Céard atá i gceist le fiosrúchán?
Is éisteacht ó bhéal os comhair phainéal den Choiste Araíonachta a bheidh i gceist le fiosrúchán de ghnáth. Beidh sé cosúil go maith le héisteacht os comhair cúirte nó binse fiosrúcháin. Tugann finnéithe fianaise faoi mhionn.
An dtionólfar an éisteacht ó bhéal go poiblí nó go príobháideach?
Bíonn éisteachtaí ar siúl go poiblí mura n-iarrfaidh an múinteoir, nó finné a bhféadfadh go nochtfaí nithe pearsanta faoi nó fúithi, ar an bpainéal an éisteacht nó cuid den éisteacht a thionól go príobháideach, agus go bhfuil an painéal sásta go mba iomchuí déanamh amhlaidh. Más éisteacht phoiblí a thionóltar, féadfaidh an painéal céannacht an mhúinteora, nó céannacht daoine eile a bheidh i gceist, a choinneáil faoi rún.
Féadfaidh an múinteoir is ábhar don fhiosrúchán a iarraidh go ndéanfar an fiosrúchán trí scrúdú a dhéanamh ar na doiciméid ábhartha agus ar na haighneachtaí i scríbhinn, in ionad éisteacht ó bhéal. Rud eile, ar iarratas ó mhúinteoir cláraithe nó le toil mhúinteora chláraithe, féadfaidh painéal an Choiste Araíonachta a iarraidh ar an múinteoir toiliú leis an bhfiosrúchán a dhéanamh trí scrúdú a dhéanamh ar na doiciméid ábhartha agus ar na haighneachtaí i scríbhinn.
Fiosrúchán a sheoltar trí scrúdú a dhéanamh ar na doiciméid ábhartha agus ar na haighneachtaí scríofa, is go príobháideach a sheoltar é gan aon pháirtithe i láthair. Is iad painéal an Choiste Araíonachta a chinnfidh an cur chuige is feiliúnaí. Is éisteacht ó bhéal is coitianta, go háirithe más rud é go bhfuil easaontas ann faoi na fíricí nó má tá ceist fúthu.
Má thionóltar éisteacht ó bhéal, cén ról a bhíonn ag an scoil nó ag an bhfostóir?
Féadfaimid a iarraidh ar ionadaí ón scoil fianaise a thabhairt mar fhinné. Le haghaidh breis eolais i ndáil le ról finné, agus an méid a bhféadfaí a bheith ag súil leis ag éisteacht, féach ár leabhrán Eolas d’Fhinnéithe le do thoil.
Cén chaoi a n-ullmhaítear don éisteacht?
Is é Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta a bheidh freagrach as an bhfianaise a ullmhú agus a chur i láthair an phainéil ag an éisteacht. Ceanglaítear ar an Stiúrthóir an gearán a chruthú ag an éisteacht. Beidh aturnaetha ag cuidiú leis an Stiúrthóir de ghnáth. Baileoidh an Stiúrthóir agus na haturnaetha fianaise amhail tuairiscí, comhfhreagras agus ráitis i scríbhinn ó fhinnéithe.
Is é painéal an Choiste Araíonachta a bheidh ag breithniú an ghearáin a chinnfidh an bhfuil an gearán cruthaithe agus na forais (mar shampla, mí-iompar gairmiúil, drochfheidhmíocht ghairmiúil, a bheith neamhfheidhmiúil ó thaobh sláinte de chun múineadh, agus mar sin de). Caithfear gearáin a chruthú thar amhras réasúnach ag fiosrú de ghnáth.
Cá mbeidh an éisteacht ó bhéal ar siúl?
Tionóltar formhór na n-éisteachtaí in oifigí na Comhairle Múinteoireachta, i mBloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara. Tionóltar éisteachtaí in áiteanna eile corruair. Scríobhfaimid chuig na daoine ábhartha roimh an éisteacht agus tabharfaimid ionad agus dáta na héisteachta dóibh agus an t-am le bheith i láthair.
Cé a bheidh i láthair i seomra na héisteachta?
Beidh painéal an Choiste Araíonachta, ann – idir triúr agus cúigear, atá ina mbaill den Choiste Araíonachta. Gníomhóidh duine den phainéal mar Chathaoirleach.
An Measúnóir Dlí – abhcóide a shuífidh leis an bpainéal agus a chuirfidh comhairle orthu maidir le saincheisteanna dlí nó nósanna imeachta. Ní hé an Measúnóir Dlí a chinneann an bhfuil an gearán cruthaithe. Sin gnó don phainéal amháin.
Ionadaithe dlíthiúla an Stiúrthóra – orthu siúd bheadh aturnaetha nó abhcóidí chun an cás a chur i láthair thar ceann an Stiúrthóra, b’fhéidir.
Foireann na Comhairle Múinteoireachta – baill foirne ábhartha ón gComhairle Mhúinteoireachta ina measc.
An múinteoir cláraithe
Ionadaithe an mhúinteora – ionadaithe dlíthiúla nó ceardchumainn nó eile a fhéadfaidh gníomhú nó labhairt thar ceann an mhúinteora. Cuirfidh siad seasamh an mhúinteora i láthair an phainéil agus ceisteoidh siad na finnéithe maidir lena bhfianaise. I gcás múinteoir nach bhfuil ionadaithe aige/aici, féadfaidh an múinteoir a c(h)ás féin a chosaint.
An luathscríbhneoir – an té a thaifeadann an fhianaise uile a thugtar ag an éisteacht.
Daoine ón bpobal – i gcás éisteacht phoiblí, d’fhéadfadh daoine ón bpobal a bheith i láthair lena n-áirítear iriseoirí a bheadh ag breathnú imeachtaí agus ag éisteacht leo. Is i gcúl an tseomra éisteachta a shuíonn siad de ghnáth.