Ghrinnfhiosrú

Cén chaoi a gcuirfidh mé isteach ar grinnfhiosrúchán?

Tá miniú iomlán chun an phroiseáis grinnfhiosrúchán a chomhlánú ar fáil trí cliceáil ar an treoir chun iarratas a dhéanamh ar ghrinnfhiosrúchán nó ath-ghrinnfhiosrú.

Cad is grinnfhiosrúchán ann?

Tá grinnfhiosrúchán á rialú ag na hAchtanna um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (Leanaí agus Daoine Soghonta) 2012 go 2016 agus á riar ag an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (an Biúró) ar son eagraíochtaí ábhartha ina gcuireann na fostaithe/baill seirbhísí ar fáil do leanaí agus/nó daoine soghonta. Déanann an Biúró cuardach agus cinneann sé cé acu an bhfuil nó nach bhfuil taifid choiriúla agus/nó faisnéis shonraithe (féach ceist 12 do thuilleadh eolais) a mheaitseálann na sonraí pearsanta a thugann an t-iarratasóir ar an bhfoirm iarratais ar ghrinnfhiosrúchán.

Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta an eagraíocht ábhartha chun grinnfhiosrúchán a riar do mhúinteoirí in Éirinn. Cuirtear toradh an chuardaigh ghrinnfhiosrúcháin, ar a dtugtar an nochtadh grinnfhiosrúcháin, ar fáil do dhuine caidrimh údaraithe na Comhairle Múinteoireachta a chuireann ar fáil ansin é don mhúinteoir agus, más cuí, don scoil. Is féidir leis an múinteoir an nochtadh grinnfhiosrúcháin a chomhroinnt ansin le fostóirí/fostóirí ionchasacha.

Tá cuardaigh ghrinnfhiosrúcháin teoranta do sheoltaí in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann. Mar sin féin, i roinnt cásanna, féadfar taifid ó dhlínse thar lear a nochtadh.

Céard atá san ath-ghrinnfhiosrú?

Is é atá san ath-ghrinnfhiosrúchán, próiseas faoina n-iarrtar ar mhúinteoir a grinnfhiosraíodh cheana don chlárú tosaigh, iarratas grinnfhiosrúcháin eile a dhéanamh mar chuid dá (h)athnuachan clárúcháin.

Tá an Chomhairle Mhúinteoireachta ag cur tús le hath-ghrinnfhiosrú na múinteoirí cláraithe ar fad ar bhonn timthriall trí bliana.

Múinteoirí a bhfuil Nochtadh ón mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin acu atá trí bliana d’aois, eiseofar iarraidh ath-ghrinnfhiosrúcháin chucu ar bhonn pleanáilte.

Beidh baint ag an ath-ghrinnfhiosrúchán leis an athnuachan clárúcháin (Alt 33 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001-2015 (Béarla), agus Rialachán 4 de Rialacháin (Chlárúcháin) na Comhairle Múinteoireachta (Leasú), 2016 (S.I. 557/2016) (Béarla).

Beidh ar gach múinteoir dul faoi ath-ghrinnfhiosrúchán ar bhonn pleanáilte feasta.

Múinteoirí a n-eisítear fógraí ath-ghrinnfhiosrúcháin chucu, ba cheart dóibh déanamh mar a iarrtar orthu san achar ama a luaitear san fhógra ionas go mbeidh siad i dteideal a gclárú a athnuachan.

Cén rachtaíocht atá ábhartha maidir leis an ghrinnfhiosrú agus an ath-ghrinnfhiosrú?

Is le dhá phíosa reachtaíochta a cuireadh na ceanglais um ghrinnfhiosrúchán do mhúinteoirí ar bhonn reachtúil.

Faoi na hAchtanna um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (Leanaí agus Daoine Soghonta) 2012 go 2016, bunaíodh an Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (an Biúró) agus tháinig sé san ionad ar Láraonad Grinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána. Tá an Biúró freagrach as nochtuithe grinnfhiosrúcháin a eisiúint faoi shocruithe reachtúla na n-Achtanna.

Leis na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001 go 2015 bunaíodh an Chomhairle Mhúinteoireachta mar eagraíocht reachtúil ábhartha do ghrinnfhiosrúchán múinteoirí in Éirinn.                                                            

Le hAlt 12 de na hAchtanna um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (Leanaí agus Daoine Soghonta) 2012 go 2016 ceanglaítear ar údarás scoile, ach amháin más rud é go bhfuil feidhm le díolúintí áirithe (a leagtar amach i roinn 5.3 de Ciorclán 0031/2016 na Roinne Oideachais agus Scileanna), gan tús a chur le fostaí a fhostú (cibé faoi chonradh fostaíochta nó ar shlí eile) chun obair nó gníomhaíochtaí ábhartha a dhéanamh sula bhfaigheann an t-údarás scoile nochtadh grinnfhiosrúcháin ón mBiúró i dtaca leis an duine sin. Tá feidhm leis an gceanglas seo i dtaca le gach cineál ceapacháin d’fhad ar bith lena n-áirítear poist lánaimseartha, páirtaimseartha agus ionadaíochta. Is cion coiriúil a bheidh ann d’fhostóir gan an ceanglas reachtúil seo a chomhlíonadh.

Le hAlt 7(2)(b) de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001 go 2015 ceadaítear don Chomhairle Mhúinteoireachta nochtuithe grinnfhiosrúcháin a fháil nó a ghlacadh chun críche a róil mar eagraíocht ábhartha, i.e., do chúiseanna clárúcháin nó Feidhmiúlachta chun Múineadh, nó chun críche a róil mar eagraíocht ábhartha atá mar ionadaí ag eagraíocht ábhartha eile, i.e., fostóirí scoile, chun críche na nósanna imeachta grinnfhiosrúcháin faoi na hAchtanna um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (Leanaí agus Daoine Soghonta) 2012 go 2016.

Féach ar Grinnfhiosrúcháin Reachtaíocht agus Ciorcláin le haghaidh tuilleadh eolais ar grinnfhiosrúcháin le haghaidh clárú agus clárú a athnuachan (ath-ghrinnfhiosrú).

Cén chaoi a mbeidh a fhios agam go bhfuil ghrinnfhiosrúchán nó ath-ghrinnfhiosrú de dhíth orm?

Bíonn Nochtadh ón mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (BNG/NVB) de dhíth ar gach múinteoir, ar mhaithe le:

  • clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta
  • athnuachan clárúcháin (ath-ghrinnfhiosrúchán)
  • fostaíocht nua i scoil.

Clárúchán

Múinteoirí a dhéanann iarratas clárúcháin, bíonn orthu dul faoi ghrinnfhiosrúchán mar chuid den riachtanas maidir le duine cuí oiriúnach sula gceadófar ar an gclár iad, faoi mar a leagtar síos in Achtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001 - 2015 (arna leasú) faoi alt 31(5A) agus (5B), agus alt 9.1(b) agus alt 13 de Rialacháin (Chlárúcháin) na Comhairle Múinteoireachta (Leasú), 2016 (Béarla).

Athnuachan Clárúcháin nó Ath-ghrinnfhiosrúchán

Beidh Nochtadh ón mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin eisithe chuig na múinteoirí cláraithe ar fad a grinnfhiosraíodh tríd an gComhairle Mhúinteoireachta.

Múinteoirí a bhfuil Nochtadh ón BNG acu atá trí bliana d’aois, beidh orthu dul faoi ath-ghrinnfhiosrúchán ar bhonn pleanáilte.

Fostaíocht

Maidir le múinteoirí a dhéanann iarratas grinnfhiosrúcháin ar mhaithe le fostaíocht, tugtar na riachtanais in Ciorclán 0031/2016 (béarla) ón Roinn Oideachais agus Scileanna agus sna hAchtanna um an Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (Leanaí agus Daoine Soghonta) 2012 go 2016.

Múinteoirí cláraithe atá ag iarraidh a sonraí grinnfhiosrúcháin a sheiceáil, féadfaidh siad logáil isteach lena bpasfhocal ag an nasc anseo, chun a gcuid sonraí clárúcháin a bhreathnú/ a athrú. Nuair a bheidh logáil isteach rathúil déanta acu, beidh an t-eolas grinnfhiosrúcháin is déanaí atá ag an gComhairle Mhúinteoireachta le feiceáil faoin rogha ‘Sonraí Grinnfhiosrúcháin’.       

Tá nochtadh grinnfhiosrúcháin BNG (NVB) agam a eisíodh trí eagraíocht eile. An mbeidh orm ath-ghrinnfhiosrú a dhéanamh mar chuid de mo chlárú a athnuachan?

Beidh. Ní féidir leis an gComhairle glacadh le grinnfhiosrú nuair is triú páirtí a rinne. Grinnfhiosrú a dhéantar tríd an gComhairle, amháin, atá inghlactha chun clárú a athnuachan. Mar chuid den phróiseas athnuachana clárúcháin, tá an Chomhairle ag ath-ghrinnfhiosrú na múinteoirí ar fad a grinnfhiosraíodh sular bunaíodh an Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin, 29 Aibreán 2016.

Is é sin, tá an Chomhairle ag úsáid a cuid taifead féin chun a mheasúnú cé na múinteoirí a bhfuil ath-ghrinnfhiosrú de dhíth orthu. Má fuair tú iarraidh ghrinnfhiosrúcháin ón gComhairle, caithfidh tú déanamh dá réir chun do chlárú a athnuachan.

Cén chaoi a mbeidh a fhios agam cén uair ar gá dom tosú ar an bpróiseas ath-ghrinnfhiosrúcháin?

Scríobhfaidh an Chomhairle chuig gach múinteoir cláraithe a bhfuil nochtadh Grinnfhiosrúcháin BNG/NVB aige/aici atá trí bliana d’aois. Eiseofar na litreacha chuig na múinteoirí a bheidh i gceist ar bhonn céimnithe, roimh a ndáta athnuachana clárúcháin. Braithfidh am an fhógra ar dháta athnuachana clárúcháin an mhúinteora agus ar sceideal na Comhairle.

Caithfidh tú iarratas grinnfhiosrúcháin a dhéanamh nuair a iarrtar ort é chun do chlárúchán a athnuachan. Mura ndéanann tú iarratas grinnfhiosrúcháin nuair a iarrtar ort é, beidh an baol ann nach ndéanfar do chlárú a athnuachan agus go n-imeoidh tú den chlár. Chiallódh sé sin nach mbeifeá i dteideal tuarastal a fháil a íocann an Stát.

An mbeidh mé in ann mo chlárú a athnuachan mura ndéanaim de réir an fhógra?

Ní bheidh. Mura ndéanann tú iarratas ar ath-ghrinnfhiosrú nuair a iarrtar ort, tá an baol ann nach ndéanfar do chlárú a athnuachan agus go mbainfear den chlár thú. Múinteoirí a bhfuil clárú reatha acu leis an gComhairle Mhúinteoireachta, amháin, atá i dteideal tuarastal Stáit a fháil.

An mbeidh mé in ann mo chlárú a athnuachan mura bhfuil mo nochtadh ath-ghrinnfhiosrúcháin tagtha ar ais ón BNG (NVB) roimh mo dháta athnuachana?

Beidh. Múinteoirí a n-eisítear fógra ath-ghrinnfhiosrúcháin chucu agus a chuireann an próiseas iarratais ar ghrinnfhiosrú, próiseas dhá pháirt, i gcrích, measfar iad a bheith comhlíontach leis an ath-ghrinnfhiosrú, agus beidh siad i dteideal a dtáille athnuachana clárúcháin a íoc chun fanacht ar Chlár na Múinteoirí.

Más rud é go gcuireann an Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (BNG) an Nochtadh Grinnfhiosrúcháin ar ais i ndiaidh dháta athnuachana an mhúinteora, déanfar an clárú a athnuachan faoi réir cheadú na Comhairle.

Más rud é go gcuirtear ciontú/ faisnéis shonraithe ar ais, beidh an athnuachan faoi réir cheadú an Phainéil Fianaise ar Charachtar, painéal de chuid na Comhairle.

Ní mheasfar athnuachan chlárúcháin a bheith bailí go dtí go gcuirtear an Nochtadh ar ais, agus go dtí go ndéanann an Chomhairle é a phróiseáil.

An féidir liom m'ath-ghrinnfhiosrú a chur siar?

Ní féidir. Cuirfear scéala chugat sa phost nuair atáthar ag iarraidh ort cur isteach air.

Tá mé ar shos gairme/ le dur ar shos gairme. An gcaithfidh mé fós dul faoi ath-ghrinnfhiosrú?

Caithfidh. Na múinteoirí cláraithe ar fad atá ag iarraidh fanacht ar an gClár, caithfidh siad déanamh de réir iarraidh ath-ghrinnfhiosrúcháin na Comhairle is cuma cén stádas fostaíochta atá acu. Caithfidh tú iarratas ar ghrinnfhiosrú a dhéanamh nuair a iarrtar ort, chun do chlárú a athnuachan. Mura ndéanann tú iarratas ar ghrinnfhiosrú nuair a iarrtar ort, tá an baol ann nach ndéanfar do chlárú a athnuachan, agus go mbainfear den Chlár thú. Múinteoirí a bhfuil clárú reatha acu leis an gComhairle Mhúinteoireachta, amháin, atá i dteideal tuarastal Stáit a fháil.

Beidh mé ag dul ar scor. An bhfuil grinnfhiosrú fós de dhíth orm?

Nótáil le do thoil, má tá tú le dul ar scor i gcaitheamh mhíonna sa tsamhraidh, go gcaithfidh tú a bheith ar an gClár suas go dtí do dháta scoir, nó stopfar do thuarastal. Na múinteoirí cláraithe ar fad atá ag iarraidh fanacht ar an gClár, caithfidh siad déanamh de réir iarraidh ath-ghrinnfhiosrúcháin na Comhairle.

Caithfidh tú iarratas ar ghrinnfhiosrú a dhéanamh nuair a iarrtar ort, chun do chlárú a athnuachan. Mura gcuireann tú isteach ar an ngrinnfhiosrú nuair a iarrtar ort, tá an baol ann nach ndéanfar do chlárú a athnuachan, agus go mbainfear den Chlár thú. Múinteoiri a bhfuil clárú reatha acu leis an gComhairle Mhúinteoireachta, amháin, atá i dteideal tuarastal Stáit a fháil.

Ní gá do mhúinteoir ar scor a bheith cláraithe leis an gComhairle chun íocaíochtaí pinsin a fháil.

D'fhéadfainn a bheith ag cur isteach ar ardú céime nó ag aistriú go dtí scoil eile i mbliana. Ar choir dom fanacht ar chuireadh ón gComhairle Mhúinteoireachta leis an iarratas ar ath-ghrinnfhiosrú a dhéanamh?

Níor chóir. Beidh na riachtanais ghrinnfhiosrúcháin faoi Chiorclán 0031/2016 i bhfeidhm i gcónaí do gach múinteoir atá ag athrú fostaíochta. Beidh a cuid gnáthnósanna imeachta maidir le grinnfhiosrú i bhfeidhm ag an gComhairle Mhúinteoireachta i gcónaí don chlárú, agus dóibh siúd atá ag tosú i bhfostaíocht agus ag athrú fostaíochta.

Céard is nochtadh ann?

‘Nochtadh’ a thugtar ar gach toradh ar an bpróiseas grinnfhiosrúcháin.

Aicmítear nochtaí an Bhiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin -BNG (NVB) - ar dhá bhealach: Nochtadh Dada agus nochtadh Rian.

San áireamh sa nochtadh grinnfhiosrúcháin Dada bíonn:

  • ráiteas nach bhfuil aon taifead coiriúil ná faisnéis shonraithe ann maidir leis an duine (féach Ceist 19 le haghaidh breis eolais faoi Fhaisnéis Shonraithe).

San áireamh sa nochtadh grinnfhiosrúcháin (Rian) bíonn:

  • sonraí taifead coiriúil (más ann dó) an duine, agus ráiteas a thugann an fhaisnéis shonraithe (má ann di) faoin duine, a chinn Príomhoifigeach an Bhiúró nár mhiste a nochtadh i gcomhréir le halt 15 den Acht um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin.

Ní ceadmhach mionchiontuithe áirithe a nochtadh a tharla breis is seacht mbliana ó shin agus a mheastar a bheith spíonta, i gcomhréir le forálacha ábhartha an Achta um Cheartas Coiriúil (Ciontuithe Spíonta agus Nochtadh Áirithe), 2016. (Féach Ceist 20 le do thoil le haghaidh breis eolais).

An gcaithfidh seoladh ríomhphoist a bheith agam leis an bpróiseas grinnfhiosrúcháin a chur i gcrích?

Caithfidh. Tá réiteach ríomh-ghrinnfhiosrúcháin (grinnfhiosrú ar líne) ceaptha ag an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin lena chinntiú go mbeidh an próiseas grinnfhiosrúcháin cruinn agus sciobtha. Bíonn gá le seoladh ríomhphoist don ghrinnfhiosrú.

D'athraigh mé mo sheoladh ríomhphoist le cúpla mí anuas, cén chaoi a dtabharfaidh mé mo shonraí suas chun dáta?

Féadfaidh múinteoirí cláraithe a gcuid sonraí teagmhála a nuashonrú trí logáil isteach sa rannóg Mo Chlárú ar shuíomh gréasáin na Comhairle Múinteoireachta.

Tugaim faoi deara go gcaithfidh mé na seoltaí ar fad a bhí agam ó rugadh mé a thabhairt ar m'fhoirm iarratais grinnfhiosrúcháin. Ní cuimhin liom na sonraí ar fad maidir le gach áit ina raibh mé i mo chónaí. An bhfuil an fhaisnéis sin riachtanach?

Tá. Is ceanglas dlíthiúil é liosta de na seoltaí a bhí agat ó rugadh thú a chur ar fáil don Bhiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin ionas gur féidir na taifid a chuardach san ord ceart. Má tá bearnaí i stair do chuid seoltaí, cuirfear moill ar chúrsaí, agus d'fhéadfadh saincheisteanna eile a bheith ann maidir le d'iarratas ar ghrinnfhiosrú. Mura bhfuil tú in ann an t-eolas iomlán a thabhairt, tabhair oiread agus is féidir, le do thoil.

Fuair mé nasc ríomhphoist ón BNG (NVB) ag iarraidh orm na seoltaí ar fad a thabhairt a bhí agam ó rugadh mé. Cén fad ama atá agam leis an bhfoirm sin a líonadh?

Scríobhfaidh an Chomhairle chuig gach múinteoir cláraithe nach bhfuil nochtadh grinnfhiosrúcháin BNG (NVB) aige/aici atá trí bliana d’aois, ag cur in iúl dó/di go bhfuil sé riachtanach dul faoi ghrinnfhiosrúchán agus faoin tréimhse atá acu chun an dá chéim den phróiseas a chur i gcrích.

Cé go bhféadfaidh nasc ríomhphoist chuig suíomh gréasáin an Bhiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin fanacht beo go ceann 30 lá, is tréimhse ama é a bhaineann le córas an Bhiúró seachas le córas na Comhairle. Iarrtar ort an chéim sin den phróiseas a chur i gcrích láithreach bonn chun cloí leis na spriocanna atá leagtha síos ag an gComhairle.

Caithfidh tú iarratas grinnfhiosrúcháin a dhéanamh nuair a iarrtar ort é a dhéanamh agus sa tréimhse ama atá leagtha síos ag an gComhairle, chun do chlárú a athnuachan. Mura gcomhlíonfaidh tú an riachtanas dul faoi ghrinnfhiosrúchán, beidh an baol ann nach ndéanfar do chlárú a athnuachan agus go mbainfear den chlár thú. Chiallódh sé sin nach mbeifeá i dteideal tuarastal a fháil arna íoc ag an Stát.

Cén tslí a bhfaighidh mé an Nochtadh Grinnfhiosrúcháin (an Toradh)?

Cuirfear in iúl duit (tríd an seoladh ríomhphoist a d'úsáid tú agus d'iarratas ar ghrinnfhiosrú á dhéanamh agat) go bhfuil do nochtadh grinnfhiosrúcháin ar fáil lena bhreathnú. Eisítear nochtaí chuig múinteoirí trí Digitary, córas ar líne.

Cé chomh fada agus atá grinnfhiosrúchán bailí?

Ní mór do na múinteoirí go léir atá ag glacadh fostaíocht nua i scoil den chéad uair dul faoi ghrinnfhiosrúchán ag an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin. Is faoi d'fhostóir a bheidh sé a chinneadh cá fhad a bheidh nochtadh ón mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin bailí.

Táim ag déanamh iarratais ar chlárúcháin agus chónaigh mé thar lear níos mó ná trí bliana (36 mí) i ndiaidh aois 18. An gclúdaíonn grinnfhiosrúchán seoltaí thar lear?

Faoi láthair, déanann an Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin grinnfhiosrúchán ar sheoltaí in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann amháin. Toisc go bhfuil tú ag déanamh iarratais ar chlárúchán agus go raibh cónaí ort thar lear i ndiaidh aois 18 do thréimhse charnach trí bliana (36 mí) ní mór duit cóip dheimhnithe a sholáthar d’imréiteach póilíní do gach tír ina raibh cónaí ort. Ní mór do dheimhnithe tréimhse iomlán an chónaí i ngach tír a chlúdach.

Riachtanais i dtaca le cáipéisí ó thar lear

Ní gá do mhúinteoirí cláraithe deimhnithe imréitigh póilíní ó thar lear a sholáthar mar chuid den phróiseas grinnfhiosrúcháin.

An gcaithfidh mé imréitreach póilíní thar lear a chur ar fáil tharla gur múinteoir cláraithe mé a bhí i mo chonaí. An bhfuil an fhaisnéis sin riachtanach?

Ní chaithfidh. Ní gá dhuit imréiteach póilíní a chur ar fáil don tréimhse a chaith tú i do chónaí thar lear ós rud é gur múinteoir cláraithe thú. Baineann an riachtanas imréiteach póilíní thar lear a chur ar fáil le múinteoirí atá ag cur isteach ar chlárú den chéad uair (clárú tosaigh), amháin.

Céard atá i gceist le faisnéis shonraithe (bhog)?

Is é atá i gceist le faisnéis shonraithe, eolas faoi chinneadh nó líomhain go ndearnadh díobháil do dhuine eile, arna thaifeadadh ag an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin i ndiaidh imscrúdú de chuid An Gharda Síochána, na Gníomhaireachta um Leanaí agus an Teaghlach (TUSLA ), Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) nó eagraíocht eile atá liostaithe i sceideal 2 d’Achtanna an Bhiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin. Leagtar amach an próiseas faoina ndéanann an Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin faisnéis shonraithe a nochtadh in Achtanna an Bhiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin. I measc rudaí eile, caithfidh Príomhoifigeach an Bhiúró a bheith sásta go bhfuil an nochtadh riachtanach, comhréireach agus réasúnach sna himthosca chun leanaí agus daoine soghonta a chosaint.

Cuireann an Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin in iúl don iarratasóir ar ghrinnfhiosrú go bhfuil sé ar intinn acu faisnéis shonraithe a nochtadh, agus go bhfuil de cheart ag an iarratasóir achomharc a dhéanamh in aghaidh an nochta chun an Bhiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin i gcomhréir le nósanna imeachta reachtacha.  

An gceanglaítear ar an gComhairle Mhúinteoireachta faisnéis shonraithe a fhógairt don Bhiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin?

Ceanglaítear ar an gComhairle Mhúinteoireachta, mar eagraíocht sceidealta, de réir Alt 18 den Acht um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (Leanaí agus Daoine Soghonta), 2012 go 2016, faisnéis shonraithe a fhógairt don Bhiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin más rud é, tar éis imscrúdú, fiosrú nó próiseas rialála, go bhfuil imní bona fide ar an gComhairle Mhúinteoireachta go bhféadfadh an duine is ábhar don imscrúdú, don fhiosrú nó don phróiseas rialála sin—

(a) díobháil a dhéanamh d’aon leanbh nó d’aon duine soghonta,

(b) a chur faoi deara díobháil a dhéanamh d’aon leanbh nó d’aon duine soghonta,

(c) aon leanbh nó aon duine soghonta a chur i mbaol díobhála

(d) féachaint le díobháil a dhéanamh d’aon leanbh nó d’aon duine soghonta, nó

(e) duine eile a ghríosú chun díobháil a dhéanamh d’aon leanbh nó d’aon duine soghonta,

Cuirfidh an Chomhairle Mhúinteoireachta in iúl don duine sin go bhfuil imní bona fide uirthi agus go bhfuil sé ar intinn aici é a fhógairt don Bhiúró.

Féach Achtanna um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (Leanaí agus Daoine Soghonta), 2012 go 2016 (Béarla) le do thoil, le haghaidh tuilleadh eolais faoi Alt 19 den Acht.”

Céard atá i gceist le saoráid ghrinnfhiosrúcháin shlán, ar líne na Comhairle Múinteoireachta (Digitary)?

Eiseoidh an Chomhairle Mhúinteoireachta do nochtadh grinnfhiosrúcháin (toradh an ghrinnfhiosrúcháin) trí thairseach shlán, ar líne, ar a dtugtar Digitary. Réiteach gréasánbhunaithe é Digitary a chuireann ar chumas institiúidí doiciméid oifigiúla a eisiúint go slán sábháilte ar líne.

Féadfaidh múinteoirí rochtain a fháil ar thoradh a ngrinnfhiosrúcháin tríd an tairseach ghréasáin shlán. Féadfaidh siad toradh an ghrinnfhiosrúcháin a chomhroinnt ar líne, ar bhealach rialaithe iniúchta, le tríú páirtithe ina dhiaidh sin, lena n-áirítear scoil/fostóirí. Féadfaidh tríú páirtithe (e.g., fostóir), doiciméid chomhroinnte a fhíordheimhniú le cead úinéir an doiciméid, i.e., an múinteoir.

Réiteach doiciméid leictreonaigh atá inbhreisithe, idir-inoibrithe agus fíorshlán é an réiteach ar líne. Úsáideann sé Ríomhshínithe Ardleibhéil XML (XML Advanced Electronic Signatures - XAdES) agus ceadchomharthaí cripteagrafacha deimhnithe leibhéal 3 FIPS 140-3 (FIPS 140-3 level 3 certified cryptographic tokens) chun Ríomhshínithe Cáilithe a tháirgeadh de réir Threoir an AE le haghaidh Ríomhshínithe, 1999/93/CE.

Gheofar breis eolais faoin réiteach ar líne anseo.

An féidir liom diúltú dul faoi ghrinnfhiosrúchán?

Tá sé riachtanach duit dul faoi ghrinnfhiosrúchán i láthair na huaire sna cúinsí seo a leanas: -

  • don chlárú tosaigh, tá sé riachtanach do gach iarratasóir clárúcháin dul faoi ghrinnfhiosrú.
  • don athnuachan clárúcháin (más rud é gur eisíodh fógra grinnfhiosrúcháin chugat).

Maidir le múinteoir cláraithe nach bhfuil in ann fógra ath-ghrinnfhiosrúcháin a chomhlíonadh nó a dhiúltaíonn é a dhéanamh, tabharfar deis dó/di aighneacht a chur faoi bhráid na Comhairle agus na cúiseanna a thabhairt nár chomhlíon sé/sí an iarraidh. Beidh air/uirthi fianaise a chur ar fáil freisin gur duine cuí oiriúnach é/í lena c(h)oinneáil ar an gclár. Nuair a dhéanfar a (h)aighneacht a bhreithniú, féadfaidh an Painéal Fianaise ar Charachtar sa Chomhairle athnuachan clárúcháin a cheadú agus coinníoll ag gabháil leis nó gan coinníoll ag gabháil leis, nó d’fhéadfadh an Painéal diúltú clárú an mhúinteora a athnuachan.

An bhfuil táille ar ghrinnfhiosrúchán?

Níl aon táille ar ghrinnfhiosrúchán.

An gcaithfidh mé gach ciontú a nochtadh?

Más rud é go bhfuil iarratas ar nochtadh grinnfhiosrúcháin á chur faoi bhráid an Bhiúró agat, ceanglaítear ort sonraí gach ciontaithe a thabhairt mar chuid den iarratas, seachas ciontuithe lena mbaineann alt 14A d’Achtanna an Bhiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin. Gheofar breis eolais anseo (Béarla). Mura bhfuil tú cinnte de do stádas maidir le cion ar leith lorg an chomhairle dlí chuí, le do thoil.

Cé a dhéanann an Chomhairle Mhúinteoireachta iarratas ar ghrinnfhiosrúchán ar a shon?

Nuair atá duine ag lorg grinnfhiosrúcháin do chúiseanna clárúcháin, déanann an Chomhairle iarrtas ar ghrinnfhiosrúchán ar a son féin le toiliú an mhúinteora/iarratasóra.

Má tá duine ag lorg grinnfhiosrúcháin do chúiseanna fostaíochta déanann an Chomhairle Mhúinteoireachta iarratas ar ghrinnfhiosrúchán ina ról mar ‘eagraíocht ábhartha’ ar son scoile aitheanta / fostóra le toiliú an mhúinteora do chúiseanna na nósanna imeachta grinnfhiosrúcháin faoin Acht um an Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin. 

An gcuirfidh an Chomhairle an nochtadh ar fáil do m'fhostóir go díreach?

Ní chuirfidh. Faoi alt 33 de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001-2015 (Béarla), is ceadmhach don Chomhairle an fhaisnéis sa nochtadh grinnfhiosrúcháin a chur ar fáil do d’fhostóir sna cásanna sin amháin ina mbeadh an t-eolas a fhaightear ón BNG ina ábhar imní bona fide maidir le díobháil do leanbh nó do dhuine soghonta. Féadfaidh múinteoirí an nochtadh grinnfhiosrúcháin a chomhroinnt lena bhfostóir(í) scoile nuair a bheidh an próiseas grinnfhiosrúcháin curtha i gcrích acu.

Má léirítear cionta ar mo nochtadh, an ndéanfaidh siad difríocht do mo stádas mar mhúinteoir cláraithe?

Mar chuid den phróiseas athnuachana clárúcháin, tá oibleagáid le dlí ar an gComhairle gach nochtadh a athbhreithniú a chuireann an Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin ar ais chun í féin a shásamh gur duine cuí oiriúnach an múinteoir cláraithe lena c(h)lárú a athnuachan.

Is é Painéal Fianaise ar Charachtar na Comhairle Múinteoireachta atá freagrach as measúnuithe a dhéanamh i leith duine cuí oiriúnach i gcás iarratasóirí ar chlárú tosaigh agus ar chlárú a athnuachan (ath-ghrinnfhiosrú).

Céard é an próiseas measúnaithe ‘Duine Cuí Oiriúnach’?

Má fhaigheann an Chomhairle Mhúinteoireachta Nochtadh Trace (“Trace Disclosure”) ar ais ón mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin, ansin d’fhéadfadh go mbeadh an múinteoir cláraithe atá i gceist faoi réir phróiseas Measúnaithe na Comhairle i leith Duine Cuí Oiriúnach, faoi Alt 33 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001-2015.

Is iad an Painéal Fianaise ar Charachtar, painéal de chuid na Comhairle Múinteoireachta, atá freagrach as measúnuithe a dhéanamh i leith duine cuí oiriúnach. Má dhiúltaíonn an Painéal iarratasóir a chlárú nó má chuireann siad coinníollacha le clárú an iarratasóra, féadfaidh an t‑iarratasóir / an múinteoir iarraidh ar Ghrúpa Athbhreithnithe an Choiste Chlárúcháin cinneadh an Phainéil a athbhreithniú.

Tá an Chomhairle Mhúinteoireachta tar éis na doiciméid seo a leanas a chur ann chun cuidiú leis an bPainéal Fianaise ar Charachtar agus leis an nGrúpa Athbhreithnithe agus iad i mbun Measúnachta maidir le cuibheas agus oiriúnacht.

Cé na himthosca inar féidir múinteoir a fhionraí ón gclár?

Is ceadmhach don Chomhairle, ag féachaint don eolas i nochtadh grinnfhiosrúcháin múinteora chláraithe, iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte faoi alt 47 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001-2015 ar ordú go mbeidh clárú an mhúinteora chláraithe ar fionraí le linn na tréimhse a shonraítear san ordú, más rud é go bhfuil an Chomhairle sásta gurb é leas an phobail déanamh amhlaidh

An gcaithfidh mé mo chuid seoltaí thar lear a thabhairt freisin nuair a bheidh mo liosta seoltaí á líonadh isteach agam don ghrinnfhiosrú BNG (NVB)?

Is ea, caithfidh tú na seoltaí ar fad a thabhairt a bhí agat ó rugadh thú go dtí an lá inniu, seoltaí thar lear san áireamh.

Cliceáil anseo le haghaidh breis eolais faoin nGrinnfhiosrú BNG (NVB).

Cuireadh in iúl dom go bhfuil nochtadh grinnfhiosrúcháin agam. Céard a chiallaíonn sé sin?

Nochtadh (disclosure) an téarma a úsáideann an Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (BNG/NVB) do thoradh an ghrinnfhiosrúcháin. ‘Nil’ nó ‘Trace’ a bheidh i gceist.

Más ‘Nil’ atá sa nochtadh, ciallaíonn sé nár nochtadh aon ionchúiseamh a bheith ann ná cás cúirte ag feitheamh.

Más ‘Trace’ atá sa nochtadh, ciallaíonn sé gur nochtadh ionchúiseamh agus/nó cás cúirte ag feitheamh.osrúcháin sa phost mar aon le cruthúnas ID agus cruthúnas ar sheoladh baile. Cén fáth a bhfuiltear á rá liom go bhfuil an próiseas le cur i gcrích agam go fóill?

Sheol mé m’iarratas grinnfhiosrúcháin ar líne mar aon le cruthúnas ID agus cruthúnas ar sheoladh baile. Cén fáth a bhfuiltear á rá liom go bhfuil an próiseas le cur i gcrích agam go fóill?

Is próiseas iarratais dhá chéim atá sa ghrinnfhiosrú.

  • Is é atá i gCéim 1, d’iarratas a sheoladh sa phost.
  • Nuair a bheidh céim 1 déanta agat, caithfidh tú cliceáil ar an nasc don Bhiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (BNG/NVB) a cuireadh go dtí do sheoladh ríomhphoist agus Céim 2 a chur i gcrích.
(Mura bhfuair tú nasc don BNG (NVB), seiceáil na fillteáin Bruscar (Junk) agus Turscar (Spam) i do chuntas ríomhphoist)

Cén fáth a bhfuiltear á rá liom go bhfuil an próiseas le cur i gcrích agam go fóill?

Fuair tú litir eile mar gur gineadh sa chóras í sula raibh d’iarratas curtha i gcrích agat.