teagasc a dhéanamh i bpost atá maoinithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna don tréimhse atá sé nó sí ar fionraí ón gclár.)

  • An múinteoir a bhaint den chlár agus gan ligean de nó di iarratas a dhéanamh le bheith achurtha ar an gclár ar feadh tréímhse ama sonraithe.

(Mar mhúinteoir nach bhfuil cláraithe, ní bheadh an múinteoir in ann teagasc a dhéanamh ansin i bpost atá maoinithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna.)

Má leagann an painéal smachtbhanna (seachas comhairle, rabhadh nó cáineadh a thabhairt), tá 21 lá ag an múinteoir le hachomharc a dhéanamh ar an gcinneadh chuig an Ard-Chúirt. Bíonn na hachomhairc chuig an Ard-Chúirt ar siúl go poiblí. Ag achomharc, b’fhéidir go n-éisteofaí leis an gcás arís ina iomláine agus is é a bheadh i gceist leis seo ná go bhféadfaí éileamh ort fianaise ag thabhairt ag an achomharc.

Eolas breise

An gcuirtear é in iúl d'fhostóir an mhúinteora?

Nuair a thagann an éisteacht chun deiridh, cuirfimid in iúl d’fhostóir an mhúinteora maidir leis an toradh. Beidh fostóir an mhúinteora ar an eolas cheana féin go raibh éisteacht le bheith ar siúl.

An íocfaidh an Chomhairle Mhúinteoireachta mo chostais as ucht freastal ar an éisteacht?

Aisíocfaimid costais réasúnta a íocann tú as do phóca féin. Ní mór duit admhálacha a thabhairt dúinn do na costais seo.

Cuirtear san áireamh sna costais réasúnta as do phóca féin costais taistil, costais lóistín agus costais do bhéilí nó do bhia agus deochanna.

Na rudaí ba chóir a chur san áireamh

  • Déan cinnte de go bhfuil tú ar an eolas faoin áit ina bhfuil an ionad éisteachta roimh lá na héisteachta
  • Téigh chuig an ionad éisteachta in am
  • Tabhair leat na bundoiciméid uile chuig an éisteacht fiú má thug tú cóipeanna cheana féin do na dlíodóirí atá ann ar son an Stiúrthóra
  • Má smaoiníonn tú ar fhianaise bhreise a bhainfeadh le hábhar, abair é sin leis na dlíodóirí atá ann ar son an Stiúthóra a luaithe agus is féidir. B'fhéidir go mbeadh sé ródhéanach ar lá na héisteachta
  • Ná labhair le duine ar bith faoi shonraí an cháis ná faoin bhfianaise atá agat
  • Coimeád do chuid admhálacha.

Aiseolas

Cuirimid fáilte roimh aon tuairimí a bheadh agat tar éis do thaithí mar fhinné. Cuir aon tuairimí ar aghaidh chuig professionalstandards@teachingcouncil.ie

Gluais

Cur ar Atráth - sos le linn na héisteachta sula gcríochnaíonn sí.

Rabhadh a thabhairt - casaoid daingean a thabhairt.

Cáineadh - fíor-mhíshástacht a léiriú.

Cathaoirleach -an ball den phainéal a dhéanann an chuid eile den phainéal a bhainistiú agus a chinntíonn go reáchtáiltear an éisteacht go cothrom.

Stiúrthóír - Príomhoifigeach Feidhmiúcháin na Comhairle Múinteoireachta.

An Coiste Araíonachta - an coiste sa Chomhairle Mhúinteoireachta óna gcuirtear le chéile an painéal a bheidh i mbun an fhiosrúcháin.

Fianaise - an rud a deir finné ag éisteacht, agus na doiciméid nó taifid eile a dhéantar a scrúdú le linn na héisteachta.

Fiosrúchán - éisteacht cosúil le héisteacht os comhair cúirte nó binse, nó scrúdú ar na doiciméid agus aighneachtaí ábhartha i scríbhinn.

An Coiste Imscrúdaithe - an coiste sa Chomhairle Mhúinteoireachta a chuireann gearán san áireamh agus a dhéanann an cinneadh ar chóir é a chur ar aghaidh chuig an gCoiste Araíonachta le haghaidh fiosrúcháin.

Measúnóir Dlí - is abhcóide é seo a bheidh ina s(h)uí leis an bpainéal agus a chuirfidh comhairle orthu maidir le saincheisteanna dlí nó nós imeachta. Ní dhéanann an Measúnóir Dlí cinneadh an bhfuil an gearán cruthaithe. Baineann sé seo leis an bpainéal amháin.

Painéal - an grúpa de thriúr go cúigear a reáchtálann an fiosrúchán agus a dhéanann an cinneadh an bhfuil an cás cruthaithe nó nach bhfuil.

Drochfheidhmíocht ghairmiúil - gan na caighdeáin inniúlachta (cibé acu an mbaineann siad le cúrsaí eolais, scileanna nó eolas agus scil, nó an dá cheann a chur i ngníomh) a chomhlíonadh a mbeifí ag súil leo ó mhúinteoirí.

Mí-iompar gairmiúil -iompar náireach nó mí-ionraic le linn thréimhse gairme an mhúinteora, nó aon ní eile seachas sin le linn thréimhse gairme an mhúinteora más rud é go bhfuil an t-iompar chomh tromchúiseach sin go bhféadfaí míchlú a tharraingt ar ghairm na múinteoireachta.

Smachtbhanna - an cineál pionóis atá an Chomhairle Mhúinteoireachta in ann a leagan ar mhúinteoir.

Luathscríbhneoir - an duine a dhéanann an fhianaise a thugtar ag an bhfiosrúchán a thaifeadadh.

Toghairm - doiciméad dlí ina ndeirtear leat cad a chaithfidh tú a dhéanamh. Is cion é gan toghairm a chomhlíonadh.

Fostóir an mhúinteora - Bord Bainistíochta na scoile nó Príomhfheidhmeannach an Bhoird Oideachais agus Oiliúna chuí a fhostaíonn an múinteoir atá i gceist.