Gearán á Dhéanamh

Cé atá in ann gearán a dhéanamh faoi mhúinteoir cláraithe?

Is féidir le duine ar bith, lena n-áirítear baill den phobail, fostóirí agus múinteoirí eile, gearán a dhéanamh faoi mhúinteoir cláraithe.

Is féidir le múinteoirí agus baill den phobal a sheiceáil an bhfuil múinteoir cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta trí Chuardach a dhéanamh ar an gClár.

Ar chóir dom gearán a dhéanamh leis an scoil nó leis an gComhairle Mhúinteoireachta?

De gháth, ba chóir duit an gearán a dhéanamh ar dtús le scoil an mhúinteora sula mbreathnaíonn tú ar ghearán a dhéanamh leis an gComhairle Mhúinteoireachta. I gcuid mhór cásanna ní féidir linn gearán a fhiosrú go dtí go mbaintear triail as (nó go dtugtar chun críche) nósanna imeachta araíonachta na scoile (arna mbunú faoi alt 24 den Acht Oideachais, 1998)*, ach amháin má bhíonn cúiseanna maithe agus leordhóthanacha ann. Is faoin gCoiste Imscrúdaithe cinneadh a dhéanamh an bhfuil cúiseanna maithe agus leordhóthanacha ann. Áireofar mar chúiseanna maithe agus leordhóthanacha áit a bhfuil leanaí nó daoine fásta soghonta i mbaol díobhála, nó áit a bhféadfaidís a bheith i mbaol díobhála.

 * In Alt 28 den Acht Oideachais 1998, éilítear ar an Aire Oideachais agus Scileanna nós imeachta gearán agus nósanna imeachta eile a bhunú do scoláirí agus do thuismitheoirí. Déantar tagairt dó i reachtaíocht na Comhairle Múinteoireachta maidir le feidhmiúlacht chun múineadh. Ach, go dtí seo, níl an t-alt seo curtha i bhfeidhm ag an Aire. Nuair a chuireann an tAire alt 28 i bhfeidhm, de ghnáth ní bheimid in ann gearán a fhiosrú go dtí go mbaintear triail as nósanna imeachta gearán na scoile (arna bhunú faoi alt 28 den Acht Oideachais 1998). An eisceacht air seo ná má chinneann an Coiste Imscrúdaithe go bhfuil cúiseanna maithe agus leordhóthanacha ann le fiosrú a dhéanamh.

Cad iad na cineálacha gearán a dhéanann an Chomhairle Mhúinteoireachta a fhiosrú?

Ní féidir linn ach féachaint ar gearáin a bhaineann le múinteoirí cláraithe.

Is féidir linn gearáin a fhiosrú faoi na nithe seo a leanas:

  1. mí-iompar gairmiúil
  2. drochfheidhmíocht ghairmiúil
  3. ag tabhairt faoi iompar atá in aghaidh an Chóid Iompair Ghairmiúil do Mhúinteoirí
  4. gan a bheith ábalta teagasc a dhéanamh ó thaobh na sláinte de
  5. ciontú cúirte de bharr cionta áirithe
  6. mura gcomhlíontar nó má sháraítear foráil d’Achtanna na Comhairle Múinteoireachta 2001-2015, den Acht Oideachais, 1998, den Acht um Leas Oideachais, 2000, den Acht um Boird Oideachais agus Oiliúna, 2013, agus aon rialacháin, rialacha nó orduithe atá déanta faoi na hAchtanna sin
  7. mura gcomhlíontar gealltanas nó mura dtugtar aghaidh ar ghníomh atá sonraithe i dtoiliú atá tugtha do phainéal de Choiste Araíonachta na Comhairle ag fiosrúchán
  8. clárú mícheart mar gheall ar dhearbhú nó mífhaisnéis atá bréagach nó calaoiseach.

Is féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta í féin gearán a dhéanamh leis an gCoiste Imscrúdaithe i gcásanna áirithe a eascraíonn as na nithe seo a leanas:

  1. eolas atá i nochtadh grinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána a fuair an Chomhairle thar ceann fhostóirí na scoile nó fostóirí féideartha
  2. eolas atá i bhfógra araíonachta ó thír thar lear
  3. eolas a tháinig faoi bhráid na Comhairle cibé acu trí na meáin nó ar bhealach eile.

Bhí dáta thosach feidhme Chuid 5 (Feidhmiúlacht chun Múineadh) na nAchtanna Comhairle Múinteoireachta 2001-2015 ar an 25 Iúil 2016. De ghnáth ní féidir linn gearáin a fhiosrú ach amháin áit ar tharla na heachtraí a ndearnadh gearán fúthu ar an nó tar éis 25 Iúil 2016. Le haghaidh gearán maidir le mí-iompair gairmiúil agus le heachtraí a tharla roimh an 25 Iúil 2016, ní féidir leis an gCoiste Imscrúdaithe cinneadh a dhéanamh le leanúint ar aghaidh agus an gearán a mheas agus a fhiosrú ach amháin i gcásanna eisceachtúla.

Níl an Coiste i dteideal leanúint ar aghaidh ach amháin áit a gcreideann sí:

a) Gurb iompar é an t-iompar a ndearnadh gearán faoi, má chruthaítear é, ina mbeadh cion coiriúil i gceist nuair a tharla sé, agus

b) Gurb é an cineál iompair é go mbeadh ábhar imní bona fide réasúnta ann go bhféadfadh dúshaothrú nó mí-úsáid a dhéanamh ar leanbh nó ar dhuine soghonta go fisiciúil, go gnéasach nó go mothúchánach.

Ní mór gearán tromchúiseach a bheith i gceist leis an ngearán ionas gur féidir lenár gCoiste Imscrúdaithe é a chur ar aghaidh chuig ár gCoiste Araíonachta.

Cad ba chóir dom a dhéanamh má bhaineann mo ghearán faoi mhúinteoir cláraithe le cosaint leanaí nó le díobháil a dhéanamh do leanbh nó duine soghonta?

Má bhíonn imní ort go bhfuil leanaí nó daoine soghonta i mbaol, nó go bhféadfaidís a bheith i mbaol, go ndéanfaí díobháil dóibh, ba chóir duit é a chur in iúl dóibh seo a leanas:

  • an scoil, más cuí
  • TUSLA, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, nó
  • na Gardaí, más cuí.

B’fhéidir gur mian leat gearán a chur isteach chuig an gComhairle Mhúinteoireachta freisin.

An féidir liom gearán a chur isteach gan m'ainm a thabhairt?

Ní féidir. Le bheith in ann féachaint ar ghearáin, éilítear inár reachtaíocht nach mór dóibh a bheith curtha ar fáil i scríbhinn agus a bheith sínithe. Féach ar an bhfoirm gearán anseo (Béarla). Cuirfimid é in iúl don mhúinteoir cláraithe má fhaighimid gearán fúthu. Seolfaimid chuig an múinteoir cóip den ghearán, na doiciméid uile iniata agus aon eolas breise a fhaighimid faoin ngearán le linn phróiseas an ghearáin. San áireamh anseo beidh na doiciméid uile a thugann tú dúinn. Beidh deis ag an múinteoir freagra a thabhairt don Chomhairle Mhúinteoireachta maidir leis an ngearán.

An mbeadh aon chúiseanna ann nach ndéanfadh an Coiste Imscrúdaithe an gearán a fhiosrú?

Ní dhéanfaidh an Coiste Imscrúdaithe an gearán a fhiosrú más rud é:

1. nach bhfuil an múinteoir, an duine a bhfuil an ghearán á dhéanamh faoi nó fúithi, cláraithe leis an gComhairle Mhúínteoireacha

2. go gcreideann an Coiste Imscrúdaithe nach mbaineann do ghearán le feidhmiúlacht an mhúínteora chun múíneadh

3. nár baineadh triail as (nó nár tugadh chun críche) nósanna imeachta araíonachta na scoile (arna mbunú faoi alt 24 den Acht Oideachais, 1998) ach amháin má bhíonn cúiseanna maithe agus leordhóthanacha ann

4. gur tharla na nithe a bhfuil tú ag déanamh gearáin fúthu roimh insert commencement date. Sna cásanna seo, d'fhéadfadh an Coiste Imscrúaithe an gearán a fhiosrú I gcúínsí áirithe mar atá leagtha amach thuas.

Má dhéanann an Coiste Imscrúdaithe cinneadh gan an gearán a fhiosrú, tagann próiseas an ghearáín chun deiridh. Ní féidir achomarc a dhéanamh ar chinneadh an Choiste Imscrúdaithe.

An próiseas gearáin

Nuair a fhaighimid gearán, téann sé chuig Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta ar dtús agus chuig na baill foirne ábhartha. Breithneoidh an Stiúrthóir an gearán, agus

  1. féadfaidh sé diúltú don ghearán mura bhfuil sé i scríbhinn, mura bhfuil sé sínithe, agus murar cuireadh na doiciméid ábhartha agus an fhaisnéis ábhartha leis
  2. féadfaidh sé diúltú don ghearán má shíleann an Stiúrthóir gur gearán suaibhreosach nó cráiteach atá ann, go ndearnadh é de mheon mímhacánta nó gur mí-úsáid próisis atá ann, nó
  3. féadfaidh sé do ghearán a chur ar aghaidh go dtí an Coiste Imscrúdúcháin, a dhéanfaidh do ghearán a bhreithniú.

Má dhiúltaíonn an Stiúrthóir don ghearán féadfaidh tú achomharc a dhéanamh chun an Choiste Imscrúdúcháin in aghaidh chinneadh an Stiúrthóra.

Cén chaoi a ndéanfaidh an Coiste Imscrúdúcháin mo ghearán a iniúchadh?

Seolfaidh an Coiste Imscrúdúcháin cóip de do ghearán go dtí an múinteoir mar aon le cóip de gach doiciméad a bheidh faighte aige a bhaineann le do ghearán. Féadfaidh an Coiste iarraidh ar an múinteoir freagra i scríbhinn a thabhairt ar an ngearán.

D’fhéadfadh an Coiste Imscrúdúcháin a iarraidh ort breis eolais a chur isteach nó d’fhéadfadh sé a iarraidh ar an scoil, nó ar aon duine ábhartha eile, eolas a chur isteach. D’fhéadfadh an Coiste Imscrúdúcháin sainchomhairle nó sainchuidiú a lorg freisin.

Má thugann do ghearán le fios go mb’fhéidir nach bhfuil an múinteoir feidhmiúil ó thaobh sláinte de chun a bheith ag múineadh, d’fhéadfadh an Coiste Imscrúdúcháin iarraidh ar an múinteoir dul faoi scrúdú dochtúra. Is cruinniú príobháideach a bhíonn i ngach cruinniú den Choiste Imscrúdúcháin. Ní bheidh cead agat freastal ar na cruinnithe.

Maidir le gach comhfhreagras agus gach cáipéis a sheoltar chugat le linn don ghearán a bheith á bhreithniú ag an gCoiste Imscrúdúcháin, ba cheart a mheas go bhfuil sé príobháideach agus faoi rún.

An bhfeicfidh an múinteoir mo ghearán?

Feicfidh. Rachaimid i dteagmháil leis an múinteoir nuair a gheobhaimid gearán faoi/fúithi. Seolfaimid cóip de d’fhoirm ghearáin chuig an múinteoir agus cóip d’aon doiciméad a cuireadh isteach in éineacht leis an bhfoirm, agus cóip freisin d’aon eolas breise a sheolfaidh tú chugainn le linn an phróisis gearáin. Déanfar é sin chun go mbeidh an múinteoir in ann freagra a thabhairt ar do ghearán.

An bhfeicfidh an scoil ina bhfuil an múinteoir ag obair, nó fostóir an mhúinteora, mo ghearán?

Cuirfidh an Coiste Imscrúdúcháin fostóir an mhúinteora ar an eolas a luaithe is féidir má tá imní ann go bhfuil leanaí nó daoine leochaileacha i mbaol díobhála nó go bhféadfaidís a bheith i mbaol díobhála.

Rud eile de, d’fhéadfadh an Coiste Imscrúdúcháin eolas a lorg ó fhostóir an mhúinteora nó ón scoil ina bhfuil an múinteoir fostaithe mar chuid den imscrúdú ar do ghearán. Is é is dóichí, dá réir sin, go mbeidh fostóir an mhúinteora ar an eolas faoi do ghearán.

Tar éis don Choiste Imscrúdúcháin an gearán a bhreithniú, cuirfear cóip de chinneadh an Choiste Imscrúdúcháin ar fáil don fhostóir.

Má chinneann an Coiste Imscrúdúcháin an gearán a chur ar aghaidh go dtí an Coiste Araíonachta le haghaidh fiosrúcháin, cuirfimid toradh an fhiosrúcháin in iúl don fhostóir.

Céard a tharlóidh tar éis don Choiste Imscrúdúcháin mo ghearán a iniúchadh?

Féadfaidh an Coiste Imscrúdúcháin:-

  • cuid den ghearán nó an gearán ar fad a chur ar aghaidh go dtí an Coiste Araíonachta chun go ndéanfaí fiosrúchán

  • a chinneadh nach gá aon ghníomh eile a dhéanamh.

Má chinneann an Coiste Imscrúdúcháin nach gá aon ghníomh eile a dhéanamh, beidh deireadh leis an bpróiseas gearáin. Ní féidir achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh an Choiste Imscrúdúcháin.

Chun go ndéanfaidh an Coiste Imscrúdúcháin gearán a chur ar aghaidh go dtí an Coiste Araíonachta, caithfidh gur ábhar de chineál tromchúiseach a bheidh sa ghearán.

An gcuirfear toradh mo ghearáin in iúl dom?

Cuirfear, beimid i dteagmháil leat faoi thoradh do ghearáin.

Cé chomh fada agus a ghlacfaidh sé ar an gComhairle Mhúinteoireachta an gearán a fhiosrú?

Beidh gach gearán éagsúil ach tá sé mar aidhm againn go mbeadh cinneadh déanta ag an gCoiste Imscrúdaithe laistigh de idir sé mhí agus naoi mí ón data a fhaighimid gearán.

Má chinneann an Coiste do ghearán a chur ar aghaidh chuig an gCoiste Araíonachta le haghaidh fiosrúcháin, tá sé mar aidhm againn an fiosrúchán a bheith ann laistigh de shé mhí de dháta an atreoraithe seo.

D'fhéadfadh cúiseanna a bheith ann nach mbeadh smacht againn orthu agus d'fhéadfadh moill a bheith leis na gearáin a imscrúdú dá bharr. Mar shampla, d'fhéadfadh gearán a bheith mar ábhar imscrúdaithe An Gharda Síochána, agus d'fhéadfadh an Coiste Imscrúdaithe cinneadh a dhéanamh a imscrúdú féin a stopadh go dtí go dtagann an Gharda Síochána chun críche agus b'fhéidir go mbeadh roinnt mhaith ama i gceist leis seo. Coimeádfar tú suas chun data agus sinn ag féachaint ar do ghearán.

Cad nach féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta a dhéanamh le mo ghearán?

Ní féidir linn:

  1. gearáin a fhiosrú faoi dhuine ar bith nach múinteoir cláraithe é nó í
  2. cúiteamh a íoc leat nó cuidiú leat éileamh a dhéanamh le haghaidh cúitimh
  3. iarraidh ar an scoil nó ar fhostóir an mhúinteora do ghearán a fhiosrú
  4. iarraidh ar fhostóir an mhúinteora labhairt leis an múinteoir
  5. iallach a chur ar an múinteoir leithscéal a ghabháil leat
  6. comhairle dlí nó ghairmiúil a chur ort nó ionadaíocht dlí nó ghairmiúil a dhéanamh duit
  7. iallach a chur ar mhúinteoir rud éigin a dhéanamh duit
  8. aon saincheisteanna atá agat le scoil nó le heagraíocht a réiteach
  9. féachaint ar do ghearáin sula mbaintear triail as (nó sula dtugtar chun críche) nósanna imeachta araíonachta na scoile (arna mbunú faoi alt 24 den Acht Oideachais, 1998) ach amháin má chreideann an Coiste Imscrúdaithe go bhfuil cúiseanna maithe agus leordhóthanacha ann.

An féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta gearán a fhiosrú maidir le rud éigin a tharla lasmuigh d'Éirinn?

Is féidir. Is féidir linn gearáin a fhiosrú faoi eachtraí áirithe a tharla lasmuigh d'Éirinn ar chúiseanna lena n-áirítear mí-iompar garimiúil, drochfheidhmíocht ghairmiúil agus ciontuithe de bharr cionta áirithe.

An bhféadfadh an gearán a bheith bainteach le hiompar a tharla lasmuigh de thréimhse gairme an mhúinteora chláraithe?

D'fhéadfadh. Is féidir linn breathnú ar ghearáin a bhaineann le hábhair ar leith a bhaineann le hiompar lasmuigh de thréimhse gairme an mhúinteora chláraithe ar nós ciontuithe le haghaidh cionta áirithe, agus áit a bhfuil an t-iompar chomh tromchúiseach sin go dtarraingeofaí míchlú ar an ngairm.

An féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta gearán a fhiosrú maidir le rud éigin a tharla lasmuigh den scoil, le linn tréimhse gairme an mhúinteora?

Is féidir. D’fhéadfadh gearán in aghaidh múinteora chláraithe a bheith bainteach le gníomhaíocht ghairmiúil ar bith a bhaineann leis an scoil, nó le haon ghníomhaíocht nó ról ar thug siad fúithi/ faoi agus iad mar mhúinteoir cláraithe.

An féidir múinteoir a chur ar fionraí ón gclár le linn phróiseas an ghearáin?

De ghnáth ní athraíonn stádas cláraithe an mhúinteora nuair a fhaighimid gearán fúthu. Ach, d’fhéadfadh sé athrú má chruthaítear an gearán ag fiosrúchán. Ba chóir na nithe seo a leanas a thabhairt faoi deara:

I gcásanna áirithe, más gá, is féidir linn iarraidh ar an Ard-Chúirt clárú múinteora a chur ar fionraí faoi alt 47 d’Achtanna na Comhairle Múinteoireachta, 2001-2015, ar feadh tréimhse ama, má cheapaimid gur ar mhaithe le leas an phobail a leithéid a dhéanamh. Is é an Ard-Chúirt a dhéanann an cinneadh an t-ordú a cheadú. Go hiondúil chuirfí clárú an mhúinteora ar fionraí go dtí go bhfuilimid críochnaithe ag breathnú isteach sa ghearán.

Is annamh a bhíonn iarratais ma seo ann agus de ghnáth ní tharlaíonn siad ach amháin má bhíonn fíor-ábhar imní ann maidir le sábháilteacht an phobail. Is féidir é a chur in iúl don mhúinteoir agus cuireadh a thabhairt dó nó di freastal ar chruinniú sula ndéantar cinneadh iarratas a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt. Má dhéanaimid iarratas chuig an Ard-Chúirt agus má fhaighimid ordú Ard-Chúirte, cuirfimid é in iúl don mhúinteoir láithreach.

Ag brath ar théarmaí an ordaithe, b’fhéidir go mbeidh ar an múinteoir éirí as an obair láithreach nó b’fhéidir go mbeidh air nó uirthi éirí as an obair ar bhealach ar leith nó ról ar leith ar feadh tréimhse ama.

San áireamh in aon ordú ag an Ard-Chúirt, beidh treoir ann cibé an mbeidh an múinteoir fós ag fáil íocaíochta nuair atá an t-ordú i bhfeidhm.

Ar chóir dom comhairle nó ionadaíocht neamhspléach a fháil?

Níl aon dualgas ort comhairle nó ionadaíocht neamhspleách a fháil. B'fhéidir gur mian leat comhairle dlí nó tacaíocht eile a fháil ó chomhlactaí nó ó dhaoine eile. Ach, ní íocfaimid aon chúiteamh leat as costas ionadaíocht ar bith. Baineann sé seo leatsa.

Próiseas an fhiosrúcháin

Cad is fiosrúchán ann?

I gcuid mhór cásanna, is é a bheidh i gceist le fiosrúchán ná éisteacht ó bhéal os comhair painéil den Choiste Araíonachta. Tá sé cosúil le héisteachta os comhair cúirte nó binse. Tugann na finnéithe fianaise faoi mhionn.

Mar sin féin, is féidir leis an múinteoir iarraidh go dtabharfaí faoin bhfiosrúchán trí scrúdú a dhéanamh ar na doiciméid agus aighneachtaí ábhartha i scríbhinn seachas é a bheith mar éisteacht ó bhéal. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh painéal an Choiste Araíonachta iarraidh ar an múinteoir aontú go mbeidh an fiosrúchán ar siúl trí scrúdú a dhéanamh ar na doiciméid agus aighneachtaí ábhartha i scríbhinn. Déanfaidh painéal an Choiste Araíonachta cinneadh faoi cad é an cur chuige is oiriúnaí. Sa chuid is mó de na cásanna, is é éisteacht ó bhéal a bheidh ar siúl, go háirithe má bhíonn easaontas ann faoi na fíricí, nó má bhíonn siad faoi chaibidil.

Má bhíonn éisteacht ó bhéal ar siúl, cad é an ról a bheidh agam?

B’fhéidir go n-iarrfaimid ort fianaise a thabhairt, agus sa chás sin an ról atá agat ná a bheith mar fhinné. Le haghaidh tuilleadh eolais maidir leis an ról atá ag finné agus cad is féidir a bheith ag súil leis ag éisteacht ó bhéal, cliceáil anseo le haghaidh ár mbileoige Eolais d'Fhinnéithe.

Má bhíonn éisteacht ó bhéal ar siúl, an mbeidh sé ar siúl go poiblí nó go príobháideach?

Bíonn na héisteachtaí ar siúl go poiblí ach amháin má iarrann an múinteoir nó finné a bhféadfaí cúrsaí pearsanta a nochtadh faoi/fúithi ar an bpainéal an éisteacht nó cuid den éisteacht a bheith ar siúl go príobháideach, agus go bhfuil an painéal sásta go mbeadh sé oiriúnach a leithéid a dhéanamh. Má bhíonn éisteacht ar siúl go poiblí, féadfaidh an painéal aitheantas na ndaoine atá i gceist, an múinteoir san áireamh, a choimeád faoi rún.

Cé a bheidh i láthair sa seomra éisteachta?

Painéal an Choiste Araíonachta – san áireamh anseo beidh idir triúr agus cúigear, atá mar bhaill den Choiste Araíonachta. Beidh ball amháin den phainéal ag feidhmiú mar Chathaoirleach.

An Measúnóir Dlí – Is abhcóide atá i gceist anseo a shuífidh leis an bpainéal agus a chuirfidh comhairle orthu faoi na saincheisteanna dlí nó nós imeachta. Ní dhéanann an Measúnóir Dlí cinneadh ar cruthaíodh an gearán. Baineann sé seo leis an bpainéal amháin.

Ionadaí dlí an Stiúrthóra – san áireamh anseo d’fhéadfadh dlíodóirí nó abhcóidí a bheith i gceist a chuirfidh an cás i láthair thar ceann an Stiúrthóra.

Foireann na Comhairle Múinteoireachta – san áireamh anseo beidh an fhoireann iomchuí den Chomhairle Mhúinteoireachta.

An múinteoir cláraithe – an duine a bhfuil gearán á dhéanamh faoi nó fúithi.

Ionadaithe an mhúinteora – san áireamh anseo d’fhéadfadh ionadaithe dlí, ceardchumainn nó ionadaithe eile a bheith i gceist, a d’fhéadfadh gníomhú agus labhairt ar son an mhúinteora. Cuirfidh siad staid an mhúinteora faoi bhráid an phainéil agus cuirfidh siad ceisteanna ar na finnéithe maidir lena bhfianaise. Féadfaidh múinteoir cláraithe a chás nó a cás féin a chosaint.

An Luathscríbhneoir – déanann an duine seo an fhianaise ar fad a thugtar ag éisteacht a thaifeadadh.

An pobal – Má bhíonn an fiosrúchán ar siúl go poiblí, d’fhéadfadh baill den phobal a bheith i láthair, lena n-áirítear iriseoirí, chun féachaint ar na himeachtaí agus éisteacht leo. De ghnáth, suíonn siad ar chúl an tseomra éisteachta.

Má chuirtear mo ghearán ar aghaidh chuig an gCoiste Araíonachta le haghaidh fiosrúcháin, cad a d’fhéadfadh tarlú don mhúinteoir?

Déanfaidh painéal an Choiste Araíonachta a fhéachann ar do ghearán cinneadh an bhfuil an gearán cruthaithe agus cad iad na cúiseanna (mar shampla, mí-iompar gairmiúil, drochfheidhmíocht ghairmiúil, gan a bheith ábalta teagasc a dhéanamh ó thaobh na sláinte de, agus araile). De ghnáth, ní mór na gearáin a chruthú gan aon amhras réasúnta.

Má chruthaítear gearán agus má dhéantar cinneadh i gcoinne an mhúinteora, d’fhéadfadh painéal an Choiste Araíonachta a fhéachann ar do ghearán ceann amháin de na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  1. comhairle, rabhadh nó cáineadh a thabhairt don mhúinteoir
  2. coinníollacha a chur ar chlárú an mhúinteora
  3. an múinteoir a chur ar fionraí ón gclár ar feadh tréimhse ama sonraithe (suas le dhá bhliain). (Is é a bheadh i gceist leis seo nach mbeadh an múinteoir in ann teagasc a dhéanamh i bpost atá maoinithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna don tréimhse atá sé nó sí ar fionraí ón gclár)
  4. an múinteoir a bhaint den chlár agus gan ligean dó nó di iarratas a dhéanamh le bheith achurtha ar an gclár ar feadh tréimhse ama sonraithe.

(Mar mhúinteoir nach bhfuil cláraithe, ní bheadh an múinteoir in ann teagasc a dhéanamh ansin i bpost atá maoinithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna).

Cá mbeidh an éisteacht ó bhéal ar siúl?

Beidh an chuid is mó éisteachtaí ar siúl in oifigí na Comhairle Múinteoireachta ag Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara. Anois is arís, d’fhéadfadh na héisteachtaí a bheith ar siúl in áiteanna eile. Roimh an éisteacht, scríobhfaimid chugat leis an ionad, dáta agus am inar chóir duit a bheith i láthair.

Gluais Téarmaí

Rabhadh a thabhairt  casaoid daingean a thabhairt.

Cáineadh  fíor-mhíshástacht a léiriú.

Cód Iompair – Sa Chód Iompair Ghairmiúil do Mhúinteoirí tá treoir ann do mhúinteoirí. Ar an dáta nuair a foilsíodh an t-eolas seo, is é an leagan is déanaí den Chód Iompair ná an leagan a foilsíodh i mí an Mheithimh 2012 agus rinneadh é a nuashonrú ag tús feidhme Chuid 5 d’Achtanna na Comhairle Múinteoireachta, 2001-2015.

Gearánach – an duine a dhéanann gearán faoi mhúinteoir. Féadfaidh baill den phobal, fostóirí agus múinteoirí eile a bheith san áireamh anseo. Chomh maith leis sin, is féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta gearán a dhéanamh faoi mhúinteoir cláraithe.

Stiúrthóir – Príomhoifigeach Feidhmiúcháin na Comhairle Múinteoireachta.

An Coiste Araíonachta – an coiste sa Chomhairle Mhúinteoireachta óna gcuirtear le chéile an painéal a bheidh i mbun an fhiosrúcháin.

Fostóir – Bord Bainistíochta na scoile nó Príomhfheidhmeannach an Bhoird Oideachais agus Oiliúna (BOO) chuí a fhostaíonn an múinteoir atá i gceist.

Fianaise – an rud a deir finné ag éisteacht, agus na doiciméid nó taifid eile a dhéantar a scrúdú le linn na héisteachta.

Neamhthábhachtach – Beagthábhachtach nó fánach.

Fiosrúchán  éisteacht cosúil le héisteacht os comhair cúirte nó binse, nó scrúdú ar na doiciméid agus aighneachtaí ábhartha i scríbhinn.

An Coiste Imscrúdaithe – an coiste sa Chomhairle Mhúinteoireachta a chuireann an gearán san áireamh agus a dhéanann an cinneadh ar chóir é a chur ar aghaidh chuig an gCoiste Araíonachta le haghaidh fiosrúcháin.

Measúnóir Dlí – is abhcóide é seo a bheidh ina s(h)uí leis an bpainéal agus a chuirfidh comhairle orthu maidir le saincheisteanna dlí nó nós imeachta. Ní dhéanann an Measúnóir Dlí cinneadh an bhfuil an gearán cruthaithe. Baineann sé seo leis an bpainéal amháin.

Painéal – an grúpa de thriúr go cúigear a reáchtálann an fiosrúchán agus a dhéanann an cinneadh an bhfuil an cás cruthaithe nó nach bhfuil.

Drochfheidhmíocht ghairmiúil - gan na caighdeáin inniúlachta (cibé acu an mbaineann siad le cúrsaí eolais, scileanna nó eolas agus scil, nó an dá cheann a chur i ngníomh) a chomhlíonadh a mbeifí ag súil leo ó mhúinteoirí.

Mí-iompar gairmiúil – iompar náireach nó mí-ionraic le linn thréimhse gairme an mhúinteora, nó aon ní eile seachas sin le linn thréimhse gairme an mhúinteora más rud é go bhfuil an t-iompar chomh tromchúiseach sin go bhféadfaí míchlú a tharraingt ar ghairm na múinteoireachta.

Smachtbhanna  an cineál pionóis atá an Chomhairle Mhúinteoireachta in ann a leagan ar mhúinteoir.

Luathscríbhneoir - an duine a dhéanann an fhianaise a thugtar ag an bhfiosrúchán a thaifeadadh.

Míréasúnta – gearán atá déanta ag duine nach mbeadh ag feidhmiú de mheon macánta, gan chúis leordhóthanach, agus déanta le fearg a chur ar an múinteoir a bhfuiltear ag gearán faoi nó fúithi.

Duine soghonta – duine seachas leanbh :

  • atá ag fulaingt ó neamhord intinne, cíbe acu an é mar thoradh ar mheabhairghalar nó néaltrú, nó
  • atá faoi mhíchumas intleachta, nó
  • atá ag fulaingt ó mháchail fhisiceach, cíbe acu an é mar thoradh ar ghortú, tinneas nó
  • atá faoi mhíchumas fisiceach de chineál nó de mhéid is cúis
    • le srian a chur le hábaltacht an duine chun é nó í féin a chosaint ó bheith gortaithe ag duine eile, nó
    • le go mbíonn cuidiú de dhíth ar dhuine dá bharr leis na gnáthghníomhaíochtaí maireachtála lena n-áirítear tú féin a ghléasadh, ag ithe, ag siúl, ag ní agus tú féin a fholcadh.