An Chomhairle Mhúinteoireachta

Cad is an Chomhairle Mhúinteoireachta ann?

Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta an comhlacht do chaighdeáin ghairmiúla i ngairm na múinteoireachta. Éilíonn sí ardchaighdeáin ghairmiúla don mhúinteoireacht agus do mhúinteoirí a rianadh agus a chaomhnú. Déanann sí é seo ar mhaithe le daltaí agus le leas an phobail, ach chomh maith céanna ar mhaithe le cáil agus stádas na gairme. Bunaíodh í in 2016 faoin Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001 agus tá 37 comhalta ar an gComhairle, 22 díobh siúd atá ina múinteoir cláraithe.

Cad a dhéanann an Chomhairle Mhúinteoireachta?

Feidhmíonn an Chomhairle, agus í mar an chomhlacht gairmiúil don mhúinteoireacht in Éirinn, mar geatóir do ghairm na múinteoireachta ag an mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal, agus ag réimsí ar leith d'earnáil an bhreisoideachais. Deimhníonn an Chomhairle go seastar le caighdeáin i ngairm na múinteoireachta trí:

  • na riachtanais don iontráil chun na múinteoireachta a leagan amach
  • clár múinteoirí a chothabháil a shásaíonn riachtanais chlárúcháin na Comhairle
  • caighdeáin a bhunú agus monatóireacht a dhéanamh orthu do gach tréimhse in oideachas múinteoirí
  • Cód Iompair Ghairmiúil a fhorbairt agus a chur chun cinn, agus
  • gearáin a iniúchadh faoi fheidhmiúlacht chun múineadh na múinteoirí cláraithe. (Cuirfear tús leis seo go déanach in 2014.)

Cé hiad comhaltaí na Comhairle Múinteoireachta?

Tá an Chomhairle comhdhéanta de thríocha a seacht ball, mar seo a leanas:

  • Aon mhúinteoir déag bunscoile, naonúr tofa agus beirt ainmnithe ag ceardchumann na múinteoirí
  • Aon mhúinteoir déag iarbhunscoile, seachtar tofa agus ceathrar ainmnithe ag ceardchumainn na múinteoirí
  • Beirt ainmnithe ag comhlachtaí triú leibhéal sonraithe
  • Ceathrar ainmnithe ag bainistíocht scoileanna (beirt don bhunleibhéal agus beirt don iarbhunleibhéal)
  • Beirt ainmnithe ag cumainn tuismitheoirí (duine don bunleibhéal agus duine don iarbhunleibhéal)
  • Cúigear ainmnithe ag an Aire Oideachais agus Scileanna, lena n-áirítear ionadaí ó IBEC agus ionadaí ón ICTU.

Cad é struchtúr na Comhairle?

Faigheann an Chomhairle tacaíocht ina cuid oibre ó choistí agus painéil éagsúla, mar seo a leanas:

  • An Coiste Feidhmiúcháin
  • An Coiste Imscrúdaithe
  • An Coiste Araíonachta
  • An Coiste Clárúcháin
  • An Coiste Airgeadais
  • An Coiste Oideachais
  • An Coiste Iniúchóireachta
  • An Painéal Fianaise ar Charachtar
  • An Painéal Cáilíochtaí
  • An Painéal Clárúcháin

Conas a bhainfidh na múinteoirí tairbhe as an gComhairle Mhúinteoireachta?

Cuireann an Chomhairle Mhúinteoireachta na caighdeáin ghairmiúla sa mhúinteoireacht chun cinn ar mhaithe le leas an phobail. Cosnaíonn caighdeáin ghairmiúla cáil agus stádas ghairm na múinteoireachta.

Ó mhí Eanáir 2014 ar aghaidh, caithfidh aon mhúinteoir a íoctar ó chistí an Stáit a bheith cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta. Baineann múinteoirí tairbhe as an gclárú leis an gComhairle ar bhealaí éagsúla. Mar shampla:

  • Leis an gclárú faigheann múinteoirí aitheantas reachtúil maidir lena stádas gairmiúil agus aitheantas agus dearbhú maidir lena n-oideachas agus cáilíochtaí
  • Trí Chód Iompair Ghairmiúil, cuireann an Chomhairle treoir ghairmiúil ar fáil do mhúinteoirí
  • Leis an bhFeidhmiúlacht chun Múineadh déanfar gairm na múinteoireachta a chosaint trí mheicníocht gearán fhoirmiúil a bhunú
  • Cuireann an Chomhairle tacaíocht ar fáil ón aistriú ón gcoláiste go dtí an seomra ranga do mhúinteoirí nuacháilithe, trí ionduchtúchán agus promhadh
  • Tá rochtain saor in aisce ag múinteoirí cláraithe ar bhunachar sonraí taighde ar líne, EBSCO
  • Déanann an Chomhairle an ghairmiúlacht sa mhúinteoireacht a chur chun cinn agus a cheiliúradh gach bliain ag FÉILTE, féile oideachais i mbarr feabhais na foghlama agus na múinteoireachta.

San obair seo ar fad, beidh an deis ag múinteoirí, tríd an ionadaíocht atá acu ar an gComhairle, ról gníomhach a imirt agus na caighdeáin á leagan amach dá ngairm.

Cad é an difríocht idir an Chomhairle Mhúinteoireachta agus Ceardchumann Múinteoirí?

Tá róil ar leith ag na ceardchumainn múinteoirí idir tacaíocht phearsanta, ionadaíocht a dhéanamh agus idirbheartaíocht maidir le pá agus coinníollacha seirbhíse.

Díríonn an Chomhairle Mhúinteoireachta ar chúrsaí gairmiúla amháin.

Conas a chláraíonn múinteoirí leis an gComhairle Mhúinteoireachta?

Chun eolas a fháil faoi cé a d'fhéadfadh iarratas a dhéanamh le clárú agus maidir leis an nós imeachta atá i gceist, cliceáil anseo.